Moladh d’Fhoras na Gaeilge

Ní mór bheith cothrom. Níl gach rud a dheineann Foras na Gaeilge gan ciall nó éifeacht, cé go mbionn a mhalairt á rá agam anseo go minic.

Agus tá moladh le dul don bhForas as an mbeartas nua atá seolta acu i gcomhar le Vodafone. De réir comhleacaí liom, oibríonn an seirbhís nua tuar théacs, a seoladh inné i mBaile Átha Cliath, go brea ar fad.

Luadh pointe amháin liom, áfach, agus is é sin go bhfuil míbhuntaiste amháín ag baint leis an seirbhís seo. Insealbhaítear é sa chóras ‘Feidhmeanna’/Applications seachas sa chóras teachtaireachtaí. Mar sin de ní bheidh sé sa ghnath áit.

Tá Samsung Tocco agam féin faoi láthair agus go dti maidin inniu ní rabhas ábalta úsáid mar is ceart a bhaint as an bhfeidhm ‘tuar théacs Ghaeilge’ ar an bhfón. Ní raibh tuiscint maith a dhothain agam ar an gcóras chun é a chur ag obair. Anois tá tuiscint níos fearr agam agus táim chun seans eile a thabhairt don Tocco féachaint an mbeidh mé ábalta úsáid mar is ceart a bhaint as an ngiuirléid seo.

Is féidir teacht ar an seirbhís nua seo, Téacs, anseo.

Go n-éirí leis.

Ceist amháin agam, áfach: Os rud é gur fhorbair Samsung an chóras roimhe seo, gan cabhair ó Fhoras na Gaeilge is cosúil(?), an raibh aon seans ann go mbeadh Vodafone tar éis é seo a dhéanamh iad féin, gan cabhair ón mhargadh?

Aon tuairim amháin ar “Moladh d’Fhoras na Gaeilge

  1. aonghus

    Níor bhain mise feidhm as tuarthéacs ar chor ar bith go dtí go bhfuair mé an Tocco – de bharr go mbím ag malartú teangacha go minic. Ach tá sé sin thar a bheith éasca ar an Tocco – fiú laistigh d’aon téacs amháin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s