Seó Mór Dheichniúr an Bhainc Angla Éireannaigh

Tá an diabhal de chlampar ann faoi láthair mar gheall Deichniúr an Bhainc Angla Éireannaigh. Cé h-iad féin? An bhfuil siad á chosaint ag an Rialtas ar eagla go bhfuil caidreamh de short éigean idir duine nó buíon acu le polaiteoir sinsearach? Fiabhras de short éigean atá i gceist agus an slua ag liú le h-aghaidh ‘fuil ar an mbrát úrlár’ agus ‘cinn ar phlátaí’.

Ní h-é go go gcreidim – mar a chreideann Ulick McEvaddy, an fiontraí, gur laochra iad seo as ucht gur chuir siad a lámhaina bpocaí féin inár bpócaí féin chun teacht i dtárrtháil ar an mbanc agus, mar thoradh, an chóras eacnamaíochta. Bhí sé ag caint ar Today with Pat Kenny agus ansan tháinig Joe Higgins ar an líne chun a léargas siúd a thabhairt ar an scéal – agus is ansan a bhí an spórt.

Droch thoradh a bhí ar an obair seo, gan amhras ar bith, agus beimíd agus sliocht ár sleachta ag íoc go daor as an faillí a deineadh le linn reimeas an Tiogair Cheiltigh.

An oiread is gur cheart go mbeimís bheith ag súil le h-ionsuithe ar an nGaeilge ó pholaiteoirí aondachtacha, ba cheart dúinn bheith ag súil le seifteanna sleamhain ó lucht ghnó chun brabhús a shaothrú agus a bhfiontar féin a mhaolú an oiread agus is féidir.

Is seó é seo ar fad agus coiníonn sé ár n-áird fhaid is atá ciorruithe ag cur as do dhaoine ar fud na tíre. Bhí tuairisc bhreá ar Primetime aréir faoin mbealach go raibh páistí le riachtanais speisialta fagtha ar an ngannchuid de bharr cinneadh an Aire Oideachais is Eolaíochta gearradh siar ar an líon páistí atá i dteideal cúram speisialta sna scoileanna.

Tá go leor eile le déanamh sa phobal seo gan a bheith ag iarraidh na baincéirí a chaitheamh chuig na leoin. Ní miste liom na baincéirí a mbrístí a chailliúint agus bheith náirithe os comhair an tsaoil. Ach ní chuirfidh sin deireadh leis an éagothromas sa phobal seo.

Tá daoine ag caint anois ar ghiorruithe a dhéanamh – ach is amhlaidh go mbionn na giorruithe is mó ar na réimsí is mó gá agus ansan leantar le cleachtais ar nós pinsin ollmhóra a íoc le h-iar Airí agus iad ag obair mar Theachtaí Dála nó mar Airí Rialtais go fóill.

Gan amhras caithfear na leabhair a bheith in órd – ní fheadar an meabhróidh an chaint seo ar fad faoi fhoilsiú thuarascáil bhliantúil an Bhainc Angla Éireannaigh do chomhlacht tras teorainn áirithe an ghá atá lena dtuairiscí bliantúla a fhoilsiú le h-aghaidh 2004-8;

Ach tá sé chomh tabhachtach céanna go mbeadh plean ann le h-aghaidh teacht as an sáínn seo agus go mbeidh sé soiléir sa phlean sin go mbeidh an cuid is troime den ualach á iompar ag na daoine is saibhre agus is mó a shaothraigh brabhús ón Tiogar Cheilteach.

Aon tuairim amháin ar “Seó Mór Dheichniúr an Bhainc Angla Éireannaigh

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá a fhios ag an saol is a mathair nách dtarloidh a leithéad faoi réimeas lófa FF.Tá FF anois ró cheangailte le lucht an rachmais,na foirbreoirí móra agus na baincéirí. Caithfidh na daoine ata i mbun an dreimire ar an t-íosphá agus na daoine ata faoi mhíchumais bheith thios leis a fhaid agus ata FF ag tabhairt na mílte dá gcuid comhghleacaithe caimiléireachta sna bainc. Sé an fhaibh is mó atá ag an tír anois ná nach bhfuil aon rath ar an fhreasúra, fiú dá mbeadh tóghacháin ar maidin.Tá sé náireach meangadh gáire ar aghaidh O`Cionnaith agus an tír ag dul go tóin poill cosúl leis an Asgard.Tá sé in am don Úachtarán Mhic Ghiolla Íosa an Comhairle Stáit a thionól agus Rialtas Náisiúnta a chur ar bhun ina mbeidh muinín ag Muintir na hÉireann iontú deileáil leis an ghearrchor.Sa slí sin bheadh daoine tuilteannach chur suas leis an fhulaingt, ní ar mhaithe le cáirdr FF, ach chun an tír a shabháil ó chaimiléireacht agus tréas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s