Twitter – as Gaeilge

lnagBhí socraid i gCúil Aodha ag an deireadh seachtaine, socraid mhathair óg a cailleadh go tragóideach sa sraid bhaile trathnóna Déardaoin. Beannacht Dé le h-anam Chiara Uí Dhuinnín agus bíodh ár bpáidreacha lena fear céile, Seán Óg, agus a n-iníon óg, Siún, agus iad ag tabhairt aghaidh le cheile ar an saol.

An fath go luaim an méid sin, go raibh Cór Chúil Aodha ag canadh ag an sochraid agus gur chanamar an amhrán alainn sin, Éistíg Liomsa Sealad, in omós do Chiara. Cantar an amhrán sin ag gach socraid i gCúil Aodha agus níl sé ró fhada ó shin ó canadh é ag socraid m\’athair féin, Dónal, ar cailleadh é i mí na Samhna díreach caite.

Meabhraíonn an amhrán sin an cheangal idir sinne agus an nadúr – na h-éisc, na beacha, na h-éin – agus an osnadúrachas, na h-aingil, na fláithis, na réaltaí.

Tá líne ann a deir: ”Na h-éin go bínn ag cantain ar a ngéaga go léir.”

Má tá tú ag iarraidh an amhrán a chloisteáil i gcomhthéacs neamh-shocraidiúil, tá sé ar fáil ar an albam \’Go mBeannaithear Duit\’ atá díreach ath éisithe ag Gael Linn. Deineadh é seo a fhoilsiú i 1987 – ach áiritear é ar cheann de na ceirniní ceol eaglasta is fearr le blianta fada.

Ar aon nós, is bealach fada é seo le teacht go dtí an pointe. Rith an líne sin ó \’Éistíg Liomsa Sealad\’ liom agus mé ag smaoineamh cé acu an mbeadh leagan Ghaeilge ann le h-aghaidh \’twitter\’. Is cosúil go bhfuil. Giolcadh glé an Ghaeilge ar Twitter. Ní h-é sin an rud a dhearfadh fear Gaeltachta, áfach, nó bheadh sé siúd ag \’twitteráil\’.

Ach ritheann sé liom gur fearr agus deise an Ghaoluinn ar \’twitteráil\’ – e-chantaireacht. Ní miste.

Tá réimse nua ar an idirlíon do lucht twitter na Gaeilge – is é sin an Gioltacht. Agus tá cuireadh oscailte ann cuairt a thabhairt ar an dtír cheolmhar seo ar Lá Fhéile Phádraig nó, mar atá baiste air anois, Lá Na Gaeilge.

Tá sé traidisiúnta, ar an lá sin, go mbionn corr alt Ghaeilge i nuachtáin Bhéarla agus go mbionn \’Dia Dhaoibh\’ ar News RTÉ agus b\’fheidir clár nó dhó i nGaoluinn ar 2FM. Is mí-amharach an scéal é ach ní bheidh Lá Nua/Lá ann i mbliana ar an lá – ach sin scéal ar féidir le Foras na Gaeilge agus Sinn Féin a mhíniú níos fearr ná mise….

Anois is feidir linn go léir bheith páirteach – nó tá ocáid twitter á reachtáil ar an lá sin. Teir chuig do chúntas Twitter agus seol teachtaireacht agus #lnag ag tús na h-abairte.

Agus sin tusa ag twitteráil….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s