An Ghaeilge i mbaol cinnte – arís

anghaeilgeimbaol
Deirtear linn go mion is go minic go bhfuil an Ghaeilge i mbaol. Anois tá sé á rá ag na Náisiúin Aontaithe. Tá an Ghaeilge ainmnithe i measc na dteangacha atá ‘i mbaol go cinnte/definitely endangered’.

Seo thuas an léarscáil a léiríonn stáíd na Gaeilge. Nílim ró chinnte go bhfuil tuiscint cruínn ag na Náisiúin Aontaithe ar cén áit sa tír a labhartar an Ghaeilge nó tá an chuma ar an mbiorán sin go bhfuil sé suite i gceantar gur beag Ghaeilge a labhartar ann.

Ar aon nós, tabharfaidh sé sin a thuilleadh armlóin do lucht cháinte na Gaeilge – nó lucht cháinte an ‘cupla focal‘[sic].

Cad é an freagra a thugaimíd mar Ghaeil ar an ndaor bhreith seo?

2 thuairim ar “An Ghaeilge i mbaol cinnte – arís

  1. aonghus

    Ah.

    Aimsithe anois

    http://www.unesco.org/culture/ich/index.php?pg=00206

    Mar is dúil don Irish Independent [dhá fhocal, dhá bhréag] tá ró shimpliú déanta acu ar an méid a dúirt UNESCO faoin gciall atá le “definitely endangered”, ag caint ar ghné amháin suntasach – an seachadadh teangain, ar fadhb í sa Ghaeltacht, mar a dúirt an Coimisiún.

    http://www.unesco.org/culture/ich/index.php?pg=00142

    Pé scéal é, nach dul chun chinn é go bhfuil siad ag admháil nach bhfuil an Ghaeilge marbh!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s