Éabhlóid nó réabhlóid

Is minic mé i mbun rachta anseo faoi ghné eigean den saol atá ag cur as dom. Ach tá gá le níos mó ná racht – tá gá le beart.

Dé Máirt seo chaite agus é ag trácht ar chainteanna na bpáirtithe shoisialta, cainteanna a thit an tóin astu ag a ceathar a chlóg ar maidin, dúirt David Begg ó ICTU go mbeadh réabhlóid ann dá gcuirfí i bhfeidhm an tobhach pinsin a bhí molta ag an Rialtas ag na cainteanna céanna.

Bhuel cuirfear an tobhach i bhfeidhm in aineoin an méid a bhí le rá ag Uachtarán ICTU. Ní dhealraíonn sé go mbeidh réabhlóid.

Ach ní h-é sin ábhar mo rachta anocht. Táim ag iarraidh teacht ar thuiscint faoin rud atá gá leis ó thaobh todhchaí na tíre seo, todhchaí na Gaeilge, todhchaí ár chultúr Ghaelach.

Seo an rud, mar a dheirfeadh mo shean chara, Gearóid Ó Cairealláin. Tá gá le h-athrú sa slí a dheintear rudaí, tá gá go dtiocfadh an ghlúin, mo ghlúin chun tosaigh, chun an ualach a bhí á iompar ag an dream romhainn a ghlacadh agus ár gcrut féin a chur ar chúrsaí.

De réir mar a fheicim áfach is é an slí a tharlaíonn rudaí go ndeintear an glúin atá ag teacht aithris ar an nglúin a chuaigh rompu agus, b’fheidir, go mbionn athrú nó dhó ar an slí a deintear rudaí. Ach sin an méid. Éabhlóid seachas réabhlóid a bhionn i gceist.

Ach is léir dom nach n-oibreoidh éabhlóíd – den tsort sin – sinn a thabhairt slán ó na deacrachtaí ina bhfaighimíd sinn féin

Réabhlóid atá de dhíth. Athrú iomlán. Sna seachtainí atá romhainn, beidh mé ag tabhairt a thuilleadh eolais faoin mhéid atá i gceist agam.

Fear amháin a thuigeann sin, Seamus Mac Seáin, [agus Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill], nó an rud a rinne seisean agus muintir Bhóthar Seoighe gur thug siad dúshlán an chórais ar fad agus bhunaigh siad an scoil agus b’shin an rud a d’athraigh gach rud, an beart dúshlánach sin agus an dearcadh dúshlánach a ghabh leis, ‘Ná h-abair é, dein é!]

Aon tuairim amháin ar “Éabhlóid nó réabhlóid

  1. Philip

    Ach, ná bac leis sin, a Choncubhar, agus inis dúinn do dhearcadh ar fhíorcheist an lae, .i. iománaithe Chorcaí, an dá dhream acu…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s