SCANNAL: Aisínteacht Stáit atá ag obair

The question we ask today is not whether our government is too big or too small, but whether it works

Dar liomsa b’é seo an líne ba thabhachtaí in oráid Barack Obama an Mháirt seo chaite. Is é seo croí na ceiste i Stáit Aontaithe Mheirceá agus anseo ar oilean easaontach na hÉireann. Is fiú go mór an t-alt seo ar an cheist a léamh.

Is beag atá cloiste agam sa nuacht go fóill faoi thuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta, a seoladh inniu, ach ritheann sé liom go bhféadfadh ceannteideal cineál diultach a bheith ar an scéal i bhfianaise an méid atá ráite le seachtainí beaga anuas faoi mhí éifeacht na h-earnála seirbhíse phoiblí.

SCANNAL: Aisínteacht stait ag obair! Postanna á chruthú le linn culú eacnamaíochta! Fís don todhchaí á léiriú! Gaeilge á spreagadh i measc an phobail!

Sea, tá roinnt trachtairí agus ionadaithe ón saol ghnó imithe ar buile le cúpla seachtain anuas agus iad ag iarraidh na cosa a bhaint ón earnáil seirbhíse phoiblí. Gan amhras ní h-é sin le rá nach bhfuil cúpla pointe maith á dhéanamh – tá rudaí a fhéadfaí a dhéanamh níos fearr. Tá airgead á chur amú i dtograí éagsúla stait, leitheidí an Feidhmeannacht Seirbhísí Sláinte, mar shampla.

Ach, seo an rud, caithfear béim a leagadh ar na h-áisínteachtaí sin a bhionn ag obair. A bhíonn ag déanamh dul chun cinn i ngort nach bhfuil badhúil ar bhealach ar bith. Agus gan aon buiochas a bheith á fháíl acu as a gcuid allais.

De réir na tuairisce atá éisithe ag Údarás na Gaeltachta, is iad seo na cinnlínte ón ráiteas a h-éisíodh inniu:

An líon post sa Ghaeltacht coinnithe slán in 2008

1,269 post nua lánaimseartha cruthaithe

1,024 post nua lánaimseartha ceadaithe le hinfheistíocht iomlán de €100m

Na hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha fós ag fás

Fás i bhfostaíocht i bhfiontair dhúchasacha

An aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta.

Bheadh cuma i bhfad Éireann níos fearr ar na bhfigiúirí seo ach amháin gur thug Contact 4 na cosa leo ag fágáil na céadta gan a bpostanna. Fuair an chomhlacht seo tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta chun glaolannaí a chur ar bun i nGaoth Dobhair, ar Oileán Acla agus sa Daingean. Tá ordú cúirte faighte ag an Údarás in éadan úinéir an chomhlachta le h-aghaidh £1.2m agus beidh le feiceáil cé acu an bhfaighidh siad an t-airgead seo ar ais.

Ag an am chéanna, is cinnte gur léirigh An tÚdarás an mianach cheart chun an t-airgead seo a lorg, mianach nach ionann leis an easpa cnamh droma atá léirithe ag an Rialtas go dtí seo ar cheist an Bhainc Angla Éireannaigh. Ba mhaith liom, lá éigean, Seán Mac Giolla Phádraig agus a chomhleacaithe a fheiceáil os comhair na cúirteanna ag freagairt ceisteanna faoina iompar i leith na ‘n-iasachtaí’ a fuair siad óna mbanc féin agus, is cosúil, atá á aisíoc as sparán an phobail, sé sin le rá, ár bpócaí féin!

Tá rud eile ar féidir a rá faoi fhigiúirí an Údaráis. Tá siad foilsithe. Níl siad faoi cheilt mar atá torthaí aisínteacht tras teorainn áirithe nach bhfuil tar éis tuairiscí a éisiúint do bhliain ar bith ó 2004 go dtí 2008. Tabhair faoi ndeara nach seo an ‘Tuarascáil Bhliantúil’ – foilseofar sin lá níos faide anonn, ach is tuairisc chuimsitheach macanta é ar an méid a baineadh amach anuraidh. Má tá laincis ar Fhoras na Gaeilge tuarascáil a fhoilsiú go foill de bharr iad a bheith ceangailte le Bord na hAlbanaise Uladh, nach féidir leo ocáid a reachtáil chun a gcuid figiúirí féin a chur os comhair an phobail? Nó an é go bhfuil rud eigean le ceilt ag Foras na Gaeilge?

B’fheidir gur cheart do Brian Cowen aireacht eile a bhunú – nó an cúram a ghlacadh chuige féin, is cuma liom – agus go mbeadh an ról ag an Aire/Taoiseach sin is atá ag Nancy Killefer, ard reachtaire ar fheidhmiú an Rialtais.

An bhfuil spriocanna le baint amach nár baineadh amach?
An bhfuil bealaí níos éifeachtaí ann chun nithe a bhaint amach?
An bhfuil an Rialtas oscailte is tre dhearcach a dhothain – sa deireadh thiar tá siad ag obair ar son an phobail, nach bhfuil?

Dea shampla é Údarás na Gaeltachta don earnáil phoiblí. Níl sé gan locht, gan amhras, ach tá sé ag feidhmiú go h-eifeachtach taobh istigh de na srianta atá air.

2 thuairim ar “SCANNAL: Aisínteacht Stáit atá ag obair

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Maith tú Údarás na Gaeltachta as an dea obair agus na figúirí a fhoilsiú.Aontaoim go huile is go hiomlán leis an t-údar gur cheart daoine ata chiontach a thabhairt ós na cuairte. Cad ina thaobh nách an CAB Gníomhach ‘sna Clocha Liath igCill Mantáin.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    caithfear traosladh le UnaG as á néifeacht agus as an tuairisc seo a chur in ár láthair.Bíonn dhá dtrian éifeachta le trédhéarcacht agus foilsiú cuntais de réir cosúlachta.An leor nod don eolaí ó thaobh eagraíocht ghaeilge eile de?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s