Tús le ré Obama

obama
Ní raibh mé timpeall nuair a h-insealbhaíodh John F Kennedy ina Uachtarán ar SAM i mí Eanáir 1961 – ach mothaím, b’fhéidir, go raibh an cineál seo mothúchán san aer de bharr fear óg misniúil agus éirimiúil bheith ag teacht i gcumhacht.

Caitliceach de shliocht Éireannach abea JFK. B’é an chéad Chaitliceach a toghadh ina Uachtarán ar SAM – niorbh é an chéad Éireannach faoi mar a bhionn lucht Albainis Uladh ag cur i gcuimhne dhúinn de shíor.

Cé go bhfuil sé á maíomh gur de shliocht Éireannach é Barack Obama [nó tá bailte in Uibh Fháilí agus Tiobrad Arann ag bruíon faoi cad as a tháinig sinsir Obama ar thaobh a mháthair], baineann a úire le dath a chraicinn agus substaint a charactair, mas ceadmhach dom aistriú abhairín bacach a dhéanamh ar an méid a dúirt Martin Luther King na blianta fada ó shin.

An rud is spéisiúla domsa faoin Uachtarán nua agus an rud is mó a spreagann dóchas ionam gur féidir go mbeidh, an uair seo, fíor athrú ann, go mbeidh fíor athrú ann, is é sin an iarracht atá á dhéanamh aige an chosmhuintir, iad san a thacaigh leis trath an olltoghcháin, a ghríosadh le h-eagrú i measc a bpobal féin chun na pobail sin a athrú chun feabhais.

Is é sin an chúis, de reir dealraimh, go bhfuil sé go fóill ag báiliú airgid chun an fheachtas sin a leanúint. Bhí amhras orm faoi seo – ach táim sásta anois go bhfuil sé ag dul an treo ceart.

An ceacht atá le foghlaim sa tír seo, ní h-é mar a cheapann roinnt ionadaithe ó Fhianna Fáil gur féidir leo – nó aon páirtí eile – gur féidir go n-eireoidh leo an pobal a ghriosadh chun tacú leo ach feachtas idirlíne den tsort céanna a reachtáil.

Is é an ceacht atá le foghlaim in Éirinn nach féidir linn rud chomh tabhachtach agus tarrtháil na tíre a fhagáil faoi na polaiteoirí. Caithfimíd bheith mar chuid den ghluaiseacht chun athruithe agus má tá polaiteoirí ann ar mhaith leo cuidiú, maith go leor.

Is iad sinne na cinnirí anois. An bhfuilfimíd reidh don dúshlán sin?

Where a man will be judged not by the colour of his skin but the content of his character.

Ar aon nós, beidh go leor á iompar ar a ghualainn ag an Uachtarán nua thofa ón lá amarach….dochas a thír féin agus dóchas an domhain.

2 thuairim ar “Tús le ré Obama

  1. séamus Mac Seáin

    go néirí leis ach mar a dúirt an té a dúirt.” EVENTS” a chara “EVENTS”

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s