Bás an nuachtáin á thuar…arís

Tá Lá/Lá Nua marbh. Ach tá An Druma Mór ann ina áit agus ag déanamh jab den scoth faoi cheannas an eagarthóra Eoghan Uí Néill. Comhghairdeas leo as ucht an ainmniúchán le h-aghaidh an gradam do Bhlag Ghaeilge na Bliana nó an Blag Is Fearr A Bhaineann Úsáid as an nGaeilge. É tuillte go maith ag An Druma Mór agus tá súil agam go mbeidh sin ina spreagadh acu agus iad ag dul i mbun a gcuid oibre. Fuair iGaeilge agus roinnt eile bhlagann Ghaeilge ainmniúcháin freisin. Ar aon nós, beidh scéal eile faoi sin lá níos faide anonn. Bíodh an bua ag an mblag is fearr…..

Deirtear – agus tá sé ráite agam anseo go minic roimhe – go bhfuil deireadh le ré an nuachtáin agus tá an rud céanna á thuairisciú ag an iris ársa liteardha, The New Yorker.

he newspaper is dead. You can read all about it online, blog by blog, where the digital gloom over the death of an industry often veils, if thinly, a pallid glee. The Newspaper Death Watch, a Web site, even has a column titled “R.I.P.”

Nó an bhfuil sé marbh? Nár deineadh bás an nuachtáin a thuar uair nó dhó roimhe seo.

Níl a fhios agam an bhfuil sé marbh nó nach bhfuil. Cheannaigh mé an Irish Times inniu in ainneoin gur féidir liom é a léamh ar líne gan chostas. Cheannaigh mé an nuachtán ar mhaithe leis an fhorlionadh faoin Chéad Dáil féachaint an raibh aon alt i nGaeilge ann agus mar shuaitheantas.

Ach is cinnte nach bhfeicim aon nuachtán Ghaeilge san fhoirm chló amháin ag teacht slán. Agus sin an fath go bhfuil mé in amhras faoi thodhchaí Foinse de bharr go bhfuil an nuachtán sin go mór ar chúl i gcúrsaí idirlíne. [In aineoin na bolscaireachta atá á dhéanamh go leanúnach ag colúnaí Foinse, Pól O Muirí, ina cholún san Irish Times faoi cheannródaíocht an nuachtáin.]

Is maith liom, áfach, go bhfuil an nuachtán ag déanamh iarrachtaí sa treo sin – agus tá an plean atá acu físeáin a chur ar fáíl ar líne chun cuidiú le daltaí atá ag tabhairt faoin Bhéal Triail le moladh. Beidh le feiceáil cé acu an eireoidh leis nó nach n-eireoidh. Fiú má tá an tairge maith go leor ann féin, tá sé riachtanach go mbeadh sé ar fáil go h-éasca ar líne.

Aon tuairim amháin ar “Bás an nuachtáin á thuar…arís

  1. séamus Mac Seáin

    Níl mé cinnte go bhfuil port an phaipéir chlóite seinnte a dhotháin go fóill, cé go bhfuil sé ag dul sa treo sin ,shílfea. Sin an fath a bhfuil NUACHT 24 ag tairiscint paipéar clóite uair sa seachtain do shíntiúsóirí.Bíonn daoine ag dúil le rud éigin ina lámha acu ar shon a gcuid airgid,sílim.B’fhéidir go nathróidh rudaí ar ball mar gheall ar sin ach ní shílim go bhfuil an tam sin sroichte go fóill againn

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s