Cad is fiú “cothromas” don Ghaeilge?

aontaseorpach
Sin mo cheist. Eascraíonn sé ón méid a tugadh dom mar fhreagra ar an méid seo a bhí scríte agam in alt roimhe seo:

Tubaistí don Ghaeilge iad an stadas oifigiúil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl aon seasamh le raiteas an Rialtais i leith na Gaeilge thar mar a bheadh ag eisiúint oifigiúil aer the ar bith!

Ar ndóigh, sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an bhfód, bhí an Ghaeilge chun tosaigh ar an mBéarla, de réir na Bunreachta. Reachtaíodh an reachtaíocht sin i 2003 agus, mar thoradh ar sin, cuireadh laincis ar an nGaeilge. Anois ní raibh sé chun tosaigh ar an mBéarla, bhí sé ‘cothrom’. Anuas ar sin tá ar gach eagraíocht stát scéim a aontú leis an Aire chun na dualgaisí atá ar an eagraíocht sin a leagadh síos. Ag an gcomhaireamh dheireannach bhí thart ar 90 scéim daingnithe.

Ach cad is fiú scéim daingnithe? Má fhéachann tú ar an liosta feicfidh tú, mar shampla, go bhfuil an Roinn Oideachais is Eolaíochta ann. Chuir comhleacaí glaoch ar an Roinn seo in Atha Luain ar na mallaibh ag lorg duine áirithe san oifig ansin. Bhí ainm an duine seo ag mo chomhleacaí i nGaeilge nó b’shin an ainm a bhí ar litir a seoladh chuig an chomhleacaí. Nuair a tugadh an ainm seo don bhfeidhmeannach a fhreagair an fón, ní raibh a fhios in aon chorr ag an duine sin cé a bhí i gceist. Go deimhin léiríodh mí chuirtéis do mo chomhleacaí as ucht an trioblóíd a chuir ar ionadaí na Roinne bheith ag plé le h-ainm Ghaeilge mar seo. Sa deireadh chuir mo chomhleacaí an fón síos agus fuarthas uimhir díreach don duine a bhí á lorg ó chomhleacaí eile agus cuireadh an glaoch agus deineadh an gnó, i nGaeilge.

Má tá an Roinn Oideachais sásta duine nach bhfuil tuiscint acu ar an nGaeilge agus atá dúr le cois a chur ag freagairt an fón i bpríomh oifig de chuid na Roinne, cad a deir seo mar gheall ar fhiúntas na ‘scéime’?

Níl ansan ach sampla amháin. Thógfainn ceist freisin faoin fhiúntas atá leis an scéim i bhfianaise an chosaint atá an Roinn go fóíll ag déanamh ar an meamram ag cur cosc ar thumoideachas. Agus cad faoi cothromas a bheith ann ó thaobh téacsleabhair Ghaeilge is téacsleabhair Bhéarla? An bhfuil sin ann – níl ná baol air.

Ní miste liom stadas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge san Aontas Eoraip chomh fada augs go gciallaíonn sin rud éigean i bhfírinne do chainteoirí Ghaeilge in Éirinn agus, go deimhin, san Eoraip.

Ar éigean go n-éistim leis an méid a bhíonn le rá acu i mBéarla nó i dteanga eile ar bith i bPairlimint na hEorpa. Tuigim go mbeadh corr Fheisire ag labhairt i nGaeilge anois is arís, leitheidí Seán Ó Neachtain agus Bairbre de Brún, ach ní fheictear dom go bhfuil aon meachan leis an meid a deir siad. Mar sin de, cad is fiú é?

Maidir leis an stuif eile go léir atá ar fáil i nGaeilge ón Aontas Eorpach – an bhfuil pobal na Gaeilge níos fearr as dá bharr? Suíomhanna idirlíne ar nós an ceann seo – má bhrúann tú ar nasc ar bith, abraimís an ceann a deirtear gur féidir lán léargas ar an AE a fháíl ann, ní bhfaighidh tú ach leathanach Béarla ar son do thrioblóíd.

Arís eile, fiú dá mbeadh an leathnach seo i nGaeilge, cad is fiú é? Níl ann ach leathnach i measc na milliún leathnach eile atá ar fáíl ar shuíomh an Aontais. An bhfuil tabhacht aige seo i do shaol – beag an baol ach gur tusa a d’aistrigh é.

Dá mbeadh an t-airgead a chaitear ar an aistriuchán in aisce seo le caitheamh ar chuidiú phraicticiúil do chainteoirí Ghaeilge – mar shampla tacaíocht d’ionaid teanga ar nós Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar fuaid na hÉireann agus, ná dearúdaimís, corr cheann san Eoraip in áíteanna ar nós an Loibhéin sa Bheilg nó Lubin sa Pholainn, nach mbeadh leas nios fearr as sin? Nó cabhair le h-aghaidh staisiún raidió craoladh sa teanga ársa Eorpach seo, an Ghaeilge?

Tá airgead na Gaeilge á ligean le sruth mar gheall ar an ró bhéim ar aistriúcháin agus gan a dhothain béime ar chabhair phraicticiúil do chainteoirí agus úsáideoirí na teanga.

Sin é mo bharúil. Cad é bhúr dtuairim?

Mar eolas don t-é a dúirt go mbeadh leitheidí TG4 thíos le h-aisghairm Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní miste liom an méid seo a rá. Níl mír ar bith san Acht a deir tada faoi TG4. Bhí TG4 ar an bhfód sara dtáinig Acht na dTeangacha Oifigiúla chun tosaigh mar smaoineamh. Bhíos ar an dream a bhí ag agóidíocht ar son TG4, trath go raibh ciall ag baint le feachtais na Gaeilge.

6 thuairim ar “Cad is fiú “cothromas” don Ghaeilge?

  1. aonghus

    Ceist measartha casta atá ann:

    Ach cad is fiú scéim daingnithe?

    Seo an chuid is láidre den Acht, dar liom. Ciallaíonn sé go bhfuil ar bhainistíocht an dream atá luaite sa scéim soláthar cruinn a dhéanamh do sheirbhísí trí Ghaeilge. Agus má locann siad, tá bealach chun é sin a iniúchadh.
    Murab ionann agus roimhe, nuair a b’éigean cás cúirte a thógaint; agus níl fedihm níos mó leis an léithscéal (bréagach) nach bhfuil aoinne ag éileamh an seirbhís. Má tá sé geallta, caithfear é chuir ar fáil.

    Sin feabhas mór.

    Maidir leis an chás a luaigh tú, mholfainn an cheist a chuir i scríbhínn faoi bhráid na Roinne, le cóip ag an Coimisinéir. Go háirithe más ag sarú an scéim a bhí an duine úd.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá 90 scéim daingnithe – agus tá 550 le dul mar sin. Má sharaítear scéim, cad é an pionós? Slaipín ar an riosta – má sharaítear ordú cúirte, d’fhéadfadh priosún a bheith mar éiric! An rud a léirigh mé ná raibh tairbhe leis an scéim mar ná raibh fiacal leis agus ná raibh eifeacht aige ar pholasaí. Tá sé cosúil is go ndeirfeá is go raibh teastas sabháilteachta tine ag tigh tabhairne a bhí dóite go talamh.

    Na téacsleabhair, an tumoideachas is oiliúint do mhúinteoirí sa Ghaeilge – samplaí den chineál rud ar cheart don Roinn a bheith ag tacú leo faoi scéim nó dlí. Ba cheart go bhféadfaí talamh tirim a dhéanamh de chuirtéis.

    Os rud é gur comhleacaí liom a rinne an glaoch agus a fuair an údair gearáin mar thoradh air, fagfaidh mé ag an duine sin an cinneadh gearán a dhéanamh. Ní léir dom go mbeadh brí nó eifeacht leis an ghearán a dhéanamh.

    Freagra
  3. aonghus

    B’fhearr liom cinnte dá mbeadh an bata atá ag an Coimisinéir níos troime. Ach ar a laghad tá bata aige, agus is dóigh liom go mbeidh éifeacht – mall – ag a chigearacht.

    Má deántar gearán nuair nach comhlíontar gealltanais, nó má bhítear míbhéasach, beidh ar a laghad taiféid go raibh éileamh ar an seirbhís.

    Freagra
  4. aonghus

    Dála an scéil, tá bealach na cúirte fós oscailte dóibh siúd ar mian leo í ghlacadh. Ach cé mhéid againn a chuirfidh an stró costasach sin orainn?

    Freagra
  5. GGN

    An dtugann tú tacaíocht d’Acht na Gaeilge ó thuaidh go fóill?

    Caidé an difear eadar sin agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Cén Acht Teanga ó thuaidh? Ar reachtaíodh rud eigean agus mé ag féachaint i dtreo eile? Níl fiú Bille Teanga ó thuaidh. Feachtas atá ó thuaidh ar son reachtaíochta – ba cheart bheith cruinn beacht agus sinn ag caint ar an abhar seo.

    Thug mé tacaiocht d’fheachtas POBAL mar go raibh rudaí uatha le dealramh – bhí plé ann faoi chúrsaí oideachais agus na meáin, réimsí a imríonn tionchar ar iompar dhaoine. Tugaim tacaíocht i gcónaí do POBAL mar gheall ar an dea obair a dheineann siad cé go bhfuil mé in amhras go mbainfidh siad an sprioc atá curtha rompu amach, sé sin reachtaíocht teanga le dealramh a chosnóidh agus a thacóidh leis an nGaeilge i mbealaí praicticiúla tairbheacha – seachas siombalacha – ó thuaidh.

    Na réimsí a clúdaíodh in Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas, ní fhéadfá a rá go bhfuil duine amháin sa bhreis ag labhairt Ghaeilge de bharr gur reachtaíodh é.

    Níl aon tionchar á imirt ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas ar labhairt na Gaeilge – an fhianaise is cinnte de sin go raibh stat sheirbhísígh ó thuaidh ag moladh cur chuige bunaithe ar scéimeanna, seachas cur chuige bunaithe ar chur chuige bunaithe ar chearta, ó thuaidh trath go raibh siad ag plé an abhair go réasúnta dairire ag deireadh 2006.

    Rud eile atá difriúil ó thuaidh go bhfuil an aighneas seicteach ar chúl chuile rud. Tá gá le cosaint reachtúil don Ghaeilge mar gheall ar sin agus mar gheall ar, freisin, nach bhfuil aon cosaint eile ann don Ghaeilge – mar atá an Bunreacht ó dheas. Ní fiú bheith ag caint ar Comhaontú Aoine an Chéasta nó Comhaontú Chill Rimhinn – tá sé soiléir go bhfuil siad gan brí ar cheist na Gaeilge.

    An rud ba mheasa a fhéadfadh titim amach go mbeadh reachtaíocht ó thuaidh agus go bhfagfaí an Ghaeilge agus an Albainis Uladh ar aon chéim bíodh is gur teanga í an Ghaeilge agus gur canúint is ‘cultúr’ atá i gceist le hAlbainis Uladh. Bheadh siad ‘cothrom’ de reir dlí ansin. Agus is é mo bharúil gurb é seo an rud a thitfidh amach de bharr Sinn Féin bheith dall ar gach rud ach fanúint i gcumhacht.

    An rud atá de dhith ó thuaidh, níos mó ná reachtaíocht, ná tacaíocht do Ghaelscolaíocht, do phobail Ghaelacha, do na meáin Ghaeilge.

    Freagra

Freagra