Hearts & Minds – an físeán I, II agus III



Trath go raibh Sinn Féin ag caint faoi ‘réabhlóid’. Tá siad go fóill ag caint faoi.

Seo an sliocht ar chlár BBC Thuaisceart Éireann, Hearts & MInds, ina bhfuil Gearóid Ó Cairealláin ag caint ar an rún atá aige gan votáil do SF arís mar gheall ar an feall a rinne an pháirtí ar Lá Nua. San agallamh le Gerry Adams tar éis ar chraoladh an mhír seo, dúirt Uachtarán Shinn Féin go gcuirfeadh sé íontas air dá shéanfadh Gearóid a vóta ar Shinn Féin agus ‘gur cara leis’ Gearóid Ó Cairealláin.

Gach seans go mbeidh meaisín toghcháin SF ábalta a dhéanamh amach cé do a chaitheann gach duine vóta. Ach mura n-athraíonn an pháirtí a phort ar an nGaeilge, beidh fánacht fada ar Gerry má tá sé ag feitheamh ar vóta Ghearóid.

Is féidir leat vóta a mhilleadh. Is féidir leat vóta agóide a thabhairt do dhuine eigean eile ar fad. Is féidir leat staonadh ón vóta ar fad. Agus b’fheidir go mbeidh níos mó ná Gearóid ag déanamh a mhachnamh ar sprioc a vota amach anseo….

8 dtuairim ar “Hearts & Minds – an físeán I, II agus III

  1. Pól

    Céard faoi nuachtán laethúil a bheith mar shaincheist ag Ard Fheis Shinn Féin? Níor chuala mé faic na fríde faoi sin.

    Freagra
  2. Tuirseach

    … Cionn is go bhfuil sin aontaithe agus ráite acu go soiléir cheana féin a Phóil. Uh-oh, seo chugainn na ráitis chacmhara uilig ó Choncubhar ahus eile gur SF a dhruid Lá Nua… Zzzzzzzzzzzzzzz

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ba cheart duit imeacht le polataíocht a Shorcha. Tá an ‘charm’ agat. Gheobhfá suiochán Dála cinnte…. Tá na firicí ann agus sin iad. An rud atá ar bun agam anseo ná mo thuairimí féin a nochtadh don saol, faoi SF, Lá Nua agus go leor eile.

    Níl a fhios agam céard atá aontaithe ag SF faoi nuachtán laethúil. Níl aon tuairimí úra faoin nGaeilge ar chlár na hArd Fheise agus ní léir dom go bhfuil tuairim úr ar bith ag SF faoin cheist…..

    Freagra
  4. Pól

    An bhfuil an locht ar lucht labhartha agus leamh? na Gaeilge iad féin i dtaca le himeacht Lá Nua?

    Freagra
  5. seanmor

    Creidim féin go bhfuil cuid den lucht ar lucht neamhléitheoireachta na GAeilge a Phóil.

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    a Phóil a chara
    Cibé duine ar a raibh an locht gur cuireadh deireadh le LÁ NUA, ní raibh an locht ar an chuid againn a cheannaigh a léigh agus a thug cabhair dó lenár gcuid pínginí beaga suaracha.Ní raibh an locht ar na daoine a d’oibrigh go crua agus go díchéallach thar na blianta lená thabhairt amach agus sin ar bheagán tuarastail agus ar bheagán buíochais na ar Nuachtán Bhaile Andarsan a chuir £1/4 milliúin dá gcuid airgid féin isteach ann lená choinneáilt beo chomh fada a’s a mhair.Fuair LÁ NUA bás de bharr go ndearna comhaltaí na bpáirtí polaitiúla éagsúla ar Fhoras na Gaeilge, iad uilig agus ní SINN Féin amháin,go ndearna siad amach nach raibh páipéar laethúil riachtanasach ag Pobal na Gaeilge. is léir go gcreideann á mbunús nach bhfuil sa Ghaeilge ach teanga institiúd nach n oireann do ghnáth shaol an lae inniu.Biodh acu ní ghéillim don dearcadh chúng sin ar theanga dúchais na tíre seo. Ní teanga cúpla focal ,a chara,agus go raibh maith agat í ag go leor againn agus buíochas le Dia ní chreideann “iGaeilge” na “Nuacht 24” é sin ach oiread. biodh ag lámh mharbh an Mhaorlathas.Nuair a chaitheann Gregory Campbell focail Eoghain Mhic Chormaic siar ina scornach aige agus é ag rá mura bhfuil margadh ann do Pháipéar Laethúil Gaeilge mar sin nach bhfuil pobal teanga ann ar chor ar bith tá súil agam go gcuirfidh Eoghain isteach sna miontuairiscí é.Níorbh é LÁ NUA a chuaigh chion ach an dream dar dual a chothú ( se sin Comhaltaí uile Fhoras na Gaeilge)

    Freagra
  7. Pól

    A Shéamuis, a chara,
    Cinnte dearfach táimse ar aon intinn leat. Níl an locht orainn agus mar iar-scarsealbhóir is iar- síntiúsóir do Lá Nua bhí mé ar dearg buile nuair a chaill muid é. Rinne Foras (Gan) Ghaeilge praiseach den rud. Tá siad ag dul amú maidir leis cur chun cinn ár dteanga dúchais. Is é mo thuairim go bhfuil nuachtán laethúil i bhfad tabhachtaí ná nuachtán míosúil nó fiú amháin seachtainiúil. Tá Foras (Gan) Ghaeilge ag isliú stádais ár dteanga. Tá siad ag dul i gcoinne an beartas reatha Conradh (NA) Gaeilge sé sin an Ghaeilge a bheith feiceálach. Ba cheart go mbeadh nuachtán laethúil i measc na cinn eile sna siopaí.

    Freagra
  8. Pilleadh an Bheirneach Mór

    A Phóil a chara,
    tá dearcadh s’agatsa suimiúl, aontaím leat go bhfuil Foras ag isliú stádais ár dteanga, tá nuachtán laethúil riachtanach do phobal na Gaeilge. Ach an síleann gur tháinig maitheas éigin as deireadh le lá sa dóigh ‘s go bhfuil a leithid den suíomh seo ann anois agus “An Druma Mór”, agus anois tá iriseoracht againn atá fós go iontach ach tá sé saor ó bhrú pholaitiúil nó grúpa ar bith agus tig le gaeilgeoirí a dtuairimí a nochtadh ar na ruda
    le meas
    Pilleadh an Bheirneach Mór

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s