Ach creidim go bhfuil botún á dhéanamh ag Trevor clarú le Sinn Féin agus seasamh don pháirtí sin i gConamara. Is dearúd mór é ag duine ar bith a chreidiúint go bhfuil Sinn Féin ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta. Ar a son féin atá Sinn Féin.
Ná dein é, a Trevor!
Tá aithne agam ar Trevor Ó Clochartaigh ar feadh na mblianta fada agus is é mo thuairim gur duine den scoth é. Tá sé cumasach agus éifeachtach, dílis don teanga agus dílis don phobal. Ní fhéadfainn é a mholadh árd go leor.
Sea, aontaoím leat.Nuair a thárla aiséire Sinn Féin cheap mé gur pairtí difriúil iad a mbeadh go maith don ghlún óg.Ansin chruthaigh Gearód MacAdamh nách raibh aon tuiscint aige ar eachnamaíocht an Deisceart aimsir an toghacháin.Ansin thosnaigh sé ag athrú a scéal i rith an toghacháin.Ansin thosnaigh siad ag úsáid an Ghaeilge chun bob a bhualadh ar na hAondachtóirí agus ta`s againn an scéal faoi Lá Nua.Nil Sinn Féin ach ag gniomhú ar son Sinn Féin.Beidh anGhaeilge níos fearr d ùireasa Sinn Féin.