An bhfuil an cholúnaí ina chodladh nó ina mhúscailt?

Saothar ón dtaispeantas i Leabharlann Chreagai
Saothar ón dtaispeantas i Leabharlann Chreagaí

Tá sé ráite agams roimhe anseo agus ní bheidh mé cuthallach faoi anois.  Is beag mo mheas ar an gcolúnaí leis an Irish Times, Eagarthóír Ghaeilge an nuachtáín sin, Pól  O Muirí.   Tá dearcadh éagsúil agam ar an slí a d’fhás an Ghaeilge ó thuaidh i gcaitheamh na mblianta agus ní réitím lena dhearcadh. 

Ar aon nós, tá a dhearcadh éagsúil le tabhairt faoi ndeara go soiléir ina cholún san Belfast Telegraph inniu agus é ag cur síos ar an dtaispeantas faoi leabhar Cholmcille a osclaíodh le déanaí ag Leabarlann na Carraige /Cregagh an tseachtain seo chaite. 

Ba seo a bhí le rá aige agus é ag cur síos ar an ‘mbua’ iomráiteach seo: 

What a cultural coup for the organisers of the event: Colmcille, an organisation that aims to strengthen links between Irish-speaking Ireland and Gaelic-speaking Scotland and the ULTACH Trust, a group who promote Irish on a cross-community basis — and a group who have had to endure some vicious criticism from the Provo language brigade over the years. Still, what a victory. It was not the slabbers, the table-thumpers or the fantasists who brought Paisley into the language fold, it was the quiet, conscientious and dedicated workers of Colmcille and the ULTACH Trust.

Níl a fhios agamsa faoi Phól ach níor chréid mé riamh go raibh ann don ‘Provo Language Brigade’ agus ní aithním ón aithne atá agam ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste na ‘slabbers’ agus ‘table thumpers’ seo a luann sé.  B’fheidir go bhfuil corr ‘fantasist’ ann nó cad is Cultúrlann McAdam O Fiaich ann ach toradh  ar shaothar cúpla ‘fantasist’!

Ní chreidim gur ann don ‘Provo Language Brigade’ seo a luann sé.  Tá daoine ann i

Pól Ó Muiri, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, Colúnai le Foinse agus an Belfast Telegraph

Pól Ó Muirí, Eagarthóir Ghaeilge an Irish Times, Colúnaí le Foinse agus an Belfast Telegraph

 ngluaiseacht na poblachta, maith go leor, a shanntaíonn an Ghaeilge.  Bhí agus tá daoine sa ghluaiseacht céanna a thacaíonn go dluth leis an teanga agus gur mó an cloch é ar a bpáidrín ná an Phoblacht féin fiú – agus tá an oiread ceart acu san tacú leis an teanga is atá ag Ian Paisley nó ag duine ar bith eile.   Ach, don mórchuid, is gluaiseacht gallda é gluaiseacht na poblachta, gluaiseacht atá cúl tugtha aici le fada don teanga ach a bhaineann úsáid aistí ó am go chéile ar mhaithe le cúinsí pholatúla.   Uaireannta tá seo ar leas na Gaeilge, uaireannta eile níl.  Ba léiriú ar an dearcadh pholatúil atá ag an ngluaiseacht seo ar an nGaeilge go raibh ráiteas scor an IRA i Lúnasa 2005  go h-iomlán i mBéarla.  Más buan mo chuimhne, ní raibh riamh ráiteas ón IRA i nGaeilge. 

Is cuimhin liom bheith míshásta faoi seo uair amháin, trath ar deineadh an forogra.   Cainteoir Ghaeilge aitheanta, go deimhin tá sé ina bhall ainmnithe ar Fhoras na Gaeilge ag Sinn Féin anois, an t-é a dhein an forogra, Séanna Breathnach, agus mhothaigh mé go mbeadh sé ina ‘choup’ deas don Ghaeilge ar bhonn domhanda dá mbeadh an ráiteas stairiúil seo i nGaeilge.  Ní amhlaidh a tharla – agus anois táim díreach chomh sasta. 

An rud a chuireann íontas orm faoin ráiteas ó cholún Uí Mhuirí atá le léamh thuas nár léir ón ráiteas go raibh a fhios ag an cholúnaí go raibh Ian Paisley faoi agallamh ar Raidió Fáílte, staisiún raidió atá go h-iomlán oscailte don phobal agus chomh tras phobalach is nach bhféadfadh colúnaí ón Belfast Telegraph a shamhlú, agus é i láthair ag an ocáid atá faoi chaibidil aige. 

An amhlaidh nár thug  an cholúnaí faoi ndeara na tuairiscí sa Belfast Telegraph féin faoin ‘scúp’ stairiúil seo?   

Nó an é go bhfuil O Muirí ag caitheamh le Raidió Fáílte sa chás seo mar ar chaith sé ar feadh na mblianta le Lá/Lá Nua, is é sin gan tagairt dá laghad a dhéanamh don obair atá ar bun ag leitheidí Raidió Fáílte, Cultúrlann McAdam O Fiaich agus eile [agus a bhí ar bun ag Lá Nua, gan amhras] chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus an oiread de gach pobal agus ar féidir a thabhairt lei?

Bhí an dearcadh sin, Gaeilgeoirí maithe agus droch Ghaeilgeoirí, go mór chun cinn scór bliain ó shin.  Bhí sé mar pholasaí Rialtais ag an am a chinntiú nach bhfaigheadh eagrais áirithe aon chabhair airgid de bharr ‘amhras’ go raibh an t-airgead sin ag dul i dtreo paraimilitigh an IRA.  Ní raibh bunús leis an uair sin – agus níl bunús leis anois. 

Níl a fhios agam cad a chreideann Pól O Muirí faoi Raidió Fáilte agus an bhfuil tuairim aige nó nach bhfuil faoin scúp a fuair an staisiún raidió sin, agallamh le hIan Paisley, ag an ocáid seo, oscailt oifigiúil an taispeantais ealaíne is seoladh an leabhair faoi Cholmcille.   Bheadh ar dhuine bheith ina chodladh le seachtain anuas gan an scéal faoin scúp a thabhairt faoi ndeara.  Bheadh ar dhuine bheith ina chodladh le fiche bliain gan a thabhairt faoi ndeara go bhfuil deireadh tagtha le ré na ndea Gaeilgeoirí is na ndroch Ghaeilgeoirí.  Fiú aithníonn Ian Paisley an méid sin anois!   

Agus ar eagla na mí-thuisceana, ní h-ionann seo agus íonsaí ar Iontaobhas ULTACH nó Colmcille.  Tá ard mheas agam ar obair an Iontaobhais agus iad ag déanamh na h-oibre ar chúrsaí craoltóíreachta is eile i gcaitheamh na mblianta.  Bhí níos mó ná argóint amháin agam leo ach glacaim leis go bhfuil an obair atá ar bun acu maidir le h-íomhá na Gaeilge a thogáil leis an bpobal eile tabhachtach.  Is amhlaidh go gcreidim go bhfuil an obair céanna ar bun ag leitheidí Cultúrlann McAdam O Fiaich, Raidió Fáilte agus, go deimhin Lá Nua/Lá, gan buiochas ó Phól Uí Mhuirí ná a chomhionann le blianta fada. 

Máirtin Ó Muilleoir, Aodán Mac Póilin, Ian Paisley, Beth Porter agus Sammy Douglas ag seoladh an taispeantais

Máirtín Ó Muilleoir, Aodán Mac Póilín, Ian Paisley, Beth Porter agus Sammy Douglas ag seoladh an taispeantais


 

 

 

 

6 thuairim ar “An bhfuil an cholúnaí ina chodladh nó ina mhúscailt?

  1. séamus Mac Seáin

    tá roinnt “Fantasists” de phrotastúnaigh a thagann le chéile uair sa mhí i dTeampall Prespitéíreach Fitsroy i mBéal Feirste le guí a dhéanamh i dteanga ársa na hÉireann.bail ó Dhia orthú.Ligtear isteach corr “Fantasist” Caitiliceach chuig an tseirbhis chomh maith.Do bharúil an bhfuil siadsan sa “Language fold” anois mar atá an tUrramach Ian?,nó an gcaithfidh siad a bheith ina “slabbers” chomh maith? “Fantasists of the world unite”

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    dala an scéil, níl a fhios agam cé a thug an “tub thumper ” mór chuig an taispeántas ach tá sé suimiúl go bhfuil Máirtín Ó Muilleoir (fantasist eile) sa ghríangraf i gcuideachta Sammy Douglas, comhairleoir pearsanta de chuid Peter Robinson.Ta Sammy agus Máirtín mór le chéile.An amhlaidh gurbh iadsan a ba chúis le Paisley a bheith ann?.

    Freagra
  3. Ping: Stad leis an Staid - ach an ngeillfear ceathrú don Ghaeltacht? « iGaeilge

  4. Seán Mícháel O Donnchadha

    Aontaoim leis an alt.Ní doigh liom go bhfuil aon fiúntas don Ghaeilge muintir Sinn Féin a bheith ag labhairt na “cúpla focail”.Níl Sinn Féin ach ag úsaid an teanga mar “liathróid pholaitiúil”gur féidir leo fáil reidh leis aon am ar mhian leo.Chun an Gaeilge a leathnú caithfidh na Protustúnaigh sa Tuaisceart a thuiscint gur le gach Éireannach an Ghaeilge, ní le Sinn Féin, na Sealadaigh nó fiú le Fianna Fáil.

    Freagra
  5. DrochGhaeilgeoir

    A Sheáin,

    Maith go leor, ach caidé mar tá na deaGhaeilgeoirí dul na drochGhaeilgeoirí a stopadh den a bheith ag caint i nGaeilge?

    Tá drochGhaeilgeoirí ag tógáil páistí le Gaeilge sa tír seo agus nach iontach an rud é go bhfuil deaGhaeilgeoirí nár labhair focal de riamh lena bpáistí ag caiteamh anuas orthu.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s