An Pholainnis chun tosaigh ar an nGaeilge ag Fianna Fáil!!!

Táim tar éis cuairt a thabhairt ar shuíomh nua Fhianna Fáil agus tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil níos mó Polainnise ar an suíomh ná mar atá Gaeilge ar an suíomh. Deacair a chreidiúint, cheapfá.

Ní miste liom an Pholainnis a bheith ann ach cheapfá go mbeadh ‘an chéad teanga’, faoi mar a mheabhraigh an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuiv, dúinn ar Nuacht TG4 aréir chun tosaigh ar shuíomh an phairtí a reachtaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a bhain amach ‘stadas oifigiúil oibre’ don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
An Pholainnis ar shuíomh FF
fiannafailpolainnis

Ach cá bhfuil an Ghaeilge?
lthgaff

Ní h-é seo an dea shampla atá ag teastáil má tá Fianna Fáil i ndáiríre faoin sprioc go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge ann faoi 2028 agus Roinn Uí Chuív, maítear, ag obair ar an bplean chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Agus tá’s agam nach bhfuil an suíomh seo, deartha ag an gcomhlacht Meirceánach, Blue State Digital, ach díreach seolta. Ag an am chéanna bhí Fianna Fáil sásta é nochtadh don phobal blagadóireachta agus gan é bheith iomlán reidh agus mar sin ní miste coimitmintí an phairtí maidir leis an Ghaeilge a mheabhrú doibh.

5 thuairim ar “An Pholainnis chun tosaigh ar an nGaeilge ag Fianna Fáil!!!

  1. Lorcán

    Tá cnaipe “Gaeilge” ann ar an suíomh. Cliceáil air agus athraíonn sé go “English”….ach sin an méid – níl aon athrú eile leis. Iontach !

    Freagra
  2. Ping: An Meitheal agus an Ard Fheis « iGaeilge

  3. Ping: Ag brú na gcnaipí « iGaeilge

  4. Ping: Cnaipí cam agus Sinn Féin « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s