Ag gaelú an bhlagasféir

Tá smaoineamh agam – agus ní fiú smaoineamh a bheith ag blagadóir gan é a fhoilsiú, mar a mhaítear ar ‘Ar Son na Cúise’ – agus is é seo é:

I gceann coicíse, beidh Lá le Pádraig againn. Lá na Gaeilge atá á bhaisteadh ar an lá seo ag lucht giolcaireachta – agus más féidir leo san é a dhéanamh, cén fath nach féidir le na blagadóirí é a dhéanamh. Daoine níos substaintiúla sinn le tuairimí níos substaintiúla. 😉

Ar an láimh eile, is féidir le lucht giolcaireachta a rá go bhfuilimíd ag déanamh aithris orthu.

Is cuma liom mar is é an deireadh a bheidh air go mbeidh níos mó Gaeilge ar an idirlíon.

An rud ar mhaith liom a spreagadh; gaelú an bhlagasféir.

Gaelú an bhlagasféir? Conas a bhféadfaí a leitheid a dhéanamh?

Cúpla tuairim atá agam faoi seo: Dá bhfoilseodh gach blagadóir a bhfaigheann an teachtaireacht seo, nó a bhfaigheann scéala faoi, teachtaireacht i nGaeilge go dhá theangach, bheadh curtha go mór againn le gaelú an bhlagasféir. Fiú mura bhfuil acu ach cúpla focal i nGaeilge, iad sin a úsáid.

Agus más duine thú le suim sa Ghaeilge, cén fath nach dtosnaíonn tú blag tú féin ar an lá sin nó teachtaireacht a fhoilsiú i nGaeilge ar bhlag éigean eile….

Beartas siombalach é seo agus níl aon chomórtas i gceist. Ní bheidh aon buaiteoir, ní bheidh aon duais.

Má eiríonn leis an mbeartas, léireoidh sé an oiread gur féidir a dhéanamh chun an dea scéal faoin nGaeilge a chraobhscaoileadh gan deontas, in ainneoin lámha márbha an mhaoirláithis atá ag iarraidh an anam is an spioraid a thachtadh ónár dteanga.

Ach ní beartas diúltach atá i gceist agam le seo. Ba mhaith an rud é beart dá leitheid a dhéanamh ar son na teanga ar Lá na Gaeilge. Tá moladh ag dul do lucht #lnag as a mbeartas – seo aguisín le cur leis an spraoi.

Sin é. An síol curtha. Scaipigí é agus feicimíd toradh ár saothar i gceann coicíse…..

12 de thuairimí ar “Ag gaelú an bhlagasféir

  1. Cú Chonnacht

    B’fhéidir chun a scéal a scaipeadh ba chóir dhuit a dhul i dteagmháil le Damien Mulley, Fear na mBlaganna a bhfuil aithne forleathan air i measc na mblagadóirí Béarla in Éirinn. Agus seans go gcuirfidh sé eolas ar a bhlag ina leith!

    Freagra
  2. Gaelblag

    Is iontach an smaoineamh é. Táimid go léir ag fáil i dtaithí ar rudaí ar nós twitter anois ach ní fheicimse daoine ag tweetáil as Gaeilge. Bheadh sé iontach dá mbeimid in ann pobal Ghaeilge ar líne a chothú agus a chruthú fiú mar gan amhras tá blagadóirí ann le Gaeilge ach bíonn imní orthu leas a bhaint as na cúpla focail atá acu cheana féin.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Tá sin déanta a Chú – agus tá cuireadh tugtha aige dom blagáil a dhéanamh ar a bhlag féin faoi seo an tseachtain seo chughainn….idir an dhá linn beidh mé ag brath ar dhaoine cosúil leat an scéal a scaipeadh….

    Freagra
  4. lnag

    Is iontach an smaoineamh é seo cinnte, an tionscadal a leathanú go dtí an blagasféir – gach rath ar an obair.

    ach, a gaelblag, féach go bhfuil roinnt mhaith gaeilge á úsáid againn ar twitter anois (@ronan_beo meallta isteach againn anois, fiú)

    is féidir mé féin a leanúint ag @antsiogghlas.
    nó féach http://lnag.wordpress.com
    nó scríobh chugam ag gaeilge@pyxl agus tabhairfead gach eolas duit

    an ghioltacht agus an blagasféir le chéile ar son na cúilse
    ciarán ó meachair (#lnag)

    Freagra
  5. Gaelblag

    ‘sea lnag tuigim go bhfuil daoine ag úsáid twitter trí Ghaeilge ach mar ghluaiseacht ní dóigh liom féin go bhfuil pobal na Gaeilge go ginearálta tar éis glacadh le Twitter sa chaoi go bhfuil cainteoirí béarla.
    ( go dtí seo pé scéal é)
    Mar sin is fiú an scéal a scaipeadh 🙂

    Freagra
  6. Seán Mór

    In amannaí nuair a chuirimidne na cainteoirí Gaeilge áis nó suíomh idirlín ar fáil bíonn sé mar sprioc againn labhairt le daoine ar fud na tíre, nó ar fud an domhain fiú, agus sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge amháin. Tá sin i gceart agus is fiú é a dhéanamh. Ach in amannaí sílimse gur féidir linn an t-idirlíon a úsáid ar dhóigh níos praiticiúla le foghlaimeoirí a mhealladh chuig an teanga, daoine atá ina gcónaí inár gceantar féin. Tá gréasán beag sóisialta cairdiúil éadrom dhátheangach curtha le chéile agam féin ar http://www.ansrathban.ning.com le daoine sa cheantar máguaird a mhealladh chuig an teanga, agus le eolas a chur ar fáil dóibh faoin teanga… bhí sé rud beag ciúin ansin le tamall, ach tá mé i ndiaidh pilleadh ar an obair arís. Níl mé ag iarraidh go dtiocfaidh gnáthsuspects na Gaeilge isteach leis na foghlaimeoirí a scanrú, ach thig leat bualadh isteach chuig an suíomh lena fheiceáil cad é atá i gceist agam. Tá béim ar an cheantar áitiúil, agus tá béim ar fhoghlaimeoirí. Tá go leor Gaeilge ag na cainteoirí Gaeilge cheana féin…. caithfidh muid daoine úra a mhealladh!

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Fiontar fiúntach gan amhras – ba cheart duit iarracht a dhéanamh, mura bhfuil sé déanta agat theana – twitter a úsáid nó creidim go bhfuil sin an úsáídeach agus tá Gaeilgeoirí go leor ann anois….

    Freagra
  8. Ping: #lnag ar BBC BLAS 08.03.09 «

  9. Ping: GAELTACHT 2.0 «

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s