SF ag gabháil leithscéil ar son an Fhorais

Is fánach an áit nach bhfaighfeá gliommach. Bhí mé thall ar shuíomh Niall Ó Donnghaile, preas oifigeach Shinn Féin agus ionadaí duthrachtach sa Trá Ghearr, agus chonaic mé an blúirín eolais seo faoi mhistéir atá níos runda ná triú mhisteir Fatima.

An scéal sin scéal chúntais Fhoras na Gaeilge, scéal atá tuairiscthe againn go minic ar an suíomh seo. Níl cúntais foilsithe ag an bhForas le h-aghaidh na blianta 2004 go dtí 2008.

De réir suíomh SF, tá an ceist tógtha ag an gCathaoirleach ar Choiste Chultúr, Ealaíon is Foillíochta, Barraí Mac Giolla Dhubh, sa Chomhthionól.

Rud atá spéisiúil faoin mhéid a dúirt an tUasal Mac Giolla Dhubh, gur léir go gceapann sé go bhfuil deacrachtaí ag an bhForas le foilsiú na cúntais nach mbaineann leis an bhForas, deacrachtaí a bhaineann leis an líon foirne atá acu agus deacrachtaí a bhaineann leis an ceangal atá idir an Fhoras agus an Boord o’ Ulster Scotch.

Is cosúil go bhfuil an Foras ag maíomh go bhfuil siad ag cúl lena gcuid oibre de bharr nár méadaíodh an fhoireann ag an bhForas go 65 faoi mar ar gealladh i 1999 nuair a bunaíodh an Fhoras.

Dá mbeadh sé soiléir go díreach cad a dheineann an 43 fostaí atá ag an bhForas, bheadh an leithscéal sin níos éasca a thuiscint.

Is léir nach n-aithníonn an Fhras go bhfuil géarchéim eacnamaíochta ann – nuair is iad féin atá ag lorg cabhrach breise – agus más amhlaidh go gceapann Ferdie agus a fhoireann go mbeidh siad ag earcú breis foirne sa ré seo, is cinnte go bhfuil dul amú nach beag orthu. B’fheidir gurb é 6 Cearnód Mhuirfean ‘Talamh Iontais na Gaeilge’?

Is cosúil freisin go bhfuil rátaí éagsúla pá á íoc ó thuaidh is ó dheas den teorainn. Dar ndoigh, is cinnte go mbeadh feidhmeannaigh an Fhorais buartha faoi seo ar shlí nach mbionn siad ró bhuartha faoin phá – nó an easpa phá – atá á ioc le daoine atá – agus a bhí – fostaithe in eagraíochtaí atá ag obair i ngort na Gaeilge.

Ceist spéisiúil a bheidh le cur anois cé acu an mbeidh fostaithe an Fhorais – agus aisíneachtaí tras teorainn eile – ag díol an tobhach pinsin a fhograíodh le linn na seachtaine. An mbeidh sé á ioc ag fostaithe atá suite ó dheas agus nach mbeidh sé á íoc ó thuaidh?

Agus cad iad go díreach na deacrachtaí leis an Boord o’Ulster Scotch agus cúntaisí an eagrais sin?

Sin iad mo cheisteanna.

Is léir ón méid atá ráite ag Barraí Mac Giolla Dhubh go n-aithníonn Sinn Féin gurb é ról an phairtí seasamh an Fhorais a chur i láthair. Ní aithníonn Sinn Féin, is cosúil, go bhfuil deacrachtaí súntasacha ag pobal na Gaeilge le Foras na Gaeilge de bharr mí-eifeacht agus mi-stiúr an institiúid teanga tras teorainn.

Is fáda é sin ón ról a shamhlódh cosmhuintir na Gaeilge le Sinn Féin.

Ní h-é nach n-aithním go bhfuil deacrachtaí ag an bhForas – ach caithfidh mé a rá gur beag an trua atá agam don áisínteacht de bharr na cinntí granna atá glactha acu agus an treo mícheart ina bhfuil sé ag taisteal.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s