Tá iGaeilge aon bhliain d’aois inniu….

Bliain is an lá seo a tháinig iGaeilge ar an saol. Tá bliain caite agus is clochmhíle suntasach é sin chomh fada is a bhaineann sé le blag ar bith.

Taca an ama seo anuraidh bhunaigh mé an blag mar go rabhas ag imeacht ó Lá Nua. Mhothaigh mé ag an am ná mhairfeadh an nuachtán ró fhada im dhiaidh – agus bhí an cheart agam, is oth liom a rá.

Bhain an chéad teachtaireacht le scéal tragóideach, bás obann is ró óg duine de laochra móra na Gaeilge, Pádraig Ó Cuanacháin. Ní fheadar an mbeadh Pádraig sásta gur thug a bhás beatha do bhlag ar nós iGaeilge ach is cinnte go mbeadh sé sásta go bhfuil breis is 32,000 cuairt tugtha ar an suíomh le linn na bliana sin.

Anois níl nuachtán leathúil Ghaeilge againn. Níl againn ach Foinse agus níl an nuachtán sin, in aineoin na bolscaireachta, ach ann ar éigean.

Tá an Ghaeilge ina steille bheatha ar an idirlíon agus is ansan amháin atá an Ghaeilge beo gan deontaisí. Sin fíor bheocht ar ndoigh nó ní féidir le lámha marbha an daonláithis deireadh a chur leis, faoi mar a chur na lámha céanna le gach meán Ghaeilge go dtí seo….Amarach, Inniu, Anois….

Ar aon nós, tá an Ghaeilge beo ar an líon agus tá dreamanna ar nós Nós*agus An Druma Mór tar éis éachtaí a bhaint amach.

Maith sibh, a cháirde. Ach beidh gá dúinn go léir forbairt agus fás le linn na bliana atá romhainn chun go mbeimíd ionchurtha leis an dúshlán leanúnach freastal ar phobal úsáidte na meáin Ghaeilge….

3 thuairim ar “Tá iGaeilge aon bhliain d’aois inniu….

  1. fearfeasog

    tá mise ag léamh le tamaill anois. an-obair, agus comhghairdeas leat. an Ghaeilge agus iGhaeilge abú!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s