An Meitheal agus an Ard Fheis

Beag a chonaic mé d’Ard Fheis Fhianna Fáíl ag an deireadh seachtaine nó bhí go leor rudaí ar siúl agam sa bhaile. Is cosúil gurb é Nollaig Ó Diomasaigh is fearr a thug oráid agus é ag cur Brian Cowen i láthair. De réir tuairiscí chuir sé na baincéirí i gcomparáid le hOilibhéar Chromaill cé gur ndúirt sé ná raibh an ‘Conquistador’ Bhriotanach ag iarraidh a leas féin a dhéanamh.

Níl a fhios agam cé chomh cruinn is atá léargas an Aire Iompair ar an stair sin – ach fagfaimid san mar atá sé.

Is cinnte go raibh an chaint a thug sé bladhmannach agus gur las sé tine faoi thoscairí na hArd Fheise nach bhféadfadh oráid an Taoisigh a mhúchadh, dá léimhe é.

Ach bhí cúpla rud spéisiúil le rá ag an dTaoiseach féin ina oráid agus é ag caint faoin ‘mheitheal’.

Meitheal

This Government is determined to manage our way through this recession and to prepare for growth again. But Government alone cannot make it happen.

Tá focal Gaeilge a theastaíonn a thabhairt isteach sa gcomhra seo anocht. Agus an focal sin ná meitheal. Daoine ag obair le chéile ar son a chéile. Teastaíonn spiorad an Mheitheal anois níos mó ná riamh. Spiorad an chomharsanacht, spiorad an chomhoibriú. Ni neart go cur le chéile a chairde agus seo í an t-am chun brú ar aghaidh I teannta a chéile agus le tacaíocht dá chéile.

Ireland now needs a Meitheal mentality if we are going to get through this together.

We must do this or we will let ourselves down. All of us.

Is é an rud a chaithfidh an Rialtas a thuiscint go bhfuil gá le comhthuiscint idir iad agus an phobal agus gurb é an rud a bheidh le tuiscint go soiléir go bhfuil gach duine ag iompar ualach eigean. Nior cheart go mbeadh an ualach céanna á iompar ag gach duine ach go mbeadh ualach á iompar de reir mar is féidir le duine an ualach a iompar. I mbeagán focal, ba cheart go mbeadh an dream is mó atá ag tuilleamh airgid ag íoc an méid is mó.

Sin an slí a oibríonn an meitheal agus ní olc an tuairim é agus sinn ag iarraidh teacht slán ón bpriacal ina bhfuilimíd.

Rud eile a bheadh ina údar dóchais dúinn a bhionn ag plé le cúrsaí cultúir an méid seo a dúirt an Taoiseach:

When John F Kennedy visited Ireland many years ago, he spoke some words in our Dáil that still ring true today. He said: “It is that quality of the Irish, the remarkable quality of hope, confidence and imagination, that is needed more than ever today.”

I believe that being Irish holds a distinct and intrinsic value. Ireland is a brand. People know us.

Our country, her landscape and her culture are known the world over. We must connect with that brand now and use it to give us the competitive advantage in a globalised world that is increasingly the same. We must ourselves portray the positives that others see in us.

Cheapfá go raibh sé tar éis bheith ag léamh an leabhair úd ó Fhionnbarra Ó Brollcháin.

Cúpla rud eile mar gheall ar an Ard Fheis: Ní fhaca mé in aon áit an clár agus mar sin ní raibh sé indéanta a fháil amach cad a bhí á moladh maidir leis an nGaeilge. Gan amhras bhí Éamon Ó Cuív ann – ach ar labhair sé? Agus má labhair, cad a dúirt sé?

Chomh maith le sin, tugaim faoi ndeara go raibh tagairt don scéal – ar tuairiscíodh anseo an tseachtain seo chaite – faoi shuíomh idirlíne Fhianna Fáil bheith gann ar Ghaeilge i bhFoinse ag an deireadh seachtaine. Léiriú eile ar an mbealach atá an bhlagadóireacht chun tosaigh ar an iriseoireacht chlóite thraidisiúnta cé nach n-admhódh lucht na meáin chlóite [cloíte?] an méid seo. Níl aon Ghaeilge go fóíll ar shuíomh Fhianna Fáíl.

2 thuairim ar “An Meitheal agus an Ard Fheis

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    An iomarca béim ar fad ag FF ar réiteacht na faidhbe ar ghualainn na daoine ar tuarastáil íseal.Cé go bhfuil deireadh leis na PD’S is dócha go bhfuil FF truaillithe acu sa doigh go bhfuil siad taréis casadh ar dheis gan morán suim acu sa comhionannas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s