Ar a laghad, ghabh siad leithscéal

Tá sé deacair bun nó barr a aimsiú sa scéal casta is achrannach maidir le mí-iompar na mbanc. Tá a fhios agam go bhfuilim mí-shásta faoin méid a tharla, faoi bainc a bheith ag déanamh comhcheilg le cheile chun a mí iompar a cheilt ón bpobal mór agus, anuas ar sin, feidhmeannaigh sna bainc sin ag íoc tuarastail agus bónais móra dóibh féin fiú nuair atá an tóín ag titim as an ngeilleagar agus breis is 300,000 gan post.

An oiread is na polaiteoiri, tá na h-ard feidhmeannaigh sna bainc ag tarraingt tuarastail atá i bhfad níos airde ná an ghnath thuarastal. I gcas priomh fheidhmeannach Bhanc na hÉireann, tá tú ag caint ar thuarastal atá 100 uaire níos airde ná an mean tuarastal ag an ghnath oibrí, thart ar €34,000. Níl an iolróir chomh mór sin i gcás na bpolaiteoirí ach tá sé mór a dhothain. Agus ansan cuirtear san áireamh na polaiteoirí atá ag saothrú pinsean agus ag tarraingt pinsin ag an am chéanna, leitheidí Enda Kenny, Bertie Ahern.

Sa chás go bhfuil an banc i mbun gnó agus ag tuilleamh brabhúis, maith go leor. Creidim féin gur ‘brabhús bréige’ a bhí á fhogairt ag na bainc ar feadh na mblianta agus iad ag cur an dubh ina gheal orainn – agus orthu féin – faoin rachmas sealúchais, iad ag tabhairt iasachtaí ollmhóra d’fhorbróirí agus a leitheid chun eastáit tithíochta a thogáil. Tá cuid acu san ag luí folamh ar fud na tíre, cuid acu anseo i mo cheantar dúchais, Gaeltacht Mhúscraí.

Sa chás go bhfuil na bainc anois ag brath ar iasacht ollmhór uainne, pobal na tíre, tá gá le níos mó umhlaíochta ó na bainc. Agus os rud é go bhfuil an €7bn seo ceadaithe do na bainc ó Chiste Chúltaca na bPinsean, sin é ciste an phobail, ag ár gcinnirí pholatúla, bhuel tá sé in am doibh glacadh leis an millean atá ag dul doibh as ucht cead a chinn a thabhairt don míriail sa chóras airgeadais agus iad ag cur ina luí orainne go raibh gach rud ina cheart. Dúirt siad go mbeadh ‘tuirling bhog/soft landing’ ag an ngeilleagar.

Tá súil agam go bhfuil a tónacha deas tinn anois.

Ach tríd seo ar fad, nior chualamar aon duine ag gabhail leithscéil. Nior chualamar aon baincéir ag gabhail leithscéal nó níor chualamar polaiteoir ag tabhairt le fios go raibh aiféaltas air.
Tá gá le leithscéal. Tá gá le leithscéal ó chroí agus ansan bogfaimid ar aghaidh. Sin atá tarluithe sa Bhreatain, bhí scuaine fada baincéirí ag gabhail leithscéil agus iad á gceistiú i Westminster. Is minic go raibh siad ag rá go raibh brón orthu faoin dochar a deineadh – seachas an dochar a deineadh de bharr a gcuid mí iompair – ach is tús é.

Tá siad ann a deir nach mbeadh ach tabhacht siombalach le seo. Ach i ré seo na mímhuiníne, tá gá le beartais siombalacha le cur ina luí orainne an phobail go dtuigeann siad an dochar atá déanta acu agus anois go bhfuil gá le h-obair chun an dochar sin a chur ó mhaith.

Ar aghaidh linn mar sin, táimíd ag éisteacht….

Aon tuairim amháin ar “Ar a laghad, ghabh siad leithscéal

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Ní doigh liom go mbeidh na baincéirí sotalacha ag gabhail leithscéal.Tá na baincéirí ro-fite fuaite leis na foirbreoirí agus le Fianna Fáil.Déirigh leo an dubh a chur ina gheal orainn in aimsir O`hÉochaidh agus bhí ar na gnáth oibreoirí íoch as an gearrchéim eachnamíochta `sna heochtodaí.Tá an rud cheanna ag tarlú anois.Treas a bhí ag siúl ag na caimiléirí sin,a chur saoirse ár ndaonlathas i mbaol.Caithfear fáil reidh le Fianna Fáil anois don t-am deireannach mar ní féidir iad a léasú. Am mhaith a bheadh sé chun páirtí nua polataíochta a bhunú.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s