Scéal brónach chugainn ó Bhéal Feirste go bhfuil duine de laochra na teanga agus na réabhlóide, Eddie Ó Chianáin, ar shlí na firinne.
Chuir mé aithne ar Eddie le linn mo sheal i mBéal Feirste, fear lán spioraid agus amhráin agus comhluadar den scoth.
Chaith sé cuid mhaith dá shaol i ngéibheann de bharr a sheasamh ar son na hÉireann agus tá cúntas níos iomláine ar a shaol ar An Druma Mór.
Cuimhneoidh mé ar na h-oícheannta sa Chultúrlann agus é ag canadh le meanman leagan Ghaeilge den International agus amhrán clúiteach a chum sé fein, Bhí Mé Ann/I Was There.
Agus i measc na n-áiteanna a raibh sé – bhí sé ag ranganna Ghaeilge le Máirtín Ó Cadhain agus é imtheorannaithe le linn an dachadaí.
Ar dheis Dé go raibh a anam.
Ábhar mór bróin cinnte é bás Eddie. Chuir mé aithne air roinnt de bhlianta ó shin agus muid beirt i Ros Goill. Fear den scoth a sheas an fód riamh. Beidh an saol Gaelach níos boichte gan tú, Eddie.