Comhar agus éagóir

Tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil COMHAR ag lorg ‘Eagarthóir Buan’ arís. Foilsíodh fógra i FOINSE Dé Satharn agus b’shin é go díreach a bhí ann.

Roimhe seo ní raibh ón iris ach ‘Eagarthóir’. Agus ní ró bhuan a bhí seal Aindrias Ó Cathasaigh. Deineadh éagóir air, creidim, agus tá mo thuairimí ar an scéal sin nochtaithe i dtrachtaireacht eile ar an mblag seo.

Is féidir an scéal nach mór iomlán faoi ‘mar a chaill iris Ghaeilge a eagarthóir’ a léamh anseo.

Tá mír amháin nach bhfuil ann. Is é sin cur síos níos cruinne ar an méid a thárla dom féin. Creidim freisin gur deineadh éagóir orm féin. Mar a thugas le fios roimhe seo ar an suíomh seo chuireas isteach ar an bpost, d’fhreastalaíos ar agallamh agus chuas faoi ‘scrúdú’ maidir le mo scileanna eagarthóireachta. Ghlacas lá saor ó mo chuid oibre chun taisteal go Baile Átha Cliath chun freastal ar an agallamh agus chun bheith ann in am – agus bhí orm feitheamh ar bhaill an bhoird agallaimh teacht ina ndribanna agus ina ndreabanna mar go raibh siad mall.

Ach ní h-é sin iomlán an scéil mar ar fuair mé amach le déanaí.

Nó tá sé dearbhaithe agam gur tharla beart sna laethannta deiridh roimh an spriocdáta le h-aghaidh iarratais don phost a d’fhag go raibh an proiseas ceapacháin faoinar ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh faoi smál.

Níl aon ghearán agam faoi iompar Uí Chathasaigh. Tá árd mheas agam air mar scríobhnóír agus bhi COMHAR á stiuradh ar bhóthar na leasa aige le linn a sheal ghairid mar eagarthóir. Ach tá údar gearáín agam faoi iompar Chathaoirleach an Bhoird Agallaimh. Creidim go bhfuil ceisteanna bunúsacha maidir le h-iontaofacht an phroisis cheapacháin agus deachleachtais is eiticí i gceist anseo.

De reir an eolais atá agam rinne Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh teagmháil le triú pháirtí ag iarraidh ar an páirtí sin fiafraí ar Aindrias Ó Cathasaigh glaoch a chur ar an gCathaoirleach – agus ball de bhórd stiúrth COMHAR – maidir leis an gcomórtas chun comharba a aimsiú ar Mhicheál Ó hUanacháin.

Tharla sé seo seachtain roimh an sprioc dáta. Is cosúil ná raibh duine ar bith istigh ar an bpost ach mé féin sara tharla an gheaitsíocht seo ar fad. Chuir Aindrias Ó Cathasaigh glaoch agus labhair sé le ball bhoird COMHAR. Dúradh leis go raibh an fholúntas sin ann agus gurb fhiú do cur isteach ar an bpost. Chuir sé isteach ar an bpost.

Níl a fhios agam an raibh a fhios ag Aindrias nuair a ghlaoigh sé ar an t-é atá luaite gurb é an Cathaoirleach ar an mBórd Agallaimh a bhí sé ag labhairt leis. Ach is cinnte go bhfuair sé seo amach nuair a rinne sé an agallamh.

Chomh fada is a bhaineann sé liom, bhí coimhlint leasmhar soileir sa chás seo. Bhí teagmháil idir Chathaoirleach an Bhóird Agallaimh agus iarrathóir. Cuireadh beirt faoi agallamh agus fuair an t-é a dúirt Cathaoirleach an Bhoird Agallaimh leis gurb fhiú do cur isteach ar an bpost, fuair an iarrthóir sin an phost.

Fuaireas an scéal faoi thoradh an ‘chomortais’ nuair a léas é i dTuarascáíl ar an Irish Times ar an 25ú Meitheamh 2008. Ait go leor is é sin an t-aon eagrán de Tuarascáíl nach bhfuil ar fáíl ar shuíomh an Irish Times. Má ghabhann tú ann gheobhaidh tú Tuarascáil na seachtaine roimhe, 18ú Meitheamh.

Ar aon nós, rinne mé gearán faoi sin nó chreideas – agus creidim – gur cheart go gcuirfí na h-iarrthóirí ar an eolas faoi thorthaí chomórtais do phost roimh a chuirfí scéala sna meáin.

Gabhadh leithscéal liom – agus bhí an méid seo i leanas le rá sa litir a seoladh chugham ó Bhórd Comhar.

Is oth liom a rá leat gur iarrthóir eile a mhol an bord agallaimh do Bhord Comhar agus atá roghnaithe ag an mBord mar dhuine go bhfuilimid ag tairiscint chúram an eagarthóra dó. D’aithin an bord agallaimh go raibh taithí fhairsing agat féin, mar aon le cáilíochtaí agus scileanna a bhí ábhartha don chúram ach ba é a mbreithiúnas gur thuill buanna an iarrthóra dár dtug siad an chéad áit sa chomórtas gur dósan a thairgeofaí cúram an eagarthóra an babhta seo.

Tá aiféala orm nach dtig liom scéal níos dearfaí a thabhairt duit. Ba mhór againn iarratas a fháil ó dhuine le do chuid cáilíochtaí agus cleachtadh agus a léirigh an oiread sin urraime agus tacaíochta do Comhar. Guímid gach rath ort sna blianta atá romhainn.

Ghlac mé leis an mbreith úd mar a ghlacas le daorbhreitheanna eile a fuair mé i gcaitheamh mo shaol ghairmiúil. Tarlaíonn a leitheid. Bogann tú ar aghaidh.

Ach ansin nuair a fuaireas amach faoin gheaitsíocht ar chúl téarmaí ar mhaithe le cinntiú nach bhfaighinn an post, fiú is go raibh na ‘cailíochtaí is na scileanna a bhí abhartha’ agam, de réir na litreach thuas agus mar a bhí léirithe agam le linn mo sheal le Lá/Lá Nua, chuir sin an lasair sa bharrach.

Bhí agus tá fearg orm faoi. Ní h-amháin gur chuir siad mo chuid ama amú ach thuig siad go mbeinn sásta páirt a ghlacadh sa gheamaireacht ar ar thug siad comórtas oscailte do phost agus glacadh leis an toradh nuair a bhí agus atá ceisteanna bunúsacha faoin bproiseas sin.

Sheol mé litir chuig Cathaoirleach Bhórd COMHAR seachtain ó shin ag cur mo mhí shastacht in iúl do. Thug mé go dtí 27 Feabhra do freagra sasúil a thabhairt ar mo ghearán ach nuair a léigh mé Foinse ag an deireadh seachtaine, agus an fógra istigh ann do ‘Eagarthóir Buan’, ghlac mé leis gurb é sin an freagra agus ná raibh aon éisteacht le tabhairt do mo ghearán. Mar sin táim ag foilsiú mo leagan den scéal go poiblí.

Níl a fhios agam cén fath go raibh gá leis an gheaitsíocht ar thárla leis an gceapachán seo – ach bhí droch thoradh air.

Tá suim mhór airgid phoiblí, €231,545 thar tréimhse dhá bhliain go leith, á fháil ag COMHAR Teoranta ó Fhoras na Gaeilge, comhlacht tras teorainn atá á riar de reir cód cleachtais maidir le coimhlint leasmhar, an sárú eiticí atá i gceist sa chás seo.

Sheolas an litir céanna a sheol mé chuig Cathaoirleach Bhórd Comhar go dtí Cathaoirleach Bhórd an Fhorais agus chuig Príomh Fheidhmeannach an Fhorais.

An bhfuil Foras na Gaeilge sásta go bhfuil eagras atá siad ag maoiniú ag sarú dea chleachtais maidir le proisis ceapacháin sa bhealach a saraíodh an proiseas i mo chas?

An bhfuil siad ag fiosrú mo chás?

Nior deineadh teagmháíl liom ó sheol mé na litreacha sin chuig an Fhoras.

Tá go leor gheaitsíocht ar chúl téarmaí ag titim amach san earnáil airgeadais agus tá an pobal feargach ina leith.

Fiú mura bhfuil na milliúin is billiúin Euro i gceist agus nach bhfuil ann ach post ar iris nach ndíolann ach cúpla céad eagrán, tá sé tabhachtach nach mbeadh an údar feirge céanna ag an phobal faoi gheaitsíocht san earnáil Ghaeilge. Olc go leor nach féidir leis an bhForas a gcuid cúntais féin a fhoilsiú in am ach seo cás ‘prima facie’ go bhfuil cliaint comhlacht de chuid an Fhorais ag sarú na caighdeáin atá an Fhoras féin ag maíomh go bhfuil siad ag cloí leo.

Tá sé tabhachtach go mbeadh duine ar bith atá ag smaoineamh ar chur isteach ar an bpost seo, Eagarthóir ‘buan’ COMHAR, ar an eolas faoi seo agus a s(h)úile go h-iomlán oscailte faoin cineál cleachtais a cheadaitear sa chomhlacht atá ag maíomh go bhfuil siad ag lorg a s(h)eirbhísí.

Níl a fhios agam conas a thagann an scéal sin le cur chuige an eagarthóra eatramhaigh, Pól Ó Muirí, ina chúram. Ní féidir liom breith a thabhairt ar an meid atá déanta ag Ó Muirí de bharr nach bhfuil teacht ar COMHAR sa chomharsanacht seo. An bhfaca éinne agaibhse COMHAR le déanaí?

11 de thuairimí ar “Comhar agus éagóir

  1. Greavsie

    My goodness old boy. Ba thú an t-aon iarrathóir a bhí ann agus bhí siad chomh desperate sin le cinntiú nach gheobhfá é go ndearna siad head hunting ar dhuine a sackáileadh go luath ina dhiaidh sin. Wow, cá bhfágann sin tusa?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Sin léamh amháin ar an scéal, Greavsie. GRMA as é a roinnt linn. Is é mo bharúil nach raibh duine ag teastáil uatha a raibh cumas agus cailíochtaí cruthaitheanta an eagarthóra aige agus a chuirfeadh iris snásta don aois nua ar fáil – go raibh siad ag iarraidh rud eigean a bhí compórdach agus socúil. Sin an fath nár theastaigh uatha go bhfaighinn an post – gan amhras dhein siad botún mór nuair a roghnaigh siad Aindrias Ó Cathasaigh mar a léiríonn an méid a tharla ina dhiaidh sin…

    Freagra
  3. Greavsie

    Mo leithscéal a igaeilge. Níl mórán eolas agam ar shaol na nuachtáin. Cad a rinne tú a bhí chomh raidachach sin go raibh eagla orthu romhat?

    Freagra
  4. amlaoibh o hiodrascail

    Is oth liom do thrioblóid a Chonchubhair. Caitheadh go holc leat agus leis an Cathasach freisin. Cheapfainn go mbeadh ábhar cás cúirte agat

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Mar a tharlaíonn sé, a Amhlaoibh, táím ag fiosrú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cás cúirte agam faoi láthair.

    Maidir le Greavsie, ní miste liom do chomhluadar – fiú is go bhfuil sé gangaideach – ar an suíomh seo. Dheineas mo dhícheall in aineoin na n-aineoin agus bhí nuachtán brea téigeartha ann nuair a fhagas, Bhí an díolachán tar éis méadú go mór in aineoin ná raibh margaíocht á dhéanamh uirthí agus in aineoin na deacrachtaí dáileacháín. Chuireas podchraoladh laethúil ar bun, maraon le h-eagrán PDF ar an idirlíon, dhá rud atá á dhéanamh anois ag Foinse.

    Sa deireadh thiar, theip ar Lá Nua mar gheall ar theip físe an Fhorais seachas aon teip diograis nó dúthrachta ar aon bhall den bhfoireann.

    Freagra
  6. Séamas Ó Neachtain

    Tá gach rud as smacht acu, cinnte. Is mór an trua an drochiompar a bhíonn ar siúl maidir le tréimhseacháin Ghaeilge na laethanta seo.
    Maidir le Comhar, bhí gearrscéal deas amháin ann…a scríobh mé do Aindrias, agus fuair mé r-sheoladh an eagarthóra nua ó dhuine eile, chun é a thairg dó – níl aon r-sheoladh san iris! Ach tá sé an-leamh, seachas sin, agus ní fhaca mé an méad sin Béarla in aon fhoilsiúchán Gaeilge riamh roimhe.
    Ní maith liom bheith i mo bheachtóir i gcónaí, a dhuine chóir, is fuath liom é, le fírinne, ach ní mór dom a rá go mbeadh sé deacair post mar eagarthóir ar iris Ghaeilge a fháil agus a leithéid de “Tá árd mheas agam air mar scríobhnóír” i gcló agat.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Tá árd mholadh agat dod’ ghearr scéal féin!

    Go fóill níor tharraing tú siar an ráiteas clúmhillteach a dhein tú i mo leith ar do bhlag féin. Is cinnte nach gceadóinn a leitheid de chlú mhilleadh ar dhuine ar bith i gComhar dá mbeinnse im eagarthóir.

    Ós rud é gur chaith mé breis is dhá bhliain im eagarthóir ar nuachtán laethúil Ghaeilge, fagfaidh mé faoi leitheoirí réasúnta breith a dhéanamh ar mo chumas eagarthóireachta. Níl a fhios agam cé acu an beachtóir tú an oireadis gur deachtóír tú gan cumhacht go fóíll!

    Freagra
  8. Séamas Ó Neachtain

    Ní thuigim clúmhilleadh mar an gcéanna leatsa, a chara. Scríobh tú rud agus an dealramh air gur frithghiúdach é. Ghlac mé le do fhreagra nach frithghiúdach tú féin. Tá sé seo go léir ráite agam go poiblí cheana.
    Níorbh aon leisce riamh ar Comhar ná ar Lá Nua GWB ná na Stáit Aontaithe a chlúmhilleadh…
    …nuachtán laethúil G[h]aeilge… Is cuid thábhachtach, dar liom, de phost an eagarthóra, go háirithe ar iris Ghaeilge, ardchaighdeán teangan a choimeád ann. Sin bua atá ag Aindrias, dar liom, agus an fáth gur roghnaíodh é tharatsa (cé nár thuig siad gur duine fearúil neamhspleách eile a bhí i gceist). Ní dóigh liom gur bhain an pholaitíocht leis ar chor ar bith. Tá sibh araon as bhur meabhair ar an ábhar sin…agus feictear dom gur buntáiste sin i saol na Gaeilge!

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Is cuimhin liom go maith alt a fhoilsiú uait i Lá Nua. Cuireadh i gcló é tar éis gur chuaigh fo-eagarthóír chun oibre ar an sliocht. An oiread céanna liom féin, bhí fo-eagarthóir agam chun gach fleiscín agus séimhiú a chur in áit agus abairtí mi-ámharacha a chur in órd inléite.

    Ní h-amhlaidh atá inniu agus mé ag obair faoi dhithneas chun píosai a fhoilsiú anseo. Níl saoi gan locht agus aithním mo lochtanna féin. Fagfaidh mé faoi dhaoine eile, níos réasúnta ná tú féin, breith a dhéanamh ar mo chumas eagarthóireachta. Ba dheas liom a cheapadh freisin go ndeinfí breith ar mo chumas teanga thar mo shaothar ar fad seachas thar abairtín amháin.

    Mar eolas dhuit, agus déarfaidh mé arís é, d’fhailtigh mé roimh cheapachán Uí Chathasaigh agus mura raibh an chorr cham sa phroiseas atá luaite agam anseo ní bhéinn tar éis é a cheistiú. Ach níl mé sásta cur suas lena leitheid seo. Fiú i litir Comhar chugham. d’admhaigh siad go raibh na scileanna cuí agam le feidhmiú mar eagarthóir ar an iris.

    An tuiscint atá agam ar chlú mhilleadh, bréag a fhoilsiú i leith dhuine a spreagann dímheas ar an duine sin. D’fhoilsigh tú bréag im léith, duirt tú gur frith Ghiúdach mé agus nuair a léiríodh an bréag dhuit, lean tú ort amhail is ná raibh faic as an slí déanta agat. Sin iompar dhúramáin i gcead dhuit.

    Níl tú tar éis leithscéal a ghabhail go fóíll as an gclú mhilleadh a rinne tú orm.

    Chomh fada is go bhfeictear domsa, ní raibh bréag ar bith sa mhéid a scriobhadh anseo nó i Lá Nua faoi GW Bush nó Tony Blair. Má bhí bréag ann, cuir ar ár súile é. Mura feidir leat bréag a aimsiú…..

    Freagra
  10. Séamas Ó Neachtain

    Is iomaí alt a bhí agam in Lá Nua, agus dhírigh mé ar na bréagacha iontusan, sílim.
    Fuair tú freagra uaim cheana maidir leis an rud a bhí intuigthe ó mo nasc chuig d’alt, anseo:
    http://caomhach.blogspot.com/2009/01/bhfuil-cead-agaibh-fs.html#c2942190640010689448
    Ní dúirt mé go díreach gur frithghiúdach thú, agus dúirt gur ghlac mé uait nach bhfuil. Is leor sin, i mo thuairim.

    Is fíor duit go ndúradh leat go bhfuil tú cáilithe. Agus is fíor gach rud a dúirt siad, is dócha. Nílim chun do mhaslaithe, a chara, ach an raibh fo-eagarthóir ar Comhar riamh? Seachas sin, ámh, déarfainn go ndéanfá jab maith mar eagarthóir.

    Freagra
  11. Ping: Cé h-é ‘Deep Throat’ Comhar? « iGaeilge

Freagair Séamas Ó Neachtain Cealaigh an freagra