
Caoimhe Ní Chathail, Raidió Fáílte agus An Druma Mór
Tá rud éigean déanta ag Raidio Fáílte inniu nár eirigh le h-aon craoltóir Ghaeilge eile a dhéanamh roimhe seo – agus tá ard mholadh ag dul don tuairisceoir óg, Caoimhe Ní Chathail, ar eirigh lei é a dhéanamh.
Agallamh le Ian Paisley a ghnóthaigh Caoimhe lena muinéal práis agus, ní foláir, croí cróga.
Chuala mé féin é ar Raidió Fáílte inniu díreach tar éis mean lae. Tá súil agam go mbeidh nasc ann do ar an bpriomh leathnach ag an staisiún amach anseo.
Ghnóthaigh an éacht craoltóireachta seo an phoiblíocht don staisiún phobail seo i mBéal Feirste agus ar an idirlíon. Agus gí gur i mBéarla a labhair Ian Paisley le Raidio Fáilte, ba éacht é gur labhair sé go cneasta agus go séimh faoi chúrsaí cultúrtha.
Is cuimhin liom uair nuair a chuir ban chraoltóir eile ó na meáin Ghaeilge, Áine Ní Chiaráin, a bhí ag obair do RTÉ ag an am, ceist ar an tUrramach agus ba bheag nár caitheadh go fisiciúil í ón seomra. Is cinnte gur phléasc Paisley le fearg nuair a chuala sé a h-ainm Ghaeilge agus gur ó RTÉ a tháinig sí.
Maith sibh Raidió Fáílte! Maith thú a Chaoimhe!
Is féidir a thuilleadh eolais faoi Chaoimhe a fháil ina colún siamsúil faoin saol singilte ar An Druma Mór…
Tá sé ráite go mbeidh an agallamh le clos arís ar 1in inniu Dé Máirt. Glacaim leis go ndeinfear é a athchraoladh uair nó dhó…. Má fhaigheann éinne an nasc le h-aghaidh an mír seo, bheinn buioch….
Go raibh maith agat, a Aonghuis, as an nasc a chur ar mo shúile dhom:
Ian Paisley faoi agallamh ag Caoimhe Ní Chathail ar Raidió Fáilte
Tá nasc ag Eoin ar an Druma Mór
anseo
Nasc ceartaithe ag Eoghan
http://www.yudu.com/library/item_details/31850/Caoimhe-N—Chathail-ag-cur-agallamh-ar-Ian-Paisley-?edit_mode=on
Ní feidir liom ach 39 soicind don agallamh stáiriúl seo a íoslódáil.
An bhfuil níos mó ann?
Ba mhaith liom an rud go léir a chloiseant.