Sceimhle bréige na Breataine agus SAM

De réir a cheile a thogtar na caisleáin agus luath nó mall nochtar an fhírinne. Dhá shean fhocal an úsáideach ar fad. Dhá sheanfhocal ar cheart do na rialtaisréimis sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe machnamh a dhéanamh orthu i bhfianaise an scéal is déanaí faoin mbealach ar baineadh feidhm as ‘bagairtí sceimhle’ chun céasadh a dhéanamh ar chimí.

Sa Guardian inniu tá sé á thuairisciú gur polasaí de chuid na Breataine a bhí ann daoine a sheoladh go dtí réimis eile chun go ndéanfaí iad a cheistiú – agus go mbainfí úsáid as céasadh sa cheistiú sin.

Dar leis an scéal seo freisin, rinne Rúnaí Ghnóthaí Eachtracha na Breataine, David Milliband, iarratas ar Roinn Stait na Breataine litir a sholathar ag tabhairt le fios go stopfadh seirbhísí faisnéise na Breataine ag roinnt a cuid eolais leis an mBreatain dá mba rud é go dtabharfaí fianaise chun solais maidir le polasaí na Breataine i gcás cúirte. B’é seo cás Binyam Mohamed, saoranach Bhriotanach de shliocht na Pacastáine. De reir a dhliodóiri deineadh Binyam a chéasadh agus é faoi á cheistiú ag poilíní sa Phacastáin Ansan chuir an MI5 é faoi agallamh agus baineadh feidhm as cuid den eolas a thug sé le linn a chéasta. Ina dhiaidh sin seoladh é go dtí Morocco áit ar céasadh é in athuair – ag uair amháin deineadh a mhagairlí a ghearradh le scian liachta.

Níl sé ach cúpla seachtain ó shin go raibh David Milliband ag cosaint a sheasamh i dtaobh a dhiultú an fhaisnéis seo faoin chéasadh seo a roinnt le dlíodóiri Binyam i bPairlimint na Breataine. Anois tá sé tagtha chun solais ná raibh an chúis imní a luaigh Milliband i dTeach na dTuatach fíor ar chorr ar bith. Is amhlaidh go raibh sé féin tar éis an litir sin a lorg.

Anuas ar an méid sin bheith tagtha chun solais, tá sé ráite ag iar cheannasaí an MI5, Stella Rimington, gur bhain na Stáit Aontaithe úsáid as ‘céasadh’ agus chuir sí i leith rialtas na Breataine gur bhain an rialtas sin feidhm as bagairtí scéimhle gan bunús agus gur cuireadh srian dá réir ar shaoirsí phearsanta.

It would be better that the government recognised that there are risks, rather than frightening people in order to be able to pass laws which restrict civil liberties, precisely one of the objects of terrorism – that we live in fear and under a police state,” she told the Spanish newspaper La Vanguardia.

She said the British security services were “no angels,” but they did not kill people.
“The US has gone too far with Guantanamo and the tortures,” she said.
“MI5 does not do that. Furthermore it has achieved the opposite effect – there are more and more suicide terrorists finding a greater justification.”

Nach mór an admháil uaithí nárbh aingil iad seirbhísí faisnéise na Breataine. Cé a chreidfeadh, áfach, agus an fhianaise go léir atá ann faoi ról na seirbhisí céanna i marú leitheidí Pat Finucane, maiomh an Bhean Uasal Rimington ‘nach maraionn siad daoine’?

Ag an am chéanna d’eisigh Coimisiún Idirnáisiúnta na Saineolaithe Dlí tuairisc inar chuir siad i leith rialtais na Breataine agus SAM go raibh siad ag tochailt faoi bhunús an dlí idirnáisiúnta.

Dar le Mary Robinson, Uachtarán an ICJ agus iar Uachtarán na tíre seo, go bhfuil sé in am anois, seacht mbliana i ndiaidh uafás 2001, go raibh sé in am dlithe a bhí ag déanamh dochar a aisghairm.

“Seven years after 9/11 it is time to take stock and to repeal abusive laws and policies enacted in recent years.
“Human rights and international humanitarian law provide a strong and flexible framework to address terrorist threats.”

Ar ndóigh bhí páirt ag an tír seo sa ghnó lofa seo nó ná raibh Aerfort na Sionainne á úsáid ag na h-eitiltí seo le h-aghaidh an ‘seachadadh neamh ghnach ‘ agus ná rabhmar sásta glacadh le focal SAM ná raibh seo amhlaidh.

Ar ndóigh ní h-é sceimhle Al Qaeda agus an Taliban is a leitheid atá sna cinnlínte faoi láthair ach bréagadóireacht na mbaincéirí agus an mbealach atá siad, lena saint, tar éis nios mó dochar a dhéanamh don gheilleagar domhanda ná mar a dhein ionsaithe 9/11.

Ach níor cheart dearud a dhéanamh ar an ndroch obair a tharla le roinnt blianta anuas agus an saibhreas a seideadh san aer le linn aidbhintiúr mífhortúnach Bush agus Blair.

Agus níor cheart dearúd a dhéanamh ar páirt ár rialtas féin sa ghnó lofa seo.

4 thuairim ar “Sceimhle bréige na Breataine agus SAM

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá gach rud atá a rá agat fíor ach cad fé dli sharia a thabhairt isteach sa Phacastáin.B`fheidir gurbh iad na Baincéirí gur fearr a thabhairt faoi “Seachadadh Úrgnách” go Guantamo no tá níos mó damáiste deanta ach ná na gnáth sceimhleoirí.Dfheadfadh an t-Úasal ó Mairtín é seo go léir a shochrú fad agus atá sé igCúba ag comóradh an Reablóid Sóisialach leis an t-Úasal Castro.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    A leithéid: Ní maith liom roinnt dá bhfuil ráite agat anseo – ná bí ag lochtú Bush etc. Ar dtúis níor lochtaigh mé Bush – lochtaigh coiste shaineolaithe dlí idirnáisiúnta agus iar cheannasaí MI5 an choras faoinar ceadaíodh céasadh.

    Conas nach féidir le duine bheith ar thaobh amháin nó ar thaobh eile maidir le ceist ar nós céasadh….

    Freagra
  3. Séamas Ó Neachtain

    “Ach níor cheart dearud a dhéanamh ar an ndroch obair a tharla le roinnt blianta anuas agus an saibhreas a seideadh san aer le linn aidbhintiúr mífhortúnach Bush agus Blair.” srl.

    Nílimse agus níl na SA ar son an chéasta.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s