Dhá shuíomh Ghaeilge ón BBC ar lá amháin….

Bionn tú ag fánacht na mblianta ar son suíomh Ghaeilge ar an mBBC – agus ansan foilsítear dhá shuíomh ag an am amháin!

Ní miste – nó is dea scéal ar fad é go bhfuil an dhá shuíomh ann, leathnach Ghaeilge nua an BBC féin i dtuaisceart na hÉireann, agus Preab Suas, suíomh nua dírithe ar lucht imeartha na peile Gaelaí. Ar chúis éigean níl teacht ar an suíomh sin go fóill – ach tá sé ar shuíomhanna an BBC in áit éigean.

Nior luaigh Pól Ó Muirí é ina thuairisc ach ní cinealtas croí a tháinig an dhá shuíomh seo ón BBC. Dá fheabhas is dá threise iad Aonad na Gaeilge san BBC – agus tá ard mheas agam ar Antaine Ó Donaile, Lynette Fay, Tomaí Ó Conghaile agus a gcomh leacaithe – ní bheadh na suíomhanna seo ann ach amháin deontas a bheith tugtha don BBC ag an gCiste Craoltóireachta Ghaeilge.

Agus ní bheadh an Chiste Craoltóireachta Ghaeilge ann ach an dian fheachtas leanúnach fhadalach a bhí ar bun ag gniomhaithe ar nós Gearóid Ó Cairealláin is a thuilleadh nach iad, lena bplacairdí, ‘Auntie Beeb is Anti-Irish’, i gcaitheamh na mblianta. B’fheachtais iad seo ar thug leithéidí an BBC agus an Irish Times droim láimhe dóibh agus nár thug súntas dá laghad dóibh. Dar le na meáin measúla seo, agus, is cosuil, an dá rialtas, ní raibh an Ghaeilge ach ina aguisin sna comhaontaithe pholatúla a deineadh le blianta beaga anuas.

Ní gá filleadh, arís, ar an bpriacal ina raibh an Chiste anuraidh de bharr íonsaí an DUP (agus faillí Shinn Féin is an SDLP) agus an slí a náirigh Lá Nua SF chun brú a chur ar Gordon Brown an chiste a chur ar nais in ainneoin an DUP.

Ní gá ach a rá gur rud é an chiste seo a saothraíodh le h-iarracht leanúnach agus le h-íbirtí agus nár cheart é a gheilleadh go h-éasca.

Ar aon nós tá moladh ag dul don BBC, agus ní minic a chloisfidh tú na focail sin ó mo bhéal, as ucht suíomh d’ard chaighdeán mar seo a chur ar an líon. Tá tréan mholadh ag dul do Antaine agus a chomhleacaithe as a gcuid saothair agus feabhas an ábhair.

Níl an suíomh gan locht. Tá easnamh mór amháin le mothú ann agus is gá seo a lua i gcomhthéacs an ráitis ag Antaine atá luaite ar Tuarascáíl.

Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Aonad na Gaeilge sa BBC i mBéal Feirste, Antaine Ó Donnaile, go mbeadh, “den chéad uair, gach rud a rinne BBC Thuaisceart Éireann i nGaeilge” le fáil ar an suíomh ach cóipcheart a ghlanadh.

Tá sé sin cruinn gan amhras.

An rud atá ar iarraidh, áfach, ná seirbhís nuachta agus anailíse ar chúrsaí reatha, mar atá ar fáil don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag.

Cén fath nach féidir leis an BBC i mBéal Feirste a leitheid de sheirbhís a chur ar fáil ar an suíomh nuachta atá acu féin?

2 thuairim ar “Dhá shuíomh Ghaeilge ón BBC ar lá amháin….

  1. séamus Mac Seáin

    sílim go dtuigim do dhearcadh faoí dhúnadh síos LÁ NUA agus SF a chonchubhair agus bhéinn féin chomh tógtha leis an dara duine fá dtaobh de, ach ceart a choíche ,caithfear a admháil dar liom, murach SF agus an SDLP i gcomhaontú Aoine an Chéasta agus i ndhiaidh sin ag Cill Rímhínn ní dócha go mbeadh an ciste craoltóireachta ann ar chor ar bith ainneoin stocaireacht na nGaeilgeoirí ar an talamh.Rinne SF agus an SDLP práiseach de cheist LÁ NUA agus is ceart sin a chur i niúl dóibh ach ná déanaimís a bheag den mhéid a rinne siad ar shon na Gaeilge ach oiread idir an chiste craoltóireachta agus an toideachas lán Gaeilge níl a fhios agam faoín chiste ach tá a fhios agam an cuidiú ollmhór airgid a thug an dhá pháirtí do Iontaobhas na Gaelscolaíochtachta i 2001 nó bhí mé imo chaothaoirleach ag an am.cáineadh cinnte nuair atá sé tuillte agus tá sé tuillte ó thaobh LÁ NUA de ach ná gabhaimis thar fóir.Cuimhnimís i gcónaí, dala Napoleon agus an Papa, is beag iad na réisimintí atá ag lucht na Gaeilge.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Chun an fhírinne a ínsint, a Shéamuis, ní raibh mé ag iarraidh an béim a chur ar scéal Lá Nua sa chás seo cé go bhfuilim ag iarraidh go dtuigfeadh daoine an cheangal idir Lá Nua agus an Chiste agus an prionsabal ginearálta, is é sin go bhfuil an chuid oibre deanta i gcaitheamh na mblianta ag togáíl leithéidí Lá Nua agus ag gníomhú i bhfeachtais ar son na Ciste Craoltóireachta agus nár cheart beag a dhéanamh de sin. Dar liom rinne SF an dearúd sin maidir le Lá Nua agus, dar liom freisin, más amhlaidh go bhfuil siad agus an SDLP le moladh as an Ghaeilge a bheith san áireamh i gComhaontú Aoine an Chéasta, i 1998, ghlac sé fada a dhothain ina dhiaidh sin go dtí go raibh an ciste ar an dtalamh, 2005. Mar sin chaill siad chreidiúint, chomh fada agus a bhaineann sé liomsa.

    Má dheinim beag d’obair an SDLP agus SF, b’fheidir nach miste, nó rinne siad beag den obair a rinne mise agus mo chomhleacaithe ar Lá Nua. Rinne siad é gan an dara smaoineamh agus tá siad sásta is bródúil as a gcuid oibre.

    Leanann an saol gan Lá Nua – beidh na Gradaim Barr 50 ann cé go bhfuil Lá imithe. Ní miste liom. Ach nílim chun stopadh de bheith ag cur an éagóir is an fáillí i gcuimhne do na daoine a rinne an éagóir agus an fállí. Tá siad fásta suas – ba cheart go mbeidís in ann glacadh le canadh ó Ghaeilgeoir Scriobach mar mé féin.

    Ní chreidim go bhfuil SF ar son na Gaeilge an oiread is go bhfuil siad ar son an Ghaeilge a úsáid chun a spriocanna pholatúla féin a bhaint amach. B’fheidir gur beag iad na reisimintí atá ag lucht na Gaeilge – ach ní fiú morán iad reisimintí atá ag troid ar son leas chúng pholatúil dá gcuid féin níos mó ná mar atá siad ar son an phictiúir mhór.

    Go gonta, go mbeirfidh an diabhal reisimintí SF. Tá mé dubh dóite leo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s