Foinse agus an ‘X Factor’

Cén ghaol atá idir príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge, mar a thugann Foinse ar féin, agus an ‘X Factor’, an clár teilifíse a aimsíonn réaltaí nua chun sean phoirt a chanadh?

Ceist mhaith le h-aghaidh Trivial Pursuit oíche fliuch éigean a bheadh ansin gan amhras.  Níor cheapas féin go mbeadh aon ghaol idir nuachtán Ghaelach agus clár theilifise chomh gallda leis an X Factor. 

Ní den chéad uair, bhíos mícheart!

Nó ceard é seo ar phríomh leathnach shuíomh idirlíne Foinse ach suirbhé ag fiafraí orm votáil ar an gceist phráinneach, nó an dhá cheist phráinneach: ”Who will win X Factor? Who will win the 2007 series?  Leon or Rhydian?”suribhefoinse1

Níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag Foinse ach creidim, mas buan mo chuimhne, gurb é Leon a bhuaigh an sraith sin.  

Ní h-amháin go bhfuil imní orm faoi Foinse bheith ag cur speise sa chomórtas “X Factor” – nach é Foinse a sheas sa bhearna baoil i mbliana le h-urraíocht a dhéanamh ar Chorn Uí Riada nuair a raibh an aighneas úd ann idir TG4 agus RnaG faoi chraoladh beo an chomórtais?   Ach tá buairt orm freisin go bhfuil suíomh idirlíne Foinse fós den tuairim nach bhfuil a fhios ag an phobal mór cad a tharla i Nollaig 07!  Ar ndoigh b’fheidir go gceapann siad go bhfuil dearúd déanta ar an dtoradh úd?

Is dócha go bhfuil míniú éigean réasúnta ar an scéal seo.  B’fheidir go bhfuil suíomh Foinse go fóill á fhorbairt agus gur lúb ar lár é seo nach bhfuil curtha sa cheart go fóill.  

Ach cé chomh fada is a ghlacann sé suíomh idirlíne a fhorbairt mar is ceart, le go mbeifear in ann é a chur i láthair an phobail? 

Mí, sé mhí, bliain?  An freagra:  cúpla lá má bhaineann tú úsáid as an mbogearra cheart agus díriú ar an obair. 

Agus cuimhnigh gurb é Foinse, is dócha, atá ag bharr an scuaine (agus ag a bhun cuirfidh mé geall) leis an gconradh le h-aghaidh nuacht sheirbhís leictreonach a chur ar fáil ar chonradh d’Fhoras na Gaeilge!

Táim tar éis cúpla cuairt a thabhairt ar shuíomh Foinse le tamall anuas ag lorg njthe éagsúla. Lé déanaí, mar shampla, rinne mé iarracht clarú le h-aghaidh sintiús digiteach leis an nuachtán. Beag an sasamh a fuair mé, faoi mar a mhínim anseo.  

Inniu bhí mé ag iarraidh nasc a dhéanamh le h-aghaidh teachtaireacht ar mo bhlag faoi alt a scrigh Alex Hijmans ina cholún ‘Na Ceithre hAirde’.  Ach ní raibh an t-alt ann, alt inar mhaigh an t-údar narbh aon íontas go raibh Iosrael ag íonsaí Gaza de bharr gurb é bunaidhm Hamas Iosrael a ghlanadh ón léarscáíl.   Dar le hAlex, ní fhéadfaí uibheagán a dhéanamh gan uibheacha a bhriseadh.   B’fheidir go mbeadh Alex ábalta an slad atá á dhéanamh ar phaistí agus mathracha is dochtúirí is eile a mhíniú i dtéarmaí borba agus fuar chúiseacha, téarmaí an chocaire seachas an ollmharfóra, ach ní fhéadfainnse. 

Sin  a thuairim.  Bíodh aige.  Ach nior mhiste liom diospóireacht a spreagadh faoi agus go mbeadh cead ag lucht léite iGaeilge  é a phlé anseo.  Níl colún Alex le fáil ar shuíomh Foinse, fiú anois sé lá tar éis ar foilsíodh an nuachtán, agus gan an nasc, ní féidir liom amhlaidh a dhéanamh.  Má chreideann Foinse go bhfuil spás sa mhargadh le h-aghaidh nuachtán leictreonach bunaithe ar shintiús leictreonach nach bhfuil ag feidhmiú, tá siad ag amharc ar an iomarca den X Factor!  

Tá gá le caighdeáin níos gairmiúla agus tuiscint níos fearr ar an slí a oibríonn an idirlíon ón nuachtán a thugann ‘príomh nuachtán náisiúnta na Gaeilge’ ar féin

2 thuairim ar “Foinse agus an ‘X Factor’

  1. Póló

    Ní raibh tuiscint ariamh ag lucht Foinse ar chursaí idirlíne.

    Breathnaigh faoi Gné-ailt nó Eagarfhocail = No Records!

    Bhíodh an suíomh níos measa fiú, más féidir sin a shamhlú: giotaí html ag gobadh amach i lár focal. Scríobh mé cuchu faoi (r-phost), cúpla uair. Níor thárla faic. Uair amháin bhí an bosca r-phost lán, le cúpla mí anuas.

    Dia idir sinn is an t-olc. Conradh digiteach á thóraíocht acu? Tórramh gan dabht.

    Freagra
  2. Lorcán

    Tugaim cuairt ar shuíomh Foinse anois is arís (le déanaí chun síntiús a bhaint amach….’sea, feicim an scéal chéana lastuas) – cé mhéid síntiúseoirí ar chaill Foinse de bharr an suíomh úfásach seo ?
    Agus tá nasc go Foinse.ie ann ar beagnach gach suíomh Gaelach eile. Cad chuige ? Tháinig mé ar suíomh nua (seans nach bhfuil sé chomh nua anois) Chonradh na Gaeilge – é breá leagtha amach, easca a ‘nascleanúint’ agus reatha !
    Maidir le Súirbhe an X-Factor – tá sé foirfe ar suíomh éagtha !
    Lorcán.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s