RTÉ: An Craoltóir Cam

Cathal Ó Searcaigh

Cathal Ó Searcaigh


Tá Cathal Ó Searcaigh i mbéal na nuachta arís. Tharraing sé siar ó pháirt a ghlacadh san Late Late Show Dé hAoine seo chaite nuair a tugadh le fios go mbeadh ar an agallamh a thaifeadadh roimh ré.

Ar ndóigh tuigimíd cén fath go mbeadh an Late Late Show, an seo beó teilifíse is fad bhunaithe ar an dteilifís ar chlár cruinne, agus ní de bharr go bhfuil suim as an nua ag RTÉ i bhfilíocht na Gaeilge.

Baineann sé leis an gclár faisnéise(?), Fairytale of Kathmandu, a craoladh um an dtaca seo anuraidh, clár inar liamhaíodh go raibh Ó Searcaigh ag baint mí úsáide as a shaibhreas chun stócaigh a mhealladh chun craiceann a bhuaileadh leis agus é ag cuairteoireacht i Kathmandu, mar a dhein sé gach bliain.

D’admhaigh an fhile in agallamh a thaifeadadh nuair a d’fhill sé ar Ghort a’Choirce go raibh sé tar éis luí le na fir óga seo ach shéan sé gur bhain sé mí-úsáid astu agus an liamhain sotto voce gur turasóir gnéis a bhí ann.

Níl aon amhras orm ach go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an bhfile faoina iompar i leith na fir óga seo ach táim lán chinnte nach ardán é Fairytale of Kathmandu a thug cothrom na féinne do.

Táim chomh cinnte céanna nach mbeadh agallamh réamh thaifeadta ar an Late Late Show ina ardán a thabharfadh cothrom na féinne do. Cúirt changarú a bheadh ann.

De réir na tuairisce seo, ghlac Ó Searcaigh le cuireadh chun agallamh a dhéanamh ar an Late Late Show agus é den tuiscint go mbeadh an t-agallamh sin beo beathach. Thuig sé freisin go mbeadh dhá agallamh le beirt fhear óg ó Kathmandú á chraoladh roimh ré, agallaimh a rinne comhlacht neamhspleach a thaifeadadh.

Maidin Dé hAoine, dúirt RTÉ gur theastaigh uatha an t-agallamh a réamh thaifeadadh mar gheall ar:

The broadcaster stood by its decision not to allow a live interview. “We do not agree with the substance of his feelings that a pre-recorded interview is an unfair interview. We simply thought it was prudent to prerecord the interview given the complexities and sensitivities involved,” the spokesman said.

Is seó beo é an Late Late Show – ní cuimhin liom go ndearnadh agallaimh a deineadh réamh thaifead orthu a chraoladh riamh roimhe mar chuid den seó. Ní h-ionann sin is a rá nár tharla sé sin ach is cinnte gur féidir a rá gur feiniméan é nach dtarlaíonn ach go fíor annamh.

Anuas ar sin chinn RTÉ gan na h-agallaimh leis an beirt fhear óg – atá réamh thaifeadta – a chraoladh. Cén fath a bhí leis an diultú sin?

Caithfear a chur san áireamh freisin gur thug déantóir an scannáin féin, Neasa Ní Chianáin, den tuairim go raibh RTÉ ag cur brú uirthí clúmhilleadh a dhéanamh ar Uí Shearcaigh. Dúirt sí an méid sin agallamh le Foinse.

Tá sé ráite mar shampla:

On Friday, Late Late Show researchers informed Ó Searcaigh that the interview would have to be prerecorded. Ó Searcaigh said he had agreed that two independently-recorded interviews given by a number of young Nepalese men would be aired. The interviews would refute claims made in the “biased and contrived” documentary, but RTÉ had decided last Tuesday not to broadcast them.

Agus

Ó Searcaigh alleged there had been a late intervention by Ms Ní Chianáin’s production company Vinegar Hill and others in an attempt to block him telling his side of the story.

An RTÉ spokesman said “categorically” that there was no attempt by the documentary makers to influence the proposed interview. They had been told as a matter of courtesy last Thursday that he would be appearing, and had raised no objection

Má tá na h-agallaimh sin i seilbh ionadaithe Uí Shearcaigh, ba cheart iad a chraoladh ar chainéal eile agus táim cinnte go mbeadh go leor bealaí eile teilifíse a dhéanfadh amhlaidh. Nó chomh maith céanna nó níos fearr, d’fhéadfadh siad na h-agallaimh a chraoladh ar You Tube nó a mhacasamhail.

Agus is tuairim é sin a fhéadfadh Cathal a mhachnamh a dhéanamh air. Mura bhfuil fonn air agallamh a dhéanamh leis an Late Late Show – agus ní chuirfinn locht air as sin – nach bhféadfadh sé ceann a dhéanamh le craoltóir aitheanta, leitheidí VIncent Browne mar shampla, agus é a chraoladh ar You Tube?

Ní chreidim go mbeadh cothrom na féinne tugtha do Chathal ar ardán an Late Late Show – ach tá ardán ag teastáil uaidh chun a scéal a mhíniú mar is ceart agus, anuas ar sin, freagraí a thabhairt ar cheisteanna tromchúiseacha faoina iompar.

Is céimí le dlí mé agus is é sin an fath go dtugaim cosaint do Chathal. Creidim go bhfuil liamhaintí trom chúiseacha curtha ina choinnibh – cé nach bhfuil cúiseanna curtha ina choinnibh arbh fheidir leis freagra a thabhairt orthu i gcúirt dlithiúil – agus gur cheart do iad seo a fhreagairt go macánta i bhforam phoiblí agus bogadh ar aghaidh ansan lena shaol.

B’fhearr do RTÉ aird a dhíriú ar athnuachan a dhéanamh ar a dtuiscint ar luachanna nuachta ar nós ‘cothrom na féinne’ seachas bheith ag caitheamh airgead an cheadúnais, luach €1.3m, ar seomra nuachta nua…..

Stuideo Nuachta nua RTÉ

Stuideo Nuachta nua RTÉ

Aon tuairim amháin ar “RTÉ: An Craoltóir Cam

  1. Póló

    Aontaím go hiomlán leat.

    Ach cad eile a mbeifeá ag súil les ó Pat the Squatter, agallamh dáiríre nó mír tablóide.

    Tá an fear sin agus an “seó” aige náireach.

    Aon tseans go bhfaigheadh Cathal cothrom na féinne ó Ryan Tubridy?

    Nó an gá dó trial ar bealach raidió neamhspleách éigin .

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s