Bua mór Hunger agus cláracha eile Ghaeilge

Ní raibh mé i láthair ag ocáid bhronnta Ghradaim Acadamh Scannáin is Teilifíse na hÉireann – nó na IFTAs – i mBaile Átha Cliath oíche Dé Satharn.

Ach dá mbeinn bheinn im sheasamh le h-omós do George Morrison a bhuaigh gradam ar leith as a shaothar saoil, bheinn ag bualadh bos ar shon Aifric, an clár do dhéagóiri, a bhuaigh an craobh don chlár óige ab fhearr, ar son In The Name of The Fada a bhuaigh dhá ghradam, an gradam don chlár Ghaeilge is fearr agus an gradam don chlár faisnéise is fearr. Ní h-ionann sin, áfach, agus an scannán faisnéise is fearr.

Bhuaigh clár Ghaeilge an gradam don chlár spoirt is fearr freisin – tréaslaím le Andrew Gallimore [Fastnet Films] agus TG4. Bhí oíche maith ag cláracha Ghaeilge agus ag cláracha TG4 – go deimhin d’eirigh le TG4 níos mó gradaim a bhuachaint ná mar a dhein TV3.

Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí anseo.

Tá moladh tuillte freisin ag Hunger, an scannán faoi stailc ocrais Bhobby Sands. Is dócha go bhfuil sé thar am go raibh saol agus íbirt an fhir seo á aithint san ealaíon anois.

Ní raibh sé i gconaí amhlaidh. Tá líne ó dhán éigean – b’fheidir gurb é Bobby Sands féin a chum é – The Men of Art have lost their heart – a ritheann liom agus mé ag smaoineamh ar seo.

Agus tá alt speisiúil faoi eachtra amháin a tharla, cruinniú idir Danny Morrison agus Seamus Heaney ar an dtraen, anseo. Mar aon le freagra ar bhlag Danny Morrison féin.

Má tá cleas na n-ealaíona ag déanamh cúiteamh éigean ar a neamairt ar Bobby Sands i gcaitheamh na mblianta, is léir domsa go bhfuil a iar chomrádaithe pholatúla ag ligint i ndualgais i leith an méid a dúirt sé agus a scríobh sé i leith na Gaeilge i ndearmad.

Ach sin scéal le h-aghaidh lá eile agus blag eile.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s