Bono an bhéil bhínn ‘gonta’

U2 - ní bheidh mé ag ceannach an albam nua

U2 - ní bheidh mé ag ceannach an albam nua

Is cosúíl go bhfuil Bono, príomh amhránaí U2, gonta de bharr na gearáin atá déanta ag daoine in Éirinn faoi chinneadh an bhanna a gcuid gnóthaí cánach a bhogadh go dtí an Isealtír.

Rinne an bhanna seo i 2006 nuair a cuireadh caipín, €250,000, ar an méid airgid a fhéadfadh ‘ealaíontóírí’ a shaothrú gan cáin a dhíol air.

Tá daoine ag cur i leith U2 go bhfuil sé fimíneach bheith ag bogadh a gcuid gnóthaí cánach go dtí an áit ina bhfuil an méid is lú cánach le díol ann, tír nach bhfuil do áit chónaithe ann, agus ansan a bheith ag rá is tú ar árdán idirnáisiúnta go bhfuil gá le níos mó foirithint idirnáisiúnta ón Rialtas.

Gan amhras tá gá le níos mó foirithint idirnáisiúnta ón Rialtas, go h-áirithe i bhfianaise an ciorrú €95m a deineadh air an suim seo le déanaí.

Táim go mór ar a shon sin.

Ach cuireann sé olc orm ansan nuair atá leitheidí Bono ag seasamh ar ardán os comhair an domhain is ag rá go bhfuil sé maith go leor ár gcuid airgid cánach bheith in úsáid le h-aghaidh fóirithint idirnáisiúnta – ach níl sé ar son cur leis an ciste cánach ina thír dúchais féin.

Cheannaigh mé gach albam U2 go dtí gur thárla sin – agus nílim ag ceannach níos mó. Mar agóid ar leith in éadan U2 agus a gcuid cleachtais cánach ní cheannóidh mé an albam is déanaí, No Line On The Horizon, atá ar díol sna 26 contae inniu, dá fheabhas é. Tabharfaidh mé an t-airgead don Triú Domhan – sin tar éis dom mo chuid cánach a dhíol agus cuid den airgead sin bheith imithe go dtí an Triú Domhan.

Chuala mé agallamh le comhfhreagraí ealaíon RTÉ, Sinéad Crowley, ar Morning Ireland ar maidin agus í ag déanamh mór den albam agus beag de ‘shocruithe cánach’ an bhanna. An é go bhfuil eagla ar RTÉ má thugann siad aghaidh ar U2 nach mbeidh Bono mór leo níos mó? Nó go ndíreofar aird ar shocruithe cánach leitheidí Ryan Tubridy is eile atá modhanna éagsúla i bhfeidhm acu chun an dliteanas cánach atá orthu a laghdú?

5 thuairim ar “Bono an bhéil bhínn ‘gonta’

  1. d@\/e

    Sorry this is Off Topic.
    I can only speak and read English and would like to be able to read this blog. Can you point me in the right direction to a tool to translate what is written here into English?

    Freagra
  2. Hilary Mhic Suibhne

    Is trua mhór an píosa seo a léamh. Tuige nach bhfuil siad toilteanach a gcuid a íoc? Tuige? Sean cleas é ach cheapas nach mbeadh Bono chomh fimíneach seo….nach n-úsáideann sé na bóithre? Cá háit a dtéann an múnlach agus earraí eile fuílleach óna theach??? Nach bhfuil a dhá dhóthain aige cheana féin……. ní gá dó cáin a íoc ar an gcéad 250,000….nach deas é sin?
    Níl éalú ón gcáin ag gnáth daoine ach is cosúil go bhfuil rialacha ar leith dóibh siúd. Tá ana díomá orm leo uile…cé mhéad atá ina ndóthain????
    Tá a gcuid cheoil go léir agamsa chomh maith.

    Ar ábhar i bhfad níos fearr comhghairdeachas as teacht ar an nduais blagadoireachta 2009!

    Freagra
  3. Ping: Ná lig do U2 seinnt i bPáirc an Chrócaigh! « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s