An cheist €6m+

De reir tuairisc sa Sunday Tribune inniu, caitheadh – nó cuireadh amú – breis is €6m ar chaipéisí rialtais a aistriú go Gaeilge le sé bliana anuas.

Ach i bhfirinne, tá an fhigiúir níos mó ná sin. Nó ní chuirtear san áireamh an tuairim is 90 eagras stát atá scéimeanna teanga aontaithe acu leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe is Gaeltachta.

Tá a fhios agaibh nach bhfuil morán measa agam ar aistriúcháin agus go gcreidim gur tubaistí teanga iad Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas Oifigiúil na Gaeilge sa Chomhaontas Eorpach.

Cuirim an cheist anseo: an fearrde an teanga gur caitheadh na mílte Euro ar ráiteas straitéise na Roinne Ghnóthaí Eachtracha a aistriú go Gaeilge?

Dá mbeadh €6m le caitheamh agat, agus níl ansan ach an chodán is lú den chaiteachas seo, arbh fhearr leat dá mbeadh an t-airgead sin, €1m in aghaidh na bliana, ar aistriúcháin den tsort atá luaite agam thuas nó, mar shampla, ar nuachtán laethúil Ghaeilge – Lá Nua mar a bhí – nó fiontar teanga fiúntach eile?

Sin mo cheist _ agus mo fhreagra. An bhfuil moltaí nó freagraí agaibh?

13 de thuairimí ar “An cheist €6m+

  1. amlaoibh o hiodrascail

    Is píobaire aon phort thú! Ní gá go mbeadh aon bhaint ag €1m sa bhliain a bheith á chaitheamh ag 15 roinn rialtas le dúnadh LÁ NUA. An féidir leat rud ar bith a phlé gan Lá Nua a tharraingt isteach ann?

    Freagra
  2. Ping: Ceol ón gCroí agus An Gaelic Hit Factory « iGaeilge

  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní gá go mbeadh aon bhaint ag an an €1m+ sa bhliain a chaitear ar aistriucháin agus cliseadh Lá Nua. Tá’n ceart agat faoi sin Amhlaoibh. Ag an am chéanna táim ag ceangal an dhá rud nó gach rud amaideach a chaitear airgead leis – agus creidimse go bhfuil sé amaideach bheith ag caitheamh airgead ar chaipéisí Béarla nach léitear a aistriú go Gaeilge – ciallaíonn sé go bhfuil níos lú airgid ann le h-aghaidh rudaí ciallmhar – agus creidimse go mbeadh luach níos fearr le fáíl as €1m in aghaidh na bliana a chaitheamh ar nuachtán laethúil Ghaeilge – Lá Nua – a fhoilsiú. Ar an lá is measa a d’fhoilsíodh Lá Nua, bhí sé ag díol 1,500 coip – an mó caipéis rialtais aistrithe go Gaeilge atá léamh mar sin acu? – ar an lá is fearr dhíol sé 4,400 (ABC, Lúnasa 2003).

    Ach mar a luaim sa mheamram is déanaí, tá úsáidtí eile ann don airgead seo. B’fheidir go bhfuil tuairim agat féin nó arbh fhearr leat bheith ag léamh chaipéisí oifigiúla aistrithe go Gaeilge ná bheith ag léamh nuacht as Gaeilge nó ag tabhairt cluas do cheol chomhaimseartha i nGaeilge?

    Bíodh agat mas sin is fearr leat….

    Freagra
  4. aonghus

    Bheadh ceisteanna agam faoi iontaoibh an ailt seo:

    The Official Languages Act 2003 makes it obligatory that all government publications must be available in both Irish and English.

    Níl sé sin fíor.

    Cá bhfuair siad an figiúr seo, mar shampla:
    “The Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs was unsurprisingly the biggest spender, with €3.26 million in translation costs.”

    Bhí scéal iomlán eagsúl i bhFoinse na seachtain seo chaite.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Tá an fhigiúir €3.26m, abhairín ard. I bhFoinse, áfach, tuairiscíodh go ndúirt an Aire ná raibh sé indéanta an fhigiúir a mheas de bharr go raibh an polasaí riamh ag an Roinn ábhar a chur ar fáíl go dhá theangach.

    Bíodh sin mar atá ní chreidim go bhfuil amhras ann ach go bhfuil suim mhór airgid á chaitheamh ar aistriúcháín nach bhfuil úsáid á bhaint astu ach an líon is lú daoine – má tá duine ar bith á úsáid. Agus creidim go bhfuil bealaí eile níos mó ar leas na Gaeilge an t-airgead sin a úsáíd.

    Ní mór a chur san áireamh freisin nach bhfuil i gceist sa scéal ach 15 ranna Rialtais – cad faoi na h-eagrais poiblí eile, iadsan atá scéimeanna acu [timpeall ar 90 san iomlán]- cad é an méid airgid atá siad ag cur amú ar na h-aistriucháin seo?

    An bhfuil aithne agat ar éinne a bhaineann úsáid rialta as na h-aistriucháin seo?

    Freagra
  6. GGN

    “An bhfuil aithne agat ar éinne a bhaineann úsáid rialta as na h-aistriucháin seo?

    Am ar bith a bhfuil plé le déanamh agam le rannóg Saorstaiteach déanaimse as Gaeilge é.

    Sin thart ar uair sa mhí go pearsanta. Ach bheinn ar shuíomhanna idirlín ar bhonn laethúil. Tá súil agam féin go leanfaidh an stáit ar aghaidh ag cur seirbhisí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

    Freagra
  7. aonghus

    “Tá an fhigiúir €3.26m, abhairín ard”

    Tá. Agus sin geall le leath an méid i dtuairisc an Tribune – dream a bhíodh ag rá go mbeadh na céadta mílliún á chuir amú de bharr an Acht Teangan.

    Agus ní hé sin an chéad uair go raibh siad mí chruinn.

    Táthar de shíor ag diriú ar scéalta mar seo, le míchruinneas. Tá amhras orm faoi na scéalta seo, agus creidim go bhfuiltear á scaipeadh ar mhaithe le aird a tharraingt ón feabhas a thug an Acht – go bhfuil, mar shampla, ardú mór thagtha ar an líon daoine atá sásta gnó tré Ghaeilge a dhéanamh leis an gComhairle Contae in oifig an Chlochán Leith, de bharr na céimeanna a glacadh i Scéim Co Co Dhún na nGall.

    Cinnte, tá ceisteanna le cur faoi caipéisí bolscaireachta a chuireann ranna Rialtais ar fáil. Ach bheadh sé thar a bheith saonta ceapadh go gcaithfí an airgead sin – ar cuid de buiséid riaracháin na ranna é – ar aon rud fonta don Ghaeilge murach an dualgas dlí atá orthu sciar ana bheag den méid a fhoilsíonn siad a fhoilsiú as Gaeilge.

    Tá fiúntais táineastacha leis na dualgas seo. Cuireann siad ina luí ar an stáitseirbhís nach dtig liom neamhaird a dhéanmah ar ceisteanna Gaeilge agus iad ag pleanáil.
    Agus bíonn ar an nGaeilge dul i ngleic le béarlagar an lae inniu seachas a bheith srianta do réimse chúng na healaíona.

    Níl an rud foirfe, tá an dul chun cinn mall, … ach ní chreidfinn rud ar bith a scríobhann dream chomh neamhchruinn le ridirí “Teilefís de Lorean” san Tribune!

    Freagra
  8. Concubhar O Liathain

    Tuigim go maith go mbionn deacrachtaí ag nuachtáin Bhéarla firící faoin nGaeilge a chur i láthair go cruinn agus go neamhchlaonta. [B’é Kevin Myers san Irish Times a bhaist ‘Teilifís De Lorean’ ar TnaG dála an scéil].

    Ag an am chéanna níl sa mheid atá á chaitheamh ag na rannaí Rialtais ach codán bheag den iomlán atá á chaitheamh ar aistriúcháin san earnáíl phoiblí.

    Úsáid dúr é ar airgead an Stát – agus is túr an úsáid é freisin ar na h-aistritheoiri, na scríobhnóírí Ghaeilge is cruinne sa tír seans – go gcaithfidís a saol ag solathar aistriucháin ar chaipéisí nach bhfuil éileamh orthu.

    Cinnte tá gá le cur chuige níos ciallmhaire maidir le caiteachas an Rialtais maidir le h-abhar bolscaireachta cuma cén teanga ina bhfuil sé.

    Ach tá gá do phobal na Gaeilge bheith níos cliste faoi freisin. Cinnte níl aon chinnteacht go gcaithfí airgead atá á chaitheamh ar aistriúcháin ar an nGaeilge murach gur ar an aistriúchán a bhí sé á chaitheamh. Ach dá ndeinfí cás ar son roinnt tograí fiúntacha, iad san atá luaite agam agus eile, bheadh sé deacair diultú.

    Maidir le pointe GGN, deinim féin mo ghnó trí Ghaeilge ó dheas. Ba cheart go mbeadh daoine sa stat chóras ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge mar gur chaith siad 13 bliain ar scoil ag foghlaim na Gaeilge agus níor cheart go mbeadh airgead breise á chaitheamh ar ‘oiliúint’ chun iad a mhúineadh conas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois. Má tá na daoine cearta á earcú, le na caillíochtaí cuí agus na scruduithe is na cailíochtaí acu de reir na gcritéir, níl aon ghá le h-oiliúint bhreise thar mar a chuirfeá oiliúint ar dhuine le h-aghaidh sain chúram agus is minic go mbionn na cúrsaí seo saor in aisce nó saor go leor ó aisínteachtaí eagsúla ar nós Fáilte Ireland.

    Freagra
  9. Greavsie

    B’fhearr liom féin aon bhille rialtais a léamh i nGaeilge chruinn ná an truflais a bhíodh i Lá.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Os rud é go bhfuil tú ag íoc go daor as, is méanar duit a Greavsie bheith ag léamh na billí seo. Bain sult astu. Sílim go bhfuil sé go h-íontach go bhfuil an Rialtas sásta an oiread sin airgid a chaitheamh ag cur ábhar leitheoireachta oiriúnach ar fáil d’aonaráin uaigneach is cancráín cosúil leat….

    Creidim go raibh Lá/Lá Nua ag cur seirbhís mhaith ar fáil – ach ní raibh an seirbhís gan locht. Ach nuair a chuimhníonn tú go raibh Lá ag fáil deontas de €1,500 in aghaidh an eagráin – agus go bhfaigheann Foinse €7,500 (fógrai Rialtais as an áireamh) agus Comhar (€8,500 nó €40 in aghaidh an choip díolta] sílim go Lá ag cur níos mó ná luach an deontais ar fáil.

    Freagra
  11. aonghus

    Chuige seo atá mé: má tá togra fiúntach le cuir ar aghaidh, cuirtear ar aghaidh ar a bhonn fhéin é.

    Níl sé ciallmhar é a nascadh le dualgas dléathach eile a scaoileadh. Thiocfadh sé nach mbeadh ceachtar ní againn ina dhiaidh sin. Samhlaidh na cinnlinnte gliondaracha “Prominent Irish language journalist confirms Language Act is a waste of money”

    Féach mar a d’úsáid RTÉ TnaG agus RnaG chun gearradh siar ar an méid Gaeilge a chraolann siad.

    Is amhlaidh don Stáitchóras tré chéile é.

    http://www.coimisineir.ie/index.php?page=reachtuil&tid=11&lang=

    Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:
    aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;
    aon tuarascáil bhliantúil;
    aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;
    aon ráiteas straitéise atá déanta faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997;
    aon doiciméad a fhorordaíonn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (i gcomhar le hAirí eile, más cuí) go bhfuil tábhacht mhór phoiblí ag baint leis (Alt 10 den Acht).

    Níl le haistriú ach an méid gur mian leis na ranna go léifí!

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    An mír dheireannach ansan, níl le h-aistriú ach an méid gur mian leis na ranna go léifí, sin do thagairt féin nach ea?

    Nó an liosta atá ansin de chaipéisí a chaithfear bheith ar fáíl go comhuaineach, baineann sin le 650+ eagras poiblí. Cé mheid cainteoir Ghaeilge a léifidh an 650 tuarascáil bhliantúil sin?

    An léifeása iad? Ní léifinn iad. Obair in aisce iad a aistriú. Ach níl sé saor ó chostas, ar an droch uair.

    Tuigim go maith go mbeadh an claonadh ann i measc na h-údaráis an airgead atá á chaitheamh ar aistriúchán na dtuairiscí sin a úsáid ar son rud ar bith ach an Ghaeilge ach ritheann sé liom, fiú mura mbeidís i nGaeilge agus mura mbeadh an t-airgead á úsáid ar son na teanga, go mbeadh an Ghaeilge níos fearr as gan a bheith ceangailte leis an maorláthas atá ag tachtadh na tire seo. Níl na h-aistriúcháin seo ar leas na Gaeilge – níl siad ann ach ar mhaith le siombalachas suarach éigean agus níl aon duine ach an aistritheoir níos fearr as dá bharr. An aistritheoir agus an Rialtas atá ábalta a rá le pobal na Gaeilge, cén fath nach bhfuil sibh sásta, d’iarr sibh aistriúcháin agus anois tá siad agaibh, bígí á léamh. Tá sé cosúil leis an uair a dúirt Marie Antoinette le cosmhuintir na Fraince bheith ag ithe cacaí milis nuair a bhí siad ag fáil bháis leis an ocras ceal aráin.

    Mar sin, fiú mura raibh focal i nGaeilge ar phaipéarachas an Rialtais, bhéinn níos sásta ná mar atáim faoi láthair agus sinn báíte ag Gaeilge nach fiú a léamh.

    Freagra
  13. Ping: An chraiceann is fearr á chur ar scéal COMHAR… « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s