Cuir faoi ghlas an RIRA agus an CIRA – Kevin Myers

Is dócha nár chuala Kevin Myers riamh faoi Sheán Ó Riordáin nó, má chuala, beag aird a thug sé ar na línte úd sa dán úd Daoirse nó an é Saoirse:

Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleófá do ghuth
Dá mbeadh an bean réasúnta, nach réasúnófaí thú

Ina alt inniu san Irish Independent, mhol an tUasal Myers go gcuirfí gach mac mathar agus iníon athar de chuid an RIRA agus CIRA faoi ghlas, go ndéanfar iad a ‘imtheorannú’. Ná bac liomsa – is féidir leat an méid a deir sé a léamh tú féin anseo:

ntern them. The lot, the heathen mujahadeen of Real and Continuity. Intern the the apparatus of the Irish Taliban before they do any more murder, and before they can wreck the creaking non-government that is the Northern Executive.

Intern them, before they bring the name of Ireland into still greater disrepute. Put them in the prison cells of the Curragh, and subject terrorist internees to a military regime, until they submit to the rule of the State.

Gan amhras tá an tír á náiriú ag lucht an RIRA agus CIRA lena ngeaitsí dúnmharfacha. Is tréas atá ar bun acu agus iad ag dúnmharú na saighdiúirí seo agus an phoilín seo. Níl aon ghá leis an dhoirteadh fola seo.

Ach aon duine a thugann ceann don Sean Diúc Myers, níl sé ag tabhairt ceann do cheachtanna na staire. Níl sé ag moladh an chúrsa seo mar go bhfuil a fhios aige gur oibrigh sé an chéad uair a baineadh triail as. Go deimhin tá’s aige, nó ba cheart go mbeadh a fhios aige, nár oibrigh sé agus gurb é an toradh a bhí air gur earcaigh an IRA ana chuid daoine óga don streachailt mhileata.

Seo an cineal aisfhreagra atá ag teastáil ó na marfóirí a mharaigh an triúr idir an Satharn agus an oiche aréir – agus a rinne iarracht ceathrar eile a mharú….

Ba mhaith leo go mbeadh siad ina ’cause celebre’ agus go mbeadh aird an domhain orthu. Má tá a fhios ag na poilíní ó thuaidh cé rinne seo, gabhtar iad, cúisítear iad agus tugtar ós comhair na cúirte iad. Mar a gcéanna ó dheas.

Tá Kevin Myers á dhéanamh seo, dar liom, mar gurb é seo an bealach is éasca le cinntiú go mbeidh seisean – seachas na daoine bochta a maraíodh – i mbéal an phobail mar gur eisean atá ag moladh an aisfhreagra is tréine agus is géire. Dá mbeadh pionós an bháis ar fáíl, is dóíchí go mbeadh sé á moladh san freisin. Níl a fhios agam an mbacfadh sé le triail nó chuala mé ar an raidio níos luaithe ag maíomh ná bhfuair na daoine a maraíodh aon triail sarar scaoileadh marbh iad.

Gan amhras ní bhfuair siad triail mar ba choirpigh a mharaigh iad agus mar sin ní bheadh duine ar bith ag súil le caighdeáin éagsúla seachas caighdeáin choiriúil ó choirpeach, an mbeadh? Más amhlaidh go bhfeidhmíonn an phobal mar a fheidhmíonn na coirpigh, nach ionann sin agus an bhonn a bhaint ón argóint go bhfuil an sochaí a mhaireann de réir rialacha, de réir dlí, níos fearr ná an sochaí choiriúil, áit nach bhfuil dlí dá laghad?

2 thuairim ar “Cuir faoi ghlas an RIRA agus an CIRA – Kevin Myers

  1. Pilleadh an Bheirneach Mór

    a Concubhair, tá mé i ndiaidh seo a sheol chuig an t-údar sin,
    I think you are a shocking journalist. Do you not support democracy? Let me make it clear first of all that despise violence and in no way wish to see the rira or cira or anybody of a violent nature carry out these sort of actions. Internment only seeks to turn people away from supporting the rule of law. What evidence have you to suggest the former internees during the 70’s “returned” to terrorist activity? However one would assume the internment would encourage them to engage in violence after internment.
    All sane people in Ireland want these murders to know that we want a peaceful and democratic society, sadly you dont appear to agree.
    Anois, thiocfadh linn i bhfad níos mó a rá ach is leor sin sílim(ní bhíonn an oiread sin ama ag mic léinn agus a shífeá).
    Go raibh maith agat as an sliocht sin a scríobh mar ní bhím ag léamh an Indepedent de ghnáth agus is cinnte nach mbeidh mé go luath.

    Freagra
  2. Ciarán

    Nár thuig Myers ‘Taliban’ ar Ghaeilgeoirí tamall beag ó shin chomh maith? Tá mo dhuine iontach teoranta ó thaobh na samhlaíochta de.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s