Spioraid na Cinsireachta beo go fóill

Is cosúil gur um an dtaca seo den bhliain, i 1994, a cuireadh deireadh ar fad le Mír 31 den Acht Chraolacháin. B’shin an mhír a chur cosc ar ionadaithe ó Shinn Féin bheith faoi agallamh ar chláracha RTÉ – agus ní raibh ann ach RTÉ an uair úd cé go raibh teacht ar bhealaí eile teilifse.

Mar sin féin máireann spiorad na cinsireachta beo go fóill – agus is é Sinn Féin, nó tacadóirí/leithscéalaithe an phairtí sin, is mó atá ag cloí leis an spioraid sin. Is é sin mo thaithí pé scéal é.

Tá blag Ghaeilge agam anseo le bliain nach mór agus i rith an ama san ní doigh liom go raibh orm níos mó ná dornán trachtaireachtaí a chur ar cheal nó in eagar ar shlí éigean ar mhaithe le clúmhilleadh a sheachaint.

Creidim gurb é príomh fheidhm an bhlag diospóireacht a éascú agus mar sin ní maith an rud an chinsireacht má tá tú ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach.

Ag an am chéanna tá blagadóirí ann, iad san a mhaíonn go bhfuil siad ar son na Gaeilge agus iad san eile a bhaineann úsáid as an nGaeilge anois is arís, a chreideann nár cheart go mbeadh an bhlag s’acu mar ardán le h-aghaidh trachtaireachtaí a chreideann siad bheith ag tabhairt dúshlán do Sinn Féin.

Cuid de na daoine seo tá ceangal díreach acu leis an phairtí, cuid eile acu bionn siad ag gabhail leithscéala faoin mbealach, mar shampla, a chur Foras na Gaeilge, le cabhair SF, deireadh le Lá Nua anuraidh.

Ní luafaidh mé ainmneacha na mblagadóirí sin anseo – ach tá’s agam cá bhfuil cónaí orthu.

Ní fiú blag a bheith agat mura bhfuil tú ag iarraidh diospóireacht a chothú le daoine eile agus le diospóireacht ceart a bheith ann, ní mór don bhlagadóir a aithint gur féidir go mbeidh daoine ann nach mbeidh ar aon tuairim leis. Mura bhfuil an blagadóir ag iarraidh seo a dhéanamh, ní fiú bacadh leis. Cur amú ama atá ann.

Sé sin mura bhfuil tú ag iarraidh filleadh ar na sean laethannta nuair a bhí mír 31 fós i réim…ah, the good old days….

6 thuairim ar “Spioraid na Cinsireachta beo go fóill

  1. GGN

    Ach muna bhfuil tú sásta a rá cé tá ag déanamh ‘cinsireachta’ ort ní féidir le duine sin a sheiceáil dóibh féin.

    Chomh maith leis sin, silím go bhfuil an cheart ag daoine cibé rud ab mhaith leo a ligint ar bhlag s’acu féin, mar shampla chonaic mise cinn nár lig do dhuine ar bith teachtaireacht a fhágáil orthu, sin maith go leor dar liomsa, ba mhaith le roinnt daoine ráiteas a dhéanamh agus an ríomhaire a chur as gan díospóireacht.

    Freagra
  2. GGN

    “Cén cineál cinsireachta atá i gceist agat?”

    Caithfidh sé gur ‘commenting’ atá i gceist, cad eile arbh fhéidir a bheith ann?

    Freagra
  3. Tuirseach

    Zzzzzzzzzzzzzz… Íosa a choncubhair, an bhfuil tú go fóill ag dul don chac seo? Níor scrios SF lá nua – wise up. Agus cinsireacht?!?? Dia ár sabháil…

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Ana dheas, Tuirseach. Go raibh maith agat as d’ionchur. Táim cinnte go músclóidh tú uair éigean ód’ chodladh pholatúil. Níl a fhios agam cén fath nach féidir le Gerry Adams cur suas le cúpla ceist ar a bhlag?

    Freagra
  5. Ping: Gairm ón dtaobh clé…. « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s