An Lucht Oibre chun tosaigh ar Fhianna Fáil

De réir an pobal bhreith is déanaí, tá Páirtí an Lucht Oibre imithe chun tosaigh ar Fhianna Fáil den chéad uair.

Is iad seo torthaí suirbhé TNS/MRBI:
Fine Gael 32 (-2)
Lucht Oibre 24 (+10)
Fianna Fáíl 22(-5)
Sinn Féin 8 (+1)
An Chomhaontas Glas 4 (gan athrú)
Neamhspleaigh 9 (-4)

Is é seo an freagra a bhíos ag súil leis nó creidim gurb é Éamon Gilmore is fearr a chruthaigh a mhianach mar cheannaire le seachtain anuas.

Ciallaíonn an toradh seo go bhfuil Fianna Fáíl tar éis leath dá chuid tacaíochta a chailliúint ón olltoghchán dheireannach.

De réir torthaí phobal bhreith na gceannairí, tá Eamon Gilmore ag 44% agus tá eisean i bhfad chun tosaigh ar gach ceannaire eile. Ní raibh titim ró mhór ar fhigiúirí an Taoisigh – nó thit sé sin 2%. Ach ní raibh sé ard sa chiall dul síos agus anois is é an ceannaire leis an figiúir is ísle – tá sé ag 22%.

Scéal imeallach – agus ní dócha gur íontas é nó is pairtí imeallach é Sinn Féin – nach bhfuil aon méadú suntasach ar Shinn Féin – suas 1% go dtí 8%.

Léiríonn sé go bhfuil an páirtí ‘radacach’ seo ar an imeall trath gur cheart do bheith ar mhuin na muice. Is é an pairtí is faide bhunaithe sa tír iad ach tá sé cosúil is gur pairtí coimhthíoch é ina thír dhúchais.

4 thuairim ar “An Lucht Oibre chun tosaigh ar Fhianna Fáil

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Is e mo bharúil go bhfuil Fianna Fáil ar shlí na fiarainne agus is é seo an rud is suantasaí a thiocfaidh as an meathlú sa gheilleagair ná go mbeidh deireadh le “Saighdiúirí na Ciniúna” mar an páirtí is mó sa tír.Ní Féidir le muintir na hÉireann iontaobhas a bheith i bFianna Fáil a thuilleadh.An fadbh anois ná nách bhfuil morán rath ar pairtithe an fhreasúra, am anois do bhunú páirti nua chun seans a thabhairt do na “coping classes”.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    mar a dúirt an té a dúirt (is í an eacnamaíocht a amadáin) má éiríonn le Fianna Fáil cuma a chur orthu féin i gceann bliana go dtug siad an tír fríd an eigeandáil seo agus go bhfuil biseach éigin ar an eacnamaíocht Ní chuirfinn as an áireamh é go rachadh siad i gcumhacht arís.Is minic nach gcuimhnítear ar an arán a hítheadh (nó sa chás seo nár hítheadh)

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    Ceart go leór a Sheamuis. Thug alán daoine vóta do FF san toghacháin déireannach cé go raibh siad amharasach faoi Bertie agus a bhua ar na capail ach anois tá FF taréis dul ro-fhada,treas !!!!todhchaí stáit daonlathaigh nó ar a laghaidh todhchaí eachnamaíochta an stáit agus todhchaí ár bpaistí a chur i mbaol.Ní mor do FF tréimse súntasach a chaitheamh san freasúra chun umhlaíocht a fhoghlaim.Cuimhnigh ar comh sotalach agus atá Muintir Flynn agus baoill éile i FF.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    is é an trua é, a Sheáin, go bhfuil muintir na tíre seo an chaoinfhulangach agus is maith leo na “CELEBRITIES”. beidh le feiceáil

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s