100,000+ ar na sráideanna

agoidIs cosúíl go bhfuil fonn réabhlóide – nó siúlóide ar a laghad – ar phobal na hÉireann mar gheall ar an mí Rialtas atá i mBaile Atha Cliath faoi láthair.

Breis is céad míle a thug na sráideanna orthu féin don agóid a d’eagraigh Comhdháil na gCeardchumann inniu. Bhí siad ag máirseáil in éadan an tobhach pinsin agus ar son go mbeadh ar gach éinne ualach cothrom a íompar.

Ag an am chéanna, bhí Sinn Féin ag caint ag an Ard Fheis ag Droichead na dTor faoi chomhrialtas leis an Lucht Oibre. Ní miste liom an chaint sin – nó is plean é – ach bheadh sé amaideach ag an Lucht Oibre, atá ar an mbealach suas, iad féin a cheangail le pairtí ar nós SF atá in ísle brí i lathair na h-uaire.

Tá plean éigean ag an Lucht Oibre. Liosta gearáín atá ag SF.

Ach nil ansan ach mo bharúil – agus is frith Shinn Féineach mise, dar le na h-údair a bhionn ag gabhail leithscéil as ucht na bhfeallbheartanna agus na neamairtí atá déanta ag SF ar an nGaeilge.

Ar aon nós tá áthas orm go raibh an oiread san de thinreamh ar an mórshiúl i mBAC. Tá pobal na tíre seo ag múscailt ó chodladh pholatúil an Tiogair Cheiltigh.

Más mall, is mithid….

Aon tuairim amháin ar “100,000+ ar na sráideanna

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Aontaoim leat faoi muintir na hÉireann taréis muscailt ona gcodladh le linn an Tíogar Cheiltigh.Sé an fadbg anois go bhfuil an tír gabtha ag an Cíorcal Órga idir FF, na Banksters, na tógalaithe agus na fórbreoirí maoine agus nil aon fonn orthu siúd a láimh a chur ina bpocaí agus a íoch as an praiseach seo atá déanta acu lena gcuid saint agus tréas.Níl móran rogha againn, FG le daoine mar an amadán McAvaddy laoch an Cíorcal Órga.Tá SF neamhabhártha sa deisceart agus na Glasaigh ar mearaí.Níl reiteacht na faidhbe ach Rialtas Náisiúnta faoi stiúr An Comhairle Stáit faoi coimirce an tÚachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ar feadh ceithre bhliain.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s