Reachtáladh Dáimhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn oíche Dé Satharn agus, mar is ghnáth, bhí slua mór filí is rannadóirí, agus lucht éisteachta le cois, i láthair don bhféasta bhliantúil filíochta is craic seo.
In Ostán Ghobnatan i mBaile Mhuirne a tionóladh an t-aon chúirt filíochta de reir an sean thraidisiún atá fagtha sa tír. Tá sé á reachtáil gan stad ó 1925 agus bhí cúirt filíochta á reachtáil roimhe sin i Múscraí ag deireadh an 18ú aois, trath go mbíodh leitheidí Aodhgán O Rathaille ag freastal ar an gcúirt a bhíodh ag Múintir Iarfhlaithe i mBaile Mhuirne.
I mbliana bhí cuireadh an Uachtaráin, caointe orthu san a cailleadh le linn na bliana, ina measc Dónal O Liatháin agus Treasa Ní Mhúineacháin, agus an ceist cealganta ó Chléireach na Dáimhe, Peadar O Liatháín.
Chomh maith le sin, bhí dánta agus amhráin nach iad ann agus is sampla maith é seo an amhrán seo ó Eílis Maidhcí Uí Shúilleabháin faoi turas a thug sí ar Bharcelona lena fearcéile.
Beidh tuilleadh míreanna ón Dáímhscoil le feiscint anseo sna laethannta romhainn.D