Ná lig do U2 seinnt i bPáirc an Chrócaigh!

Is cosúil go mbeidh U2 ag seinnt i bPáirc an Chrócaigh i mí Iúil. I bhfianaise gur tógadh Páirc an Chrócaigh le h-airgead an cháin íocóra, b’fheidir nár cheart ligint do U2 seinnt ann os rud é go bhfuil siad ag íoc a gcuid cánach thar lear.

Bhíos ag cúpla coirmcheol le U2 fadó fadó agus bhain mé an taitneamh astu. Go deimhin bhí páirt bheag agam ar an ardán le U2 i gCoirm Cheol i bPáirc Uí Chaoimh i 1993. Agus ba bhrea liom dul aris.

Ach a fhaid is atá U2 ag íoc cánach thar lear, seachas in Éirinn, táim chun mo chuid airgead féin a shéanadh orthu.

Beart bheag siombalach gan brí, cheapfá, ach ag an am chéanna, is é sin an méid is feidir liomsa déanamh.

B’fheidir gur cheart don Chumann Lúthchleas Gael meabhrú a dhéanamh ar an gceist agus féachaint an bhfuil sé ceart nó cóir an seod náisiúnta a chur ar fáil do ghrúpa atá i mbun tréas cánach…..

4 thuairim ar “Ná lig do U2 seinnt i bPáirc an Chrócaigh!

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim leat go póinte áirithe. B`fheidir gur fearr ligint don cheolchoirm dul ar aghaidh ach léirsiú mór a bheith ann mar gheall ar an bfhadbh cánach.Is dócha go ndéadfaidh an ceolchoirm maitheas do geilleagair Báile Átha Cliath.Níl aon amhras agus cúrsaí cánach lé mheadú go gcaithfear díospóireacht mór a bheith ann faoi “tréas cánach”.Cad faoi na boic móra a chaitheann 183 lá sa tír agus iad neamh chónaitheach o thaobh cáin de.Ach is ceist cásta é mar mhealann Rialtas na hÉireann comhlachtaí go dtí an IFSC leis an ráta iseal cáin corporáideach.Faroar, caithfidh Bono éirí as an sconsa, a cháin a íoch nó a bhéal a dhunadh.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá daoine ann gan náire, a Sheáin, agus is Bono duine acu. Glacaim leis go mbeidh ceolchoirm ann – níl anseo ach meamram de short le tabhairt le fios nach na múrtha fáilte a bheidh roimh a leitheid….i bhfianaise an meid atá ar eolas againn agus atá U2 neamhleithscéalach ina leith faoina
    ngnóthaí cánach…..

    Freagra
  3. Sharon Ní Icí

    Ach…. téann páistí an Edge dtín Ghaeltacht gach bliain, mar sin nach féidir sórt leg-room a thabhairt dóibh os rud é go bhfuil siad ag cur airgead isteach i bpota na Gaeltachta? (Albeit Gaeltacht Chonamara?)

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte má tá na páístí á chur go Gaeltacht Chonamara gach bliain gur pionós de short éigean atá ansan. Ach céard a rinne siad mícheart? Is é Bono, The Edge, Larry agus Adam a chaithfidh an t-éiric a íoc…..ní a bpáistí bochta!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s