Na meáin in éadan Shinn Féin? Ní doigh liom é….

An bhfuil na meáin in éadan Shinn Féin? Tá roinnt trachtairí cinnte atá dubh i gcoinne an pháirtí ach ag léamh dom na nuachtáin agus ag tabhairt éisteacht don tuairisciú atá déanta ar Ard Fheis an pháirtí ag an deireadh seachtaine, ní h-eol dom go bhfuil sin amhlaidh.

Tá sé ráite inniu ag trachtaire amháin san Irish Times go bhfuil deis maith ag an pháirtí imeacht i bhfeidhm ar an dtoghlach, thar mar a dhein an pháirtí roimhe seo. Agus i ngach agallamh a chuala mé ag an deireadh seachtaine, ní raibh aon bhlais den nimh san fheoil a bhiodh ann. Is cuimhin liom na h-agallaimh sin go maith – leithéidí Gerry Adams á cheistiú faoi robáil Bhainc an Tuaiscirt amhail is go raibh sé páirteach ann nó go leor eile den chineál sin.

Anois tá Sinn Féin á thomhas de réir mar a thomhastar gach páirtí eile. Agus níl Sinn Féin ag cruthú go bhfuil siad aon phioc neamh choitianta. Níl aon tuairim mhór ag SF – ach amháín deireadh le crioch dheighilt – a fhagann go bhfuil siad difriúil ó na páirithe eile. Agus ní bhaineann siad úsáid eifeachtach as an dtuairim mhór sin.

Ach tá an ceart ag trachtairi a rá go bhfuil Sinn Féin anois ag staid cinniúnach. D’fhéadfadh an páirtí dul chun cinn mhór a dhéanamh anois ach greim a bhreith ar shamhlaíocht an phobail – ach go fóíll tá siad greamaithe ag 9% sa phobalbhreith is déanaí. Níl morán difir idir seo agus an seasamh a bhí acu i 2002 nuair a bhuaigh an pháirtí cúig shuíochán.

Anois an t-am le teacht chun tosaigh le smaointe atá réabhlóideach. Ní doigh liom, mar shampla, gur smaoineamh réabhlóideach é go gcuirfí deireadh le h-athghabhail tithe sa tréimhse atá romhainn. Sílim go bhfuil gach páirtí ar a shon sin – ach cá bhfuil an plean chun a chinntiú nach dtarlóidh sé? Cinnte is féidir dul ar stailc agus an íocaiocht morgáiste a shéanadh ar na mbainc, ach cá bhfagfaidh sin na bainc, ar linne iad? Beidh siad gan airgead chun a thabhairt amach do ghnólachtaí beaga chun an geilleagar seo a chur ag dul.

It had been highlighted in advance that leading figures would begin to put some flesh on the bones of the policies to come over the ardfheis weekend.

However, the details that came were patchy and failed to convince, and certainly failed to differentiate the party from the clutter of noise amongst the Opposition.

It is certainly the case that Sinn Féin was calling for higher taxation rates when no-one else was and this is something that will now have to happen.

Equally, it is true that the party railed against the open season enjoyed for years by property developers before others did.

But it is not clear if Irish voters are ready to accept the view that the State “should be the employer of last resort, and the consumer of last resort”, as one delegate said.

Is é an rud atá fíor nach bhfuil meán cumarsáide ar bith ann atá sásta bheith ag bolscaireacht ar son an pháirtí agus ag tabhairt bualadh bos dóibh as ucht a gcuid moltaí. Mar níl údar bualadh bos ann. Níl aon rud úr nó radacach le rá ag an páirtí chun íonsaí a dhéanamh air – nó chun na múrtha fáilte a chur roimhe.

An rud is íorónaí go raibh nuachtán ann uair a bhí dírithe ar thacú le Sinn Féin. Sin an fath ar bunaíodh é a bheag nó a mhór. Ach dhiultaigh lucht Shinn Féin an Daily Ireland a cheannach. Bhí lochtanna ar an Daily Ireland cinnte – ach ní fhéadfá a rá go raibh naimhdeas do Shinn Féin i measc na lochtanna sin.

Fiú amháin mura raibh ceist Lá Nua ann agus an méid a tharla, táim cinnte de go mbeadh díomá orm go fóill maidir le h-iompar agus le h-éifeacht an pháirtí. I réimse leathan cheisteanna níl siad ag moladh rud ar bith a bheirfeadh greim ar an samhlaíocht agus a dheirfeadh leat, seo é an pháirtí ceart ag an am cheart.

Agus mé ag caint ar Shinn Féin, ní miste an méid a luaigh Gerry Adams faoin teanga ina oráid a chur faoi chaibidil:

Tá muid ag obair chun clár Gaeilge iomlán a bhrú chun tosaigh sa tuaisceart. Ina measc:
• Tá ceist na nGaelscoileanna;
• Tá maoiniú do tograí teanga agus pobal; níl go leor ann ach tá Sinn Féin ag deanamh ár ndiceall níos mó a fháil.
Agus bith cinnte faoi Acht na Gaeilge.Beidh Acht na Gaeilge ann.

An bhfuil aon rud anseo a spreagann dóchas ionat? An bhfuil aon plean le sonrú anseo a thabharfadh le fios duit go mbainfí aon sort dul chun cinn amach?

2 thuairim ar “Na meáin in éadan Shinn Féin? Ní doigh liom é….

  1. séamus Mac Seáin

    sin alt breá tomhasta uait, a Choncubhair,ar SF agus ainilís
    chruinn dar liom ach ní bheinn chomh cinnte sin go bhfuil rudaí chomh duairc sin ó thaobh an pháirtí de, sa ghearr théarma ar scor ar bith.Níl de eolas agam ar an Pháirtí ó dheas ach an méid a chonaic mé ar an teilfís ag an Árdfhéis agus chonacthas domh go raibh Árdfhéis na bliana seo difriúil go maith ó bhlianta eile.Shíl mé go raibh slacht ar chaint Gerry Adams thar mar a bhí roimhe(ní fheadar an raibh sé ar autocue?) agus go rachadh sé i bhféidhm ar chuid de na daoine a bhí ag amharc air.chomh maith le sin bhí i bhfad níos lú den gheatsaíocht phearsanta ag baint leis rud a bhí maith.Bhí cuma gháirmiúl ar an rud uilig dar liom.Bhí cuid de na cainteoirí óga a chonnaic mé iontach maith ar fad.Má’s féidir leo an óige sin a chur chun tosaigh ag na toghacháin atá ag teacht thiocfadh do go ndéanfadh siad níos fearr na atá na pobalbréithiúna ag rá.Tá sin uilig ag brath dar ndóigh ar chomh láidir agus atá inneall toghachánaíochta an pháirtí ar an talamh.Níl mé féin chomh cinnte sin faoín tabhacht atá le polasaíthe aimsear thoghcháin ach tá rud amháin cinnte go bhfuil iarrthóirí maithe tabhachtach.Sílim fosta nach dtuigeann an páirtí iná iomláine nach buntáiste níos mó é Gerry Adams a bheith mar aghaidh an Pháirtí ó dheas.Is léir go dtuigeann cuid acu sin ach an bhfuil siad cróga go leor le rá leis suíochán cúl a ghlacadh?.Ba é an mhíbhuntaiste a ba mhó a bhí ar an pháirtí ó dheas dar liom na cáighdeán na dTeachtaí dála atá acu. Sílim go bhfuil siad go hainnis agus murar féidir leo daoine eile a chur iná náit roimhe an chéad toghachán eile ní rachaidh siad áit ar bith san fhad téarma

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Má bhí tú ag faire ar imeachtaí na hArd Fheise, bhí níos mó foighid agat ná mise agus bolg nios láidre don ábhar múisce le cois.

    Bhíos féin ag imeacht – Oiche Bronnta Gradaim na mBlaganna – Dé Satharn agus bhí daoine ann de gach chineal iad lán le tuairimí agus le spioraid chomh maith. Mo bharúil féin ná raibh Ard fheis SF ar an radar acu ar chorr ar bith. An fath go luaim seo go gcreidim go bhfuil SF go h-iomlán as tiúin le polataíocht na linne agus rud amháín cinnte, ní bheidh an dream seo leanúint orthu faoi cheannaireacht chosantach is chulaitheach GA. Tá níos mó ná GA i gceist gan amhras – d’fhéadfá an bínse tosaigh ar fad atá ag SF a ghlanadh agus ní bheithfeá ach ag tosnú ar an obair atá gá leis.

    An éisteann SF le h-aon duine nach n-aontaíonn leo 100%? Má tá siad i ndáiríre ag iarraidh comhghuaillíocht an eite clé a bhunú agus luí leis an Lucht Oibre/Páírtí na nOIbrithe, nach dtuigeann siad go gcaithfidh siad teacht ar chomh thuiscint le na sean namhaid?

    Síllim gur caint san aer é an chaint faoi chomhghuaillíocht le dreammanna ar nós an Lucht Oibre is eile má tá siad buartha faoi ‘naimhdeas sna meáin’ agus ag baisteadh ‘frith SFach’ ar gach duine nach n-aontaíonn leo 100% nó atá á gcaineadh mar gheall ar bheart nó feall bheart nó neamh bheart ar leith?

    Níl a fhios agam céard atá SF ar shon níos mó, seachas go dtuigim go bhfuil SF ar shon SF. Má tá siad ar shon ath aontú na tire caithfidh siad léiriú go bhfuil siad sásta teacht ar chomhaontú is ar chomhthuiscint le daoine is grúpaí atá an sprioc céanna acu. Cheapfá dá mbeidís sásta teacht ar chomhaontú is ar chomhthuiscint leis an DUP – ar frith SFaigh iad gach mac mathar acu – go bhféadfaidís teacht ar chomhthuiscint le daoine atá tuairimí éagsúla acu seachas bheith ag iarraidh iad a imeallú le baoth chaint ar frith SFachas!

    Faoi láthair, is é mo bharúil go bhfuil daoine ar nós cuma leo faoi SF. Is cuma leo ann nó as iad. Tá siad feargach leis an Rialtas agus íocfaidh an Rialtas go daor as sin i mí Meitheamh. Caillfidh siad go tubaisteach sna toghcháin Eorpacha. Beidh an t-adh le duine ar bith ó Fhianna Fáil a chosa a thabhairt leis.

    Níl a fhios agam an bhfuil SF inchurtha le leas a bhaint as sin, go h-áírithe nuair atá an pairtí ag feidhmiú amhail is go bhfuil sé beo i ré an Aontais Shoivéidí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s