Cá bhfuil na smaointe úra?

Tá Ard Fheis Shinn Féin ar siúl an deireadh seachtaine seo. Ní bheidh mé ann. Ach dá mbeinn, is beag a bheadh ann dom.

Le bheith cothrom do Shinn Féin, tá clár dhá theangach ann, an leagan Béarla chun tosaigh. Is dócha go mbeadh údar gearáin ag trachtairí ar nós Pól Ó Muirí nó tá cuma ar an nGaeilge gur deineadh é a aistriú focal ar fhocal ón bhfoclóir seachas go bhfuil sé aistrithe ag duine le líofacht teanga. Ach ní chuige sin atáim.

Chíoras an chlár le h-aghaidh fianaise ar bith de smaointe úra faoi chur chun cinn na Gaeilge – agus is beag atá ann atá úr ar ábhar ar bith eile.

An Ghaeilge
101. Cuireann an Ard-Fheis seo in iúl:
• Gur saoth linn na h-ionsuithe in éadan an Ghaeloideachais
agus tionscadail Ghaeilge ag polaiteoirí aontachtacha agus
iarraimid mar achainí orthu éirí as a bhfeachtas sa Tionól.
• Go bhfuil cur ar bun láithreach Acht na Gaeilge sa tuaisceart de
dhíth go géar, lán-mhaoinithe agus bunaithe ar chearta, a
chuideodh le teanga na Gaeilge a aistriú ón chonspóid
pholaitíochta agus a chuirfeadh ar fáil do mhuintir uilig na tire
seo an saibhreas chultúrtha atá inti- is le muintir uilig na tire seo
an teanga.
• Gur cóir deireadh a chur le h- iarrachtaí Rialtas Bhaile Átha
Cliath stad a chur le moch-oideachas tréan sa Ghaeilge agus
tugaimid fá deara go dtacaíonn Sinn Féin le moch-oideachas
tréan mar an tslí is eifeachtaí le fás na Gaeilge ar fud na tire –
go h-áirithe sa tuaisceart – a chinntiú
• Go dtacaímid leis na h-aidhmeanna atá leagtha síos ar son na
Gaeilge sa ‘Beartas 2028’ ach nach bhfuilimid cinnte fá lathair
fá na céimeanna a chuirfeadh i gcrích iad.
• Gur cóir do na structúir áitiúla agus réigiúnda tuilleadh a
dhéanamh chun an Ghaeilge mar theanga bheo taobh istigh
den pháirtí a chothú agus ranganna, seimineáir, agus
cruinnuithe a eagrú chun páirtí fíor-dhátheangach a chruthú.
Ard Chomhairle

Ní fheadar an fadhb aistriúcháin é nó níl a fhios agam cad atá i gceist leis an mír faoi Beartas 2028. Glacaim leis gurb é seo an rud a thuigimíd le Plean 2028. Ar ndoigh níl plean ann go fóíll – nó níl plean foilsithe ann go fóill. Agus níl a fhios againn cad a thug an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leo ó na cruinnithe poiblí a reachtáladh anuraidh. Ó na tuairiscí eatramhacha a éisíodh, tá buairt orm gur beag an smaoineamh úr atá ann.

Tá díomá orm leis an méid atá sa rún thuas – níl smaoineamh úr ar bith ann agus, mar shampla, ní luaitear na meáin chumarsáíde Ghaeilge nó an Ghaeltacht ann ar chorr ar bith.

Léiríonn sé easpa cur chuige SF ar cheist na Gaeilge arís eile…..ach sin mise ag gabhail do mo phort ‘frith Shinn Féineach’ arís is dócha…..

3 thuairim ar “Cá bhfuil na smaointe úra?

  1. aonghus

    Is dócha gurbh é atá i gceist acu le “Beartas” ná an ráiteas a rinne an Rialtas, ar a bhfuil an plean ceaptha a bheith bunaithe.

    É sin nó an plécáipéis úd atá ar fáil ag http://www.plean2028.ie/

    In ndairiré, is cuma faoi sheasamh Shinn Féin san Daorstát. Caolseans go mbeidh tionchar acu ar Rialtas abhus. Páirtí an Clamhsáin atá iontu sna 26 contae.

    Má tá tionchar le bheith acu, is go hindíreach, ó na 6 chontae a bheidh sé. Agus feictear dom go bhfuil siad a g díbirt lucht na Gaeilge ó thuaidh ó tacaíocht leis an bpairtí ansin. Muna bhfuil tacaíocht phobal na Gaeilge ó thuaidh acu, cá fhad a bheidh tábhacht leis an nGaeilge dóibh?

    Freagra
  2. Ciarán

    Gur saoth linn na h-ionsuithe in éadan an Ghaeloideachais
    agus tionscadail Ghaeilge ag polaiteoirí aontachtacha

    Hm, nach aire Shinn Féin í Caitríona Ruane? Nach ise an t-aire oideachais i Stormont atá i mbun na n-ionsaithe ar an ghaeloideachas tríd an ‘Athbhreithniú ar Ghaelscolaíocht’ atá ar siúl ag a roinn?

    Freagra
  3. Tuirseach

    Seo rún amháin. Féach ar Rúin 51 – 54 fosta, maidir le gaelú an pháirtí. Seo iarrachtaí bunúsacha ionraice chun tógáil de réir a chéile. Ní thuigeann tú mar is ceart an rud is Ard Fheis ann má tá tú ag dúil le níos mó anseo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s