Ceol ón gCroí agus An Gaelic Hit Factory

Chaith mé deireadh seachtaine ag coisireacha éagsúla – breithlá mo nia Dé hAoine, bhí Lúc Ó Liatháin, bliain d’aois, agus, Dé Satharn, Lá Fhéile Vailintín, triú breithlá m’iníon Danú. Bhí ana spórt ag na paistí ar fad, mé féin san áireamh.

Ar an Domhnach bhi blúirín beag oibre le déanamh agam – fuair mé glaoch trathnóna Dé hAoine ag iarraidh orm páirt a ghlacadh i gclár teilifíse le John Spillane. Ní h-é go raibh an comhlacht léirithe, Léirithe Sonas ó Bhéal Feirste, ag iarraidh orm canadh – Dia idir sin agus an t-olc – ach bhí orm labhairt leis ar imirce nó tá ar an chumadóir agus an amhránaí iomráiteach amhrán nua a chumadh faoi imirce. Is é sin sprioc an chláir. Sraith atá ann ina bhfuil amhránaithe clúiteacha eile – Ciarán Ó Gealbháin ón Rinn, Pauline Scanlon is a thuilleadh nach iad, ag cumadh amhráin faoi eachtraí a spreag iad, leitheidí Eirí Amach 1798, An Ghorta, Oibrithe na hÉireann, An Eirí Amach i 1916, Na Stailceanna Ocrais i 1981 agus, mar a luaigh mé, imirce.

Beidh an clár le feiceáil ar an Domhnach, 1 Márta, ag 10 in ar TG4.

Agus mé ag cabaireacht le mo chomh Chorcaioch agus sinn ag feitheamh le lucht léirithe, d’iarr mé air an raibh aon rud ar na bacain ón Gaelic Hit Factory, an pháirtíocht íontach a bhí idir é agus an fhile, Louis de Paor, agus iad ag cumadh amhráin chomhaimseartha i nGaeilge. D’eisigh siad albam i 2006 agus díoladh geall leis 5,000 cóip. Ní beag an díolachán sin ar albam amhráin Ghaeilge.

Ochón agus ochón ó, tá An Gaelic Hit Factory druidte agus ní dócha go n-osclóidh sé faoin pháirtíocht seo arís. Dúirt John gur thit sé féin agus Louis amach le cheile agus ón méid a dúirt sé liom ní chreidim go mbeidh siad ag obair le chéile arís.

D’fhag mé ansan é leis. Ach ritheann sé liom anois agus mé ag smaoineamh air i gcomhthéacs an cheist €6m a luaigh mé roimhe go bhféadfadh athoscailt an Gaelic Hit Factory, faoi phairtíocht úr, a bheith mar cheann de na fiontair Ghaeilge a fhéadfaí an €1m+ sa bhliain a chaitear – a chuirtear amú ar aistriucháín chaipéisí Rialtais a infheistiú ann agus go mbeadh pleisiúr agus leas le baint ag pobal na Gaeilge as. Tá fuiollach filí agus fonnadóírí thart ach iad a thabhairt le cheile, luach saothair a thabhairt doibh ar feadh cúpla mí agus deis a thabhairt doibh na h-amhráín a scríobh agus a thaifeadadh. Ansan dá gclúdófaí na costaisí taifeadta agus dáileacháin, bheadh tairge fónta agat don mhargadh. Agus cá bhfios ach go mbeadh aischothú ar an infheistíocht?

Tuairim atá ann agus is fiú é a phlé ar aon nós. Creidim féin gur caiteachas níos céillí é ná bheith ag caitheamh airgid amú ar aistriúcháin go Gaeilge ar chaipéisí Béarla nach léitear. Agus tá margadh ann don cineal seo saothair mar atá léirithe ag na ceannrodaithe, John Spillane agus Louis de Paor.

Léiriú eile atá ann ar an margadh d’amhráin i nGaeilge gur díoladh breis is 30,000 cóip den albam, Irish Songs We Learned At School, a d’eisigh John Spillane roimh na Nollag. Is cinnte go mbeidh an dara albam ann, ceapaim, le figiúirí diolacháin chomh h-ard le sin.

Is léir go bhfuil margadh ann don Ghaeilge – ach ní léir dom go bhfuil lucht na Gaeilge ag baint leasa as an mhargadh sin. Is mór an trua go bhfuil ár bhfuinneamh ar fad, is cosúil, dírithe ar rudaí gan tairbhe ar nós aistriúcháin in aisce.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s