Iománaithe Chorcaí abú

Sílim go bhfuil sé thar am go mbeadh deireadh leis an aighneas seo idir iománaithe Chorcaí agus bórd an Chontae faoi cheapachán an bhainisteora foirne, Gerard McCarthy, mar ar thit sé anuas sa tréimhse roimh Nollag.

Níor nocht mé tuairim go dtí seo ar an suíomh seo ach sílim go léiríonn imeachtaí na deireadh seachtaine cé leo a sheasann pobal Chorcaí. Bhí breis is 10,000 ar na sraideanna i gCorcaigh Dé Satharn nuair a reachtáil na h-iománaithe mórshiúl agóide ar son a seasaimh – ag an cluiche Dé Domhnaigh nuair a h-imríodh cluiche i Sraith Náisiúnta na hIománaíochta idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath ní raibh ann ach 2,000. Agus cuid acu sin is dócha gur tacadóirí Bhaile Átha Cliath a bhí iontu.

Níl aon col agam do Gerard McCarthy ach creidim gur faoi phroiseas a bhí lochtach a roghnaíodh é. I bhfianaise na dtorthaí a bhí ag Corcaigh le dhá bhliain anuas faoina stiúr – níor bhuaigh siad craobh chluiche ar bith – bhí sé in am go mbeadh diospóireacht réadúil faoin bpost seo. Cá bhfios ach go mbeadh an toradh céanna air – ach mura raibh an diospóireacht ann, mura raibh rogha bainisteoirí ag an gcoiste, cén mhaith bheith ag caint?

Creidim go bhfuil pobal Chorcaí tar éis labhairt go soiléir agus is mairg an t-é – nó an t-eagras – nach dtabharfaidh éisteacht don bhreith sin.

Tá súil agam go ndéanfar beart chun teacht as an sáinn seo roimh dheireadh na seachtaine seo agus go mbeidh foireann cheart Chorcaí ar an bpáirc nuair a thabharfaidh an chontae aghaidh ar Thiobrad Arainn sa chéad babhta eile den chomórtas sraithe.

Beidh a seans ag na h-imreoirí óga a d’imir Dé Domhnaigh agus feicfear cuid acu i ngeansaí Chorcaí arís. Is mó an seans go mbeidh siad ar fhoireann bhuach má bhionn siad ag imirt gualainn ar ghualainn le laochra ar nós Seán Óg, John Gardner is eile.

Sea agus is cinnte go mbeidh deiseanna eile ag Gerard McCarthy ar thimpeallán na mbainisteoirí CLG….

7 dtuairim ar “Iománaithe Chorcaí abú

  1. Philip Cummings

    Ah now, de réir mo thuisceana ar thacaithe Chorcaí agus an tSraith Náisiúnta, níorbh aon drochscaifte é 2,000 Dé Domhnaigh. Taobh amuigh de Phoblacht Chorcaí, creidim go bhfuil an chuid eile den tír breán d’iománaithe 2008 agus dá gcuid féinmhórtas. Beidh mé ag tacú le foireann nua Chorcaí sa tSraith agus ag dúil go mbainfidh siad cúpla cluiche – agus go n-imeoidh iománaithe 2008 as radharc go ciúin. Bhí siad i gcónaí rómhórtasach as a gcúid methods agus preparations agus professionalism, amhail nach raibh foireann eile i oirdhiesceart na tíre a bhí lán chomh professional agus chomh methodical leo, cé go raibh siad níos rathúla ag an am céanna! Let the games commence…

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Feicfimíd cad a tharlaíonn. Is é an fhírinne ná go bhfuil an mheas ar na h-iománaithe seo i gCorcaigh – bhuaigh siad trí chraobh ó 1999 i leith agus bhí siad i dhá chluiche ceannais le cois sin. I dtréimhse ina raibh Cill Chainnigh ar barr a maitheasa – ní mór smaoineamh gur bhuaigh siad cúig chraobh sa tréimhse céanna. Nílim ag caitheamh anuas ar fhoirne eile, nílim ach ag tabhairt mo bharúil ar sheasamh iománaithe 1999-2008.

    Níl an infheistíocht á dhéanamh in iomáint Chorcaí ag Bórd Chontae Chorcaí ag aon libhéal. Nior eirigh le foireann ar bith ó Chorcaigh babhtaí ceathrú ceannais Craobh Choláistí na Mumhan a bhaint amach i mbliana agus níl ach dhá fhoireann ag an libhéal is airde – tá foirne ar nós an Mhainistir Thuaidh, alma mater Sheán Óg is eile, in ísle brí. Nior eirigh le foireann mhionúir Chorcaí craobh a bhuachaint le blianta fada agus tá amhras ann mura ghníomhaitear anois go mbeidh iomáint Chorcaí in áít na leathphingine ar feadh blianta fada. Ní ag maiomh atáim nuair a deirim gur droch scéal é seo don iomáint trí cheile trath go bhfuil níos lú foirne ag imirt an chluiche ag an libhéal is airde. An bhfuil aon fhoireann eile sa tír a thabharfaidh dúshlán Cill Chainnigh i mbliana? Nó bliain ar bith go dtí, abair, 2015? Agus cén staid ina mbeidh Craobh Iomána na hÉireann an uair sin?

    Freagra
  3. Philip

    Téann na rudaí seo thuas agus thíos; tiocfaidh lagtrá i gCill Chainnigh fosta am éigin. Is léir gur iománaithe den scoth agus foireann an-mhaith a bhí i bpainéal 08 Chorcaí, ach is é m’fhadhb go bhfuil an chuma orthu anois go síleann siad go bhfuil siad níos mó agus níos tábhachtaí ná an cluiche agus ná an contae féin. Tá fadhbanna i gCorcaigh cinnte – Frank Murphy is ainm dóibh uilgi beagnach. Ach cuir d’fhuinneamh isteach in iarracht fáil réidh le Frank Murphy agus lean leat ag iomáint san idir linn – sin mo chomhairle féin.

    Freagra
  4. An Guth Aduaidh

    Bíonn daoine ag tabhairt amach nach bhfuil Gerald Mac maith go leor. ach cadé an seans a fuair sé?Bhí an fhoireann seo ag dul anonn nuair a fuair sé í. Bhí siad míshásta leis sa chéad bhliain dó, dúirt Dónall óg sin ar an raidió agus bhí siad ar stailc sa dara bliain.Ansin d’imir siad dhá chluiche chomh maith is a bhí ann anuraidh. Tá siad i bhfad Éireann ró-lán dá gcumas féin. Agus ó thaobh óige Chorcaí de ta siad tar éis Tiobraid Árann a bhualadh le craobh na hÉireann a bhaint amach ag léibhéal na gairmscoile.Beidh mise ag tabhairt iomlán tacaíochta d’fhoireann Chorcaí na bliana seo chan an drong a bhí ann anuraidh. Up the Rebels, not the rabble!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Fuair Gerry McCarthy dhá bhliain sa phost agus tháinig deireadh lena chonradh. Ansin beartaíodh ar bhainisteoir úr a roghnú ach ní raibh ionadaithe an bhoird bhainistíochta sásta ach ainm amháin a chur san áíreamh, ainm GMcC. Níl sin slaintiúil. B’fheidir go bhfuil bainisteoirí eile ann a fhéadfadh jab níos fearr a dhéanamh.

    Mar atá’s ag DOT go maith, níl i gcraobh na ngairmscoileanna ach sruthán bheag a shníonn isteach in abhantrach mhór na h-iománaíochta. Tá gá le dul chun cinn ag libhéal na ngairmscoileanna agus ag libhéal na gcoláistí agus ag libhéal na Faoi 21 is eile.

    I gCill Chainnigh tá córas acadaimh ann a chuidíonn leis na h-iománaithe óga agus na h-iománaithe is fearr barr snáís a chur ar a gcuid scileanna -agus tá an toradh sin le feiceáil nó nar bhuaigh siad an Treble anuraidh – na mionúirí, na faoi 21 agus na sinsir.

    Ní doigh liom go bhfuil sé macánta ná úsáideach bheith ag caitheamh maslaí le dream ar bith – tá daoine ag seasamh le prionsabail ar an dhá thaobh. Tarlaíonn sé go bhfuilim ar thaobh na h-iománaithe a shaothraigh go dian ar son Corcaigh ó 1999 i leith agus creidim go bhfuil an méid sin tuillte acu. Feicim, áfach, go bhfuil argóint ag GMCC freisin, sa chiall is nár cheart gurb iad na h-imreoirí amháín a roghnaíonn an bhainisteoir a roghnaíonn na h-imreoirí ina sheal siúd. Ach ní doigh liom go bhfuil rud ar bith á lorg ag na h-imreoirí ach proiseas macánta ceapacháin seachas proiseas cur i gcéill.

    Freagra
  6. Ping: Spioraid na Cinsireachta beo go fóill « iGaeilge

  7. Seán Mícháel O Donnchadha

    Mar duine neodrach caithfear go bhfuil rud mí-cheart ag leibhéal Bhórd an Chontae.Tá scéalta a gcloisint againn faoi Frank Murphy tríd na bliana.Anseo i gCiarraí bhi cúpla focal ag Cathaoirleach Bórd an Chontae leis na peileadóirí sinseartha nuair a bhi siad ar tí Jack O`Conchubhair a thabhairt ar áis.Iar-bhainisteoir a bhi ann agus leabhar sách conspóideach fóilsithe aige.Bhí gach duine sasta tarraingt le cheile, fiú Tadgh Kennelly táréis teacht ar áis ón Astráil.Tá a fhios ar muintir Chiarraí nach bhfuil Tír Éoghain ná aon chontae éile chun Craobh na hÉireann a thabhairt ar phláta dóibh.Caithfidh muintir Chorcaí claoi leis an mána “ní neart go chur le chéile.”Chun é sin a dheanamh caithfear fáil réidh le Gerald McCarthy, Frank Murphy nó fiú painéal 2008.Tá cinneadh práinneach le déanamh i gCorcaigh nó beidh na péileadóiri sáite sa sainn comh mhaith.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s