Ná bímís ag feitheamh ar phlean Uí Chuív…

príomh alt agus eagarfhocal Foinse dírithe ar an Aire Uí Chuív an tseachtain seo agus gearán ann faoin mhoill ar an bplean chlúiteach seo chun an Ghaeilge a athréimniú sa Ghaeltacht agus 250,000 cainteoir laethúil a chruthú sa tír ar fad.

Dá mbeinnse ina gcás, ag foilsiú nuachtáin Ghaeilge, is dócha go mbeinn ag déanamh amhlaidh. Ach seo an rud, má chreidimíd fianaise ár súl féin nó an méid a tuairiscíodh sa Staidéar Teangaeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, táimíd go mór ar chúl sa rás seo in éadan an chloig.

Tic. Toc.

Gan amhras, fiú má fhoilsítear an phleán seo roimh an Samhradh, cad is fiú é bheith foilsithe? An nochtfar ann aon rún nach bhfuil ar eolas againn? An ndallfar sinn lena fhoirfeacht?

Ní chreidim é.

Sílim gur ghá leanúint ar aghaidh beag bheann ar phlean agus an Ghaeilge a ‘chur chun cinn’ i do cheantar féin. Ní go náisiúnta a dheinfear an dul chun cinn is suntasaí – ach go h-áitiúil nó fiú i do theaghlach féin.

Táim féin ag obair i gComharchumann Forbartha Mhúscraí agus is é sin an rud atá ar bun agam agus daoine eile sa cheantar atá ag iarraidh Gaoluinn Mhúscraí a thabhairt slán don chéad glúin eile – agus sult a bhaint aistí sinn féin.

An tseachtain seo chaite bhí an chéad oíche againn de chumann scannáin nua, Cumann Scannáin Dhoire’n Chuilinn, agus bhí an scannánaí Bob Quinn i láthair chun labhairt le slua deas a bhailigh san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne chun faire ar an scannán ceannródach a léirigh sé ag tús na 70í, Caoineadh Airt Uí Laoghaire. B’fhiú go mór é.

Beidh scannáin eile á thaispeáint againn ag tús mí Aibreáin agus Bealtaine. Idir sin agus seo beidh trathnóna Comhluadar ann i gceann seachtaine, ar 21ú Márta, leis an scéalaí, Seán Ó Laoghaire, agus beidh sin ar siúl sa Mhuileann i mBaile Mhuirne.

Tá go leor rudaí dá leitheid ar bun ar fud na tíre. Léiriú iad ar an cineál rud ar féidir a dhéanamh le beagán oibre agus iarrachta.

Ach Dia idir sinn agus bheith ag feitheamh ar phlean, fiú má bhionn sé foirfe, ón Rialtas chun an Ghaoluinn a shlánú!

11 de thuairimí ar “Ná bímís ag feitheamh ar phlean Uí Chuív…

  1. séamus Mac Seáin

    maith thú a Choncubhair
    “déan go háitiúl é agus in do theach féin ach go háirithe” sin gairm chatha do shlánú na Gaeilge sa 21ú aois agus go tí an diabhail leis na hollphleananna náisiúnta

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubhair is docha go bhfuil an ceart agat.Cén maitheas plean ach gniomhú ar son na teanga.Tá na seilfeanna plodaithe le hollpleananna tríd na bliana agus níor dhein sé aon dul chun cinn ar son na Gaoluinne. Caithfidh daoine seilbh a ghlacadh ar an teanga dóibh féin.

    Freagra
  3. Seán Mór

    An ceart ar fad agat a Chonchúir. An Plean is Fearr an Plean ar Lár! Tá gá le pleanáil cinnte, ach i ndáiríribh is mó mo mheas ar ghníomhaíochtaí áitiúla gan mórán róphleanáil i gceist…

    Freagra
  4. amhlaoibh O hiodrascail

    Is dócha go bhfuil an ceart ach a Chonchubhair ach nár cheart go mbeadh plean mór ann le comhordnú a dhéanamh ar an obair logánta.
    Ps Bainim an-sásamh go deo as do bhlag. Bíonn rud éicint le rá agat i gcónaí agus dá réir sin is fiú i gcónaí é a léamh cé nach mbeinn ag teacht leat faoi chuile rud

    Freagra
  5. greavsie

    Éirigh as do phlámás a hAmhlaoibh. ‘Red Nose day’ atá ann seachas ‘brown nose day.’

    Freagra
  6. Séamas Ó Neachtain

    “Ní go náisiúnta a dheinfear an dul chun cinn is suntasaí – ach go h-áitiúil nó fiú i do theaghlach féin.” Abair é!

    Ní dóigh liom go bhfoilseofar an Plean sula ndéantar cúpla coimisiúin eile chun staidéar a dhéanamh ar an dóigh is fearr chun plean a dhéanamh maidir le conas an Plean a fhoilsiú…

    Freagra
  7. greavsie

    Dála an scéil feicim go mbíonn an blag seo an-chiúin ag an deireadh seachtaine nó ar lá saoire bainc. An bhfuil aon seans gurb é an obair áitiúil tábhachtach a bhíonn ar siúl agat i gComharchumann Forbartha Mhúscraí ná blaganna móra feargacha (agus leadránacha) a scríobh?

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Tugaim faoi ndeara go mbaineann tú feidhm as ainm chleite is tú ag postáil anseo, Greavesie, rud a dheineann tú níos minicí ná mar a bheadh le déanamh ag an t-é a cheapfadh go raibh an suíomh seo ‘leathdránach’. Céard atá le ceilt agat? Níl tada le ceilt agam. Is é seo mo bhlag féin agus tá m’ainm féin luaite leis. Tá blag eile ag an Comharchumann, iMúscraí, agus bím gníomhach ansin freisin. Is deas liom a cheapadh go bhfuil iMuscraí ag fáil an bhuntáiste as taithi iGaeilge agus, anuas ar sin, tá súil agam go mbeidh pobail Ghaeltachta is eile ar fuaid na tíre ag baint buntáiste as iGaeilge amach anseo.

    Deinimse mo chuid oibre ag an gComharchumann agus caithim mo chuid ama ar an mblag seo agus is dhá réimse éagsúil dem’ shaol iad. Más amhlaidh go bhfuil aon réimse den saol faoi bhagairt ón réimse eile, is cinnte go mbím amuigh go minic ag freastal ar chruinnithe is imeachtaí eile istoiche nó ag an deireadh seachtaine a bhaineann le mo chuid oibre sa Chomharchumann.

    Is léir ón meid a duirt tú sa phostáil thuas – agus roimhe seo – go bhfuil col agat dom, a Greavesie. Maith go leor – ach bí cinnte is go dtuigeann tú go bhfuil fáilte romhat anseo agus do chuid tuairimí a nochtadh, dá ghranna iad, ach ní miste cuirtéis a léiriú freisin. Is ait liom go dtagann tú anseo chomh minic nuair a cheapann tú go bhfuil na blaganna seo ‘leadránach’ ach níl a fhios agam chomh trucanta is atá do shaol féin.

    Freagra
  9. Ursula

    Ná bac le Greavsie! Ní nochtann sé riamh aon tuairim dá chuid féin (tá sé chomh leadránach, zzzzzzzzzzz…) Níl uaidh ach tabhairt faoi dhaoine eile

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s