Údar a chruthaigh Rumpole caillte

 

John Mortimer, 1924-2009

John Mortimer, 1924-2009

Tá an droch scéal díreach cloiste agam go bhfuil an scríobhnóir a chruthaigh an charactair Horace Rumpole [Rumpole of the Bailey] tar éis bháis. 

Ar ndóigh bhí aithne fhorleathan ar John Mortimer roimh do an abhcóide chantalach le dúil i ndroch fíon [Chateau Thames Embankment] agus tortóga,  nó b’é a thug cosaint d’fhoilsitheoirí an iris gháirsiúil Oz sna seascadaí nuair a cuireadh iad ar a dtriail ar chúiseanna gur sharaigh siad dlithe na Breataine.  [Niorbh in Éirinn amháin  a tharla a leitheid de scannal mar sin – nó is cuimhin linn go fóill an scéal faoin Tailliúr agus Ansty.]

B’é freisin a réitigh script don teilifís an leabhar úd ó Evelyn Waugh, Brideshead Revisited, sraith a áirítear anois mar chlasaic theilifíse.  Diultaíodh do script Mortimer. 

B’é freisin a chosain na foilsitheoirí Penguin i dtaobh Lady Chatterley’s Lover ó pheann DH Lawrence agus chosain sé na Sex Pistols freisin mar gheall ar an iarracht a deineadh an banna ceoil sin a iomchúisiú as ucht Never Mind The Bollox.     Ní nach íonadh go raibh clú agus cáíl as a shaothar mar abhcóide – ach shaothraigh sé níos mó clú arís as a shaothar mar scríobhnóir. 

Ach is é Horace Rumpole an saothar is mó a chruthaigh a chlú.  Gan amhras bhí an oiread bainte ag an aisteoir Leo McKern, a bhí páirt nach beag aige sa scannán Ryan’s Daughter, le clú agus cáíl Rumpole agus a bhí ag John Mortimer.   Ach ba ó Mortimer a tháinig an síol agus an spreagadh.  Chuir McKern feoil leis ar bhealach nach bhféadfadh an dara duine. 

Beidh uaigneas orm anois i ndiaidh bhás John Mortimer nó caol seans anois go bhfeicimíd a thuilleadh de Rumpole ach ar athchraoltaí.  Bhí caint ann cúpla bliain ó shin go mbeadh sraith úr Rumpole ann le Albert Finney sa phríomhpháirt.  [Cailleadh Leo McKern i 2002]. 

Ach níor tharla sé go fóíll agus ní dócha go dtarloidh sé anois. 

Gan amhras bhíodh leabhair nua Rumpole ann nach mór gach bliain le blianta beaga anuas agus tá fuiollach ábhair ann le h-aghaidh sraitheanna nua theiliíse is scannáin.  Le roinnt blianta anuas táim tar éis na sraitheanna theilifíse, seacht gcinn ar fad, a bhailiú agus sna seachtainí romhainn tabharfaidh mé ath-fhéachaint orthu.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s