Omerta i saol na Gaeilge

anspeallaireOmerta an rud a thugtar ar an ngeasa atá ar bhaill den Mafia gan a bheith ag labhairt le daoine taobh den teaghlach choiriúil sin faoi chúrsaí gnó.

Nílim ag maíomh go bhfuil saol na Gaeilge ina theaghlach choiriúil – ach táim den tuairim go bhfuil rud éigean ar nós ‘Omerta’ i réim maidir leis an slí a théimíd i ngleic leis an domhan lasmuigh.

B’fhéidir nach íontas é sin. Tá saol na Gaeilge ana chúng.

Sampla den ‘Omerta’ seo an méid atá ráite in eagrán na deireadh seachtaine seo de Foinse, ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ faoi scéal Comhar, scéal a thug iGaeilge chun solais le déanaí.

I gcolún An Speallaire, cibé duine é nó í féin, tá tagairt déanta arís do scéal in iGaeilge. Beidh orm tosnú ag lorg táille ríogachta ó Foinse….

Creidimse, mar a dúirt mé sa scéal thuas luaite, go bhfuil sé tabhachtach an eagothromas soiléir idir irisí ar nós Comhar, atá maoiniú á fháil acu atá as chuimse le caighdeán na h-irise, agus nós*, iris atá snásta agus bríomhar in ainneoin nach bhfuil aon deontas á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge. Nior iarr lucht nós* orm an méid a dúirt mé a rá anseo.

Ansan foilsítear scéal sa Sunday Tribune, nuachtán atá traidisiún aige scéalta den chineál seo faoin nGaeilge a fhoilsiú. Dar leis an nuachtán sin is ionann gach pingin a chaitear ar an nGaeilge agus pingin caite amú. Anuas ar sin tá scéalta cailleach an uafáis foilsithe ann le blianta beaga anuas faoi na ‘céadta milliún’ a bheith caite ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Sna scéalta sin, deineadh tuairisciú ar an méid a dúirt foinsí sa Seirbhís Phoiblí faoin ‘imní’ a bhí orthu go gcaithfear na céadta milliún ar aistriúcháin Ghaeilge ar chaipéisí Béarla, cáipéisí nach léitear i mBéarla fiú, rud atá ráite agam go minic.

[I dtuairisc eile ar Foinse, tá sé luaite leis an Seanadóir Jerry Buttimer(Fine Gael) go bhfuil sé sin ag lorg athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla de bharr go bhfuil caipéisí nach bhfuil á léamh i mBéarla á aistriú go Gaeilge.]

Ar ais go dtí an Speallaire. Tágraíonn an Speallaire don scéal a bhí ar iGaeilge faoi Comhar agus an airgead a bhí á chaitheamh air ach leag an cholúnaí béim ar an liamhainn a rinne duine amháin a thug freagra ar scéal iGaeilge, gur sceitheas an scéal leis an Tribune.

Sa chéad dul síos, níor dheineas a leitheid. Ní rithfeadh sé liom scéal a chur chuig an Sunday Tribune – agus is cinnte nach gcuirfinn leagan míchruinn den scéal chuig nuachtán ar bith.

Ach nach bhfuil sé aisteach go mbeadh colúnaí i bpríomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge chomh buartha faoi ‘foinse’ an scéil sa Tribune, seachas sa scéal é féin ina bhfuil proiséas ‘neamh chaighdeánach’ Fhoras na Gaeilge maidir le bronnadh an chonartha d’iris mhíosúil na Gaeilge faoi chaibidil?

Ritheann sé liom go bhfuil ceangal laidir idir Foinse agus Comhar, ceangal a tugadh faoi ndeara nuair a bhí an chonspóid faoi chaidreamh iar eagarthóir Comhar, Aindrias Ó Cathasaigh, le bórd na h-irise, i mbéal an phobail anuraidh.

Tá eagarthóir shealadach Comhar, Pól Ó Muirí, ina cholúnaí le fada an lá le Foinse agus ní chailleann sé deis cás an nuachtáin sin a cheiliúradh ina cholún san Irish Times. Agus ansan, i mí Feabhra, b’é cuairt eagarthóir Foinse, Seán Tadhg Ó Gairbhí, ar Washington le h-aghaidh insealbhú Barack Obama príomh scéal Comhar.

Sílim gurb é an rud is cineálta a fhéadfaí a rá faoin bproiséas faoinar bronnadh conradh nua ar Comhar ná raibh sé den chaighdeán. Séanadh an chonradh ar Comhar i nDeireadh Fómhair 2007 agus cinneadh ag an gcruinniú céanna de bhórd an Fhorais go ndeanfaí an chonradh a athfhogairt sa bhliain úr. Nior tharla aon athfhogairt agus, in áit sin, bronnadh an conradh, conradh a bhí geall leis dhá oiread chomh mór leis an chonradh a bhi ag an iris roimhe, ar Comhar.

Agus mura n-aithníonn príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge go bhfuil lúb ar lár ansin, tá dul amú air. Agus má aithníonn – agus is dócha gur féidir a rá go n-aithníonn nó bhí An Speallaire scrúpalach sa bhealach nár luaigh sé an phríomh phointe sa scéal a bhí ag iGaeilge faoi Comhar ag eirí as an alt sa Sunday Tribune, tá ceisteanna le tógaint faoi neamhspleachas agus caighdeáin iriseoireachta ag an bpríomh nuachtán náisiúnta Ghaeilge.

9 dtuairim ar “Omerta i saol na Gaeilge

  1. Philip Cummings

    Maidir leis an seanchnámh seo faoi cháipéisí nach léitear i mBéarla a bheith ag aistriú go Gaeilge, agus an cur amú airgid dá bharr, tagaim ar ais chuig an phointe seo: dé réir mo thuisceána ar an reachtaíocht, caithfear na cáipéisí a fhoilsiú i nGaeilge amháin, nó i nGaeilge agus i mBéarla. Mar sin, ní gá iad a aistriú ar chor ar bith – scríobh an diabhail rudaí i nGaeilge sa chéad dul síos agus ná bac leis an Bhéarla….

    Freagra
  2. Ursula

    Do léas féin an t-alt sa Tribune agus bhí alltacht orm faoin méid airgid atá á fháil ag Comhar. D’fhéadfaí na hailt chéanna a fhoilsiú (a chraoladh?) ar an idirlíon ar fíorbheagán costais agus níos mó léitheoirí a shroichint (gan trácht ar pháipéar a shábháil). Sampla eile den slí a chuireann Foras na Gaeilge airgead amú… tá gá le níos mó daoine óga (nó cumasacha) sa bhForas a thuigeann meáin chumarsáide na linne seo

    Freagra
  3. greavsie

    Achoimre ar do bhlag: ionsaí ghránna ar Fhoras na GAeilge (mar gur thuig siad gur cur amú airgid a bhí in Lá), ionsaí ghránna ar Shinn Féin (mar go ndearna siad an rud freagrach mar bhaill de bhord an Fhorais), ionsaí ghránna ar Chomhar (mar nár thug siad post duit), ionsaí ghránna ar Foinse (mar nár thug siad post duit), moladh mór do Nós (mar gur thug siad post duit)agus maslaí do chlúdach Gaeilge an Irish Times (cé go bhfuil i mo thuairimse i bhfad níos mó éagsúlacht ann agus caighdeán Gaeilge is litriú le dealramh!)

    Freagra
  4. amhlaoibh O hiodrascail

    Is fíor go mbíonn Conchubar ag caint faoi na hábhair sin a luaigh tú ach cén fáth nach mbeadh? B’fhearr liom é sin ná athléamh ar a bhfuil i bpáipéirí an Domhnaigh. Lean ort a Chonchubhair mhisneach

    Freagra
  5. greavsie

    mar a dúirt mé leat ó chianaibh a Amhlaoibh ‘red nose day’ seachas ‘brown nose day’ atá ann

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá cead ag Greavsie a thuairimí a nochtadh anseo fiú má tá siad granna is mailíseach is leath bhacáilte.

    Cúpla rud mar eolas don chraiteachán. Ní h-aon rún é gur chuir mé isteach ar phost i gComhar i bhfad roimhe seo, trath gur cheap mé gur aiseirí i bhfirinne a bheadh i gceist leis an iris. Ní shin mar a tharla agus anois is truamhéileach é mar scath ar na scríobhnóirí breatha a bhíodh ag scríobh do Comhar ag tús aimsire.

    Nior chuir mé isteach ar phost i bhFoinse. Nior chuir mé isteach ar phost i Nós – chuir mé alt ar fáil doibh uair amháin agus foilsíodh é. Ní raibh aon cheist faoi íocaíocht. Bhí mé sasta cuidiú. Sin an méid.

    Arís, áfach, tógaim an cheist fút féin a Greavsie. Cé tusa? Céard atá le ceilt agat go bhfuil tú ag teacht anseo, suíomh a cheapann tú bheith leadránach, agus tú ag foilsiú do theachtaireachtai bhinibeacha faoi mar a fhagadh gadhar do chomharsan ‘teachtaireacht’ ar d’fhaiche agus gan d’ainm féin a cheangal le na teachtaireachtaí céanna?

    Má cheapann tú go bhfuilim ag íonsaí an Fhorais, tá dul amú ort, Is amlaidh go bhfuilim ag iarraidh an comhlacht tras teorainn teanga a thabhairt slán ón mhí bhainistiú atá á dhéanamh air faoi láthair. Céard eile a thabharfaí ach míbhainistíocht ar bhainistíocht nach féidir leo a gcuid cúntais nó a gcuid tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú go dtí go mbionn cúig bliana cáite….

    Maidir le SF, tá mo sheasamh ar an bpairtí sin soiléir. Ní doigh liom gur ar shon na Gaeilge atá siad.

    Sílim nach mé an t-aon duine amháin a thug faoi ndeara an chaidreamh dhrúisiúil idir Foinse agus eagarthóir Ghaeilge an Irish Times agus conas mar a imríonn sin tionchar ar an dhá fhoilseachán.

    Freagra
  7. Séamas Ó Neachtain

    Tá tuiscint ann ar an idirlíon nach mbíonn aon toradh ar troll a fhreagairt, a chara.

    Maidir leis na cáipéisí nach léitear as Béarla, nach é an caitheamh amú airgid iad a chumadh den chéad uair? Má dhéantar, cuirtear i nGaeilge iad. Ná déantar rudaí nach fiú tada!

    Maidir le saol na Gaeilge, insíolú atá i gceist, faraor.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s