Dualgas agus dúshlán RTÉ

600_news_banner Fógra speisiúil ag RTÉ, an craoltóir náisiúnta, ach tá lúb ar lár ann, nach bhfuil?

Shamhlófá, mar shampla, go raibh RTÉ ag cur seirbhíse nuachta idirlíne ar fáil. Ach níl. Bhuel tá seirbhís ann i mBéarla ach níl seirbhís ann i nGaeilge.

Lean an nasc go bhfeicfidh tú.

Ní h-é go bhfuil sé dodhéanta seirbhís a chur ar fáil i gcúpla teanga ar an idirlín. Féach cad é a dheineann BBC na Breataine Bige.

Agus féach freisin cad a dheineann ár gcáirde féin ar bheagán acmhainní….

Os rud é go bhfuil sé i gceist, de reir dealraimh, go mbeadh údarás craoltóíreachta amháin in Éirinn, agus b’fhéidir go mbeadh an t-údarás seo i bhfeidhil ar RTÉ [atá gan údarás faoi láthair, ar cheart bheith ag súil go gcuirfí an smacht céanna ar RTÉ maidir le comhlíonadh dualgaisí an chraoltóra náisiúnta i leith na Gaeilge is ar chuir Coimisiún Craoltóireachta na hÉireann ar Newstalk tar éis go bhfuair an staisiún raidió sin reidh leis an t-aon chlár Ghaeilge ar an sceideal, Splanc.

De réir na tuairisce seo, tá sé ráite le Newstalk go mbeidh orthu Splanc agus clár ealaíne, The Culture Show, a chur ar ais ar an sceideal roimh deireadh na míosa seo.

Nach mbeadh sé go deas go ndeinfeadh RTÉ beart de réir briathar…. Is é seo thíos a deirtear i gcaipéis pholasaí a d’éisigh RTÉ i 2006.

Cuirfidh RTÉ oidhreacht chultúrtha na hÉireann chun cinn trí:
• Léiriú a chinntiú de ábhar ardchaighdeáin, sa dá theanga
• Ár n-aschur réigiúnach a neartú
• Ilghnéitheacht an phobail a cheiliúradh– na hócáidí trína gcónasctar sinn san
áireamh
• Nádúr fuinniúil na hÉireann sa lá inniu a chur in iúl

Agus ná déanaimís dearúd – fiú má tá sé ligthe i ndearmad ag RTÉ – go bhfuil dualgaisí ar RTÉ de réir dlí…..

Tá sé thar am go raibh bórd neamhspleach ann le freagracht ar an mbórd sin do chraoltóíreacht in Éirinn. Is léir gur ag saothrú ar son leasa RTÉ – seachas an lucht féachana – a bhí údáráis an chraoltóra náisiúnta roimhe seo.

Aon tuairim amháin ar “Dualgas agus dúshlán RTÉ

  1. Iora Rua

    An bhfuilimid chun seirbhis nuachta ar bith a fhail inar dteanga fein? La Nua curtha chun bais. RTE ag meiseail mar seo. Na hirisi go dona. (Dala an sceil, feach http://www.ceartaguscomhar.webs.com – lathair idirlin an-speisiuil faoi na rudai a thit amach i gComhar.) Murach igaeilge, an Druma Mor, na blaganna eile, ni bheadh aon rud fagtha againn. Caithfimid brath orainn fein ach ar ndoigh ni sceal nua e sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s