“It hasn’t gone away you know”

Níl an scéal faoi thréas Shinn Féin ar Lá Nua ag imeacht ar shiúl nó, mar a dhéarfadh Gerry Adams, ‘it hasn’t gone away you know’.

Is cosúil go raibh freagra ag Barry McIlduff, Gaeilgeoir aitheanta agus ball tionóil Shinn Féin, ar cháineadh ghéar Gearóid Ó Cairealláin ar an phairtí sa North Belfast News an tseachtain seo chaite.

Ina alt dúirt Gearóid ná raibh sé chun vóta a thabhairt do Shinn Féin riamh arís mar gheall ar an éagóir a dhein an pháirtí ar Lá Nua.

Tá freagra tugtha ar cháineadh Ghearóid ag an Ball Tionól Mac Giolla Dhubh. Is cathaoirleach é Barra ar an gCoiste Chultúr, Ealaíon is Foillíochta. Is é a bhí ag gabhail leithscéil le déanaí ar son teip an Fhorais a gcuid cúntais a fhoilsiú, cúntais 2004-7.

Is é seo mar a deir Barra – níl teacht ar an alt ar shuíomh Ghrúpa Mheáin Bhéal Feirste. Tá mo thuairim féin agam faoi agus nochtfaidh mé ina dhiaidh.

Right of Reply

Barry McElduff MLA

Sinn Féin is committed to the objective of a daily news-service in Irish. The importance of a daily news-service to any language community in the modern world and the centrality of such a news-service to the development of the language itself is widely acknowledged and accepted.
Sinn Féin supports the call from the European Committee of Experts (March 2007) regarding the implementation of the European Charter and reiterates its call for the development of “a comprehensive Irish language policy, including measures to meet the increasing demand for Irish-medium education” as well as “increase support for the printed media in Scottish Gaelic and Irish.” This is the obligation of the British Government under the Charter and they must live up to those responsibilities.
Sinn Fein President Gerry Adams has made all of that clear in unambiguous terms several times over the past number of months.
Gearóid Ó Cairealláin’s views in regard to the decision by Foras na Gaeilge to end funding for Lá ignore this reality and the following facts:
The contract held by the Belfast Media Group (the publisher of Lá) to provide a daily newspaper was due to end in December 2008. Sinn Féin representatives consistently argued for the continued provision of a daily newspaper and that this would be put out to public tender.
There are 16 board members in Foras na Gaeilge. Four of them are Sinn Féin representatives. The party does not have a controlling influence over the cross-border agency.
Other board members argued that the money spent on Lá Nua did not represent value for money. That opinion prevailed in the subsequent decision.
Sinn Féin’s next objective was to persuade other board members that the funding from both the weekly paper and the daily paper could be combined to provide a sound financial basis for a new contract for a weekly paper and a daily news service. That the party’s representatives on the Foras failed to win that argument was and remains a source of disappointment.
The backdrop to this is that since its foundation Foras na Gaeilge has not enjoyed funding commensurate with the task it has been charged with. There are, of course, other significant problems to be overcome.
In the current economic climate this is more likely to deteriorate than to improve.
Now, when the Irish Language is under attack by some within political Unionism is not the time for bickering and discord among supporters of the language. Now, when economic cutbacks threaten to undermine advances in all sections of society, is not the time for negativity and division amongst supporters of the Irish Language.
What supporters of the language must do in the time ahead is stand together to develop and push forward a realistic and achievable strategy to advance the language. Sinn Féin is prepared to continue to play its part as it always has done, along with others, in the development of such a realistic and achievable strategy.
There will no doubt be setbacks and problems along the road. But in the face of problems and setbacks we must guard against division and recrimination and instead redouble our efforts to advance the cause of the Irish Language as a central part of the rich cultural heritage of all those who live on this island. That is the task ahead of all of us who are committed to the promotion and development of the Irish Language.

Mar fhocal scoir, is maith liom an tagairt ag an deireadh ag Barra faoi ‘seasamh le cheile’. Is mór an trua nár smaoinigh sé ar sin sara rinne a phairtí an feall ar Lá Nua.

Níl sé ráite go neamh bhalbh sa raiteas seo gur votáil ionadaithe SF in éadan an chinnidh gan conradh le h-aghaidh nuachtán laethúil a thairiscint in athuair. Cad é an fhírinne ar an gceist sin?

Cad is ciall le “Sinn Féin is committed to the objective of a daily news-service in Irish.”? Tá seo ar fáíl trí ‘An Druma Mór’ agus ‘Raidió Fáílte’. Cén fath nach n-éilíonn siad ar an bhForas tacaiocht mar is ceart a thabhairt don dhá sheirbhís sin?

An rud a tharlóidh, an rud céanna a tharla le Foinse agus Comhar, go mbronnfar an chonradh ar ‘lámha sabhailte’ éigean, ó dheas den teorainn is dócha.

Mar is leir le samplaí Comhar agus Foinse, ní miste leis an bhForas deontas thar an luach a thabhairt – €8,500+ in aghaidh an eagrán i gcás COMHAR, €7,500 i gcás Foinse – nuair is cáirde an Fhorais atá ag baint leasa as an deontas. Ní raibh siad sásta ach deontas €1,500 in aghaidh an eagráin a cheadú do Lá Nua.

Má tá Sinn Féin ar son na Gaeilge, tá gá go mbeadh an imirt níos fearr agus níos eifeachtaí acu ar son na teanga. Cuid larnach den phroiseas sin éisteacht le cáirde agus, fiú, iar cháirde.

Is é mo bhuairt nach bhfuil ceannairí SF go dáirire ar son na Gaeilge ach go bhfuil siad ag baint úsáid aistí ar mhaithe a leas pholatúil féin.

16 de thuairimí ar ““It hasn’t gone away you know”

  1. séamus Mac Seáin

    ní thuigim faoí dhíon na spéire cad chuige nach dtig le páirtí polaitiúl ar bíth (agus ní SF amháin atá i gceist agam anseo) nach dtig leo a admháil go mb’fhéidir go bhfuair siad rud éigin contráilte.i náit a theacht amach agus a rá go ndearna siad meancog nuair a thacaigh siad le deireadh a chur leis an aon pháipéar amháin laethúil Gaeilge a bhí ann tá SF ag cur ceangail na gcúig gcaol orthú féin ag iarraidh a chruthú nach sin an rud a rinne siad ar chor ar bith.Níl sa mhéid atá scríofa ag Barry ach “WAFFLE” den chuid is measa dar liom.An seo an trédhearcacht a bhí muid i nainm ‘s a fháil ó pháirtí na réabhlbhlóide?

    Freagra
  2. Seán Mór

    Caithfidh mise a rá nach bhfeicim féin rian nó lorg an Bharra a bhfuil aithne agamsa air sa litir sin. Tógann an litir sin níos mó ceisteanna ná mar a fhreagraíonn sé.

    Ar vótáil baill SF den Fhoras in aghaidh an chinnidh seo (i. deireadh a chur leis an deontas?)

    Tchím gur ‘straitéis’ agus ‘polasaí’ atá á lua anois, seachas ‘Acht’.

    Tá meas as cuimse agamsa ar Bharra, ach cuireann seachantacht na litreach seo an-díomá orm.

    Freagra
  3. Poblachtach

    “to advance the cause of the Irish Language as a central part of the rich cultural heritage of all those who live on this island.”

    Bheinn níos mó fán líne seo thar aon rud eile, ní fheicim ‘athbheochan na Gaeilge’ ann.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is cosúil go bhfuil an DUP imithe i bhfeidhm ar Shinn Féin. Tá aithne agamsa ar go leor i SF ar Ghaeil go smior iad – an bhfuil siad sásta seasamh ar leataobh agus an cheannaireacht ag cur an teanga in áít na leathphingine?

    Freagra
  5. Ann Widdecombe

    Tá sé tugtha faoi ndeara agam go bhfuil Eoghan Mac Cormaic, cheann do chuid neimiseas Sinn Féineach ag dul ar aghaidh do na toghacháin áitiúla (Comhairle baile Bhaile Locha Riach). Tig leat teacht anuas chuig an Achreidh agus dul in a choinne!

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá súil agam go bhfuil níos mó céille ag muintir an bhaile sin ná é a thoghadh.

    Ní ghuífinn orthu a leithéid ach creidim go mbeadh bean leis an cnamh droma agus an iomrá atá agat níos ábalta do ná mise!

    Freagra
  7. Seán Mór

    Tá cuma ar an scéal go bhfuil nimh san fheoil agat do Shinn Féin, a Chonchúir. Baineann an nimh sin rud beag de na pointí maithe fiúntacha a dhéanann tú. Níl aon pháirtí eile sa tír atá pioc níos fearr ná Sinn Féin ó thaobh na Gaeilge de… ní aithneodh duine ar bith sin ó bheith a léamh an bhlag seo. Ach aontaím le cuid de na pointí atá déanta agat maidir leis an díomá atá ort leis an pháirtí, agus leis an fhearg atá ort maidir le druidim Lá Nua…

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Níl nimh sa bhfeoil agam do SF, a Sheáin. Tá díomá orm mar gheall ar an easpa cnamh droma atá léirithe acu ar cheist na Gaeilge le h-aondachtaithe.

    Ní shealbhaíonn aon pháirtí eile sa tír an Ghaeilge an oiread is a dheineann Sinn Féin agus mar sin caithfear iad a mheas ar an gcaighdeán sin. Ní bhaineann seo le Lá Nua amháin Cúpla bliain ó shin bhí siad ag maíomh go raibh siad chun iompó ina pháirtí dhá theangach. Is léir nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar sin.

    Tá siad mar chuid de Rialtas le páirtí atá nimhneach in éadan na Gaeilge agus is cosúil go bhfuil siad i dtiúin go h-iomlán le port an DUP ar an cheist. Insan agallamh anocht ar Hearts and Minds, thuigfeá ó Gerry Adams go raibh sé tar éis an cluiche a gheilleadh ar cheist Acht na Gaeilge.

    Ní teanga í an Ghaeilge dar le SF an oiread is gur uirlis reitrice í.

    Freagra
  9. GGN

    Déanann Seán Mór pointí maithe.

    Os rud é gur ionsaí ar Shinn Féin suas go 90% de na postanna ar iGaeilge, caithfear glacadh leis gurb é sin an fáth go bhfuil sé ann.

    Mar gheall ar sin títear domsa gur iarracht é chun lucht na Gaeilge a stopadh de na a bheith ag vótáil den pháirtí sin.

    Ach de bhrí nach ndéantar ionsaí ar pháirtí ar bith eile bíonn an cuma ar an scéal go bhfuil go bhfuil ‘nimh’ éigin ann.

    Ach is é do bhlag agus fáilte.

    Is é an t-aon rud a bheinn buartha faoi ná tagairtí do ‘staonadh den vótáil’ agus mar sin, ta a fhios agam gur cnamh spáirne sin eadar daoine óga le Gaeilge ó thuaidh agus daoine níos sine, ach ar ndóigh sa coras mar atá níl ar dhaoine vótáil.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    De reir tomhas an Ghaeil Gan Náire, ní féidir le duine ceisteanna a thogáil nó cáíneadh a dhéanamh gan a bheith id ‘frith Shinn Féineach’. Tá sé an áisiúil bheith ag caitheamh lipéid thart ach i bhfirinne murar feidir le páirtí polatúil i bpobal daonláthach glacadh le cáíneadh agus le ceisteanna, tá siad sa ghnó mhícheart nó b’fhedir go m’bhfearr leo réimeas éagsúil, cosúil le deachtóireacht Stailineach?

    Os rud é gur ionsaí ar Shinn Féin suas go 90% de na postanna ar iGaeilge, caithfear glacadh leis gurb é sin an fáth go bhfuil sé ann.

    Ní chuige sin atá iGaeilge. Is conspóid reatha í an cheist faoi SF agus coimitmint an pháirtí i leith na Gaeilge agus an cur chuige maidir le na coimitmintí sin a chur i gcrich, mar sin tá go leor ar an suíomh seo faoi. I dtrachtaireacht a rinne mé faoi alt Phoil Uí Mhuirí, mar shampla, bhí an oiread cáineadh ar Fhianna Fáíl is a bhí ar SF agus deintear cáineadh ar Fhianna Fáíl agus an easpa cur chuige atá ag an Aire Ó Cuív go mion is go minic freisin.

    Iarracht é seo an teachtaire a ‘scaoileadh’ agus is iarracht é sin neamh íontas a dhéanamh den teachtaireacht. Is suíomh neamhspleach é iGaeilge agus cuirfear teachtaireacht an údair/eagarthóra in iúl go neamh bhalbh ann. Má tá suíomh lí tóna ó SF, tá go leor airgid acu é a bhunú iad féin, suíomh ina mbeadh a leitheid seo de ráiteas leibideach ann:

    ”Ar an ábhar seo, cuirigí ceist ar Shinn Féineach ar bith a bhfuil Gaeilge aige agus déarfaidh sé leat: “Ní chuidíonn lucht na Gaeilge leo leis an teanga agus cás na teanga a bhrú chun tosaigh sa pháirtí de bhrí go dtuigeann na baill eile nach bhfaighidh siad buíochas ar bith as agus is ar an bhuíochas agus ar na vótaí atá an pholaitíocht bunaithe.”

    Má tá an chistin Gaelach ró thé do Shinn Féin. b’fheidir gur cheart don phairtí eirí as an pholataíocht ar fad agus dul i mbun cniotáil….

    Freagra
  11. GGN

    “Tá sé an áisiúil bheith ag caitheamh lipéid thart ach i bhfirinne murar feidir le páirtí polatúil i bpobal daonláthach glacadh le cáíneadh agus le ceisteanna”

    Cén dóigh nár glacadh le bhur gcáineadh?

    Nuair a cuireadh ceist nuair bhfuarthas freagra.

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Ní raibh aon freagra praicticiúil ann, a Ghaeil. Sin an méid agus tá iarracht á dhéanamh anois ag leithscéalaithe SF, tú féin ina measc is cosúil, imeallú a dhéanamh ar na dteachtaireachtaí seo agus gan cluas a thabhairt do na teachtairí.

    Freagra
  13. GGN

    “imeallú a dhéanamh ar na dteachtaireachtaí seo agus gan cluas a thabhairt do na teachtairí.”

    Cuir síos ar an imeallú.

    Nach bhfuil sé de cheart ag daoine dúshlán a thabhairt ortsa chomh maith?

    Freagra
  14. igaeilge Údar an Ailt

    Iarracht imeallaithe é bheith ag díriú ar an dteachtaire seachas an teachtaireacht, bheith ag caint bheith ar dhuine bheith ‘frith Shinn Féineach’ seachas a bheith ag tabhairt aird ar an rud atá ráite. Sin an rud a rinne Gerry Adams iarracht a dhéanamh aréir agus é ag labhairt ar Hearts and Minds agus ag tabhairt freagra ar an méid a dúirt Gearóid. Labhair sé ar Ghearóid agus thug sé ‘cara’ air agus mar sin ach nior phléigh sé leis an argóínt a bhí ag Gearóid. Tá tusa thall ag Slugger nach bhfuil – nach é an riail ansin ‘play the ball not the man’?

    Sin é an slí a phléann SF le daoine a easaontaíonn lena modh oibre. Díríonn siad ar an duine seachas an teachtaireacht.
    Sin blaisín den rud atá i gceist agam le ‘imeallú’.

    Freagra
  15. Ciarán

    Is imeallú é freisin nuair a dhéanann duine critic ar Shinn Féin agus tugtar ‘frithShinn Féineach’ air seachas deileáil lena phointí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s