Machnamh theilifíse

 

nightliveÓ am go chéile, ritheann an cheist seo liom:  An mbéimís níos fearr as gan TG4 agus an Ghaeilge mar chuid, ná bac mar chuid lárnach, de mheon craoltóireachta RTÉ?  Dá mbeadh míreanna faoin nGaeilge agus i nGaeilge ar chláracha ar an staisiún ‘náisiúnta’, ná beadh lucht féachana níos mó ag an teanga agus mar sin nach fearr é ná staisiún atá suite i ‘ngeiteo Gaeltachta Gaelach’? 

Ceist é a thógaim [tabhair faoi ndeara Foinse – ‘Príomhnuachtán Náisiúnta na Gaeilge'(faoi láthair) – agus Nuacht TG4 nach mbím ag ‘árdú’ ceisteanna!] go h-áirithe nuair a bhionn sé de mhí adh orm cláracha ar nós Glasvegas – agus a leathbhadóir Nollaig No 1 – a fheiceáil agus mé ag bothántaíocht ó chainéal go chainéal.

Ar aon nós, rith an smaoineamh liom arís le déanaí agus mé ag faire ar an gclár, The All Ireland Talent Show, agus Dáithí Ó Sé ag glacadh páirte ‘Simon Cowell’ ann.  [Bhí ar Dáithí cúig ‘thalainn’ ón iarthar a roghnú as na céadta ar tugadh éisteacht doibh chun páirt a ghlacadh i gcraobh uile Éireann le rogha ceathrar mholtóir eile – Dana ó Chúige Uladh, Blathnaid Ní Chofaigh ó Chúige Laighean, Shane Lynch [Boyzone] ó Bhaile Átha Cliath agus John Creedon ó Chúige Mumhan.  

Bhí roinnt míreanna i gclár an Domhnaigh le blas na Gaeltachta – cailín óg ó Ros a’ Mhíl, Roisín Seoighe, thug sí taispeantas amhránaíochta agus rínce ar an sean nós a raibh deacair le sarú.  Ach, de reir an mholtóra, sháraigh an taispeantas a thug triúr bhuachaill ó Inis Mór, Clann Uí Mhaolchiaráin [an raibh aon ghá do RTÉ an leagan Bhéarla don ainm, Mulkerrins, a bhaisteadh orthu don seó?] iarracht Roisín agus iad san maraon le ceithre mhír eile, amhranaí opera [bhí amhránaí opera ann ón iarthar ach ní raibh amhránaí sean nóis?], fear óg ar an bhfidil leictreach a bhí thar barr agus nuálaíoch, grúpa amhránaithe agus athair agus iníon ag amhránaíocht a bheidh ag seasamh an fhoid ar son an iarthair sa chraobh. 

Is cinnte go raibh Dáithí idir dhá thine Bhealtaine ar a rogha – cé do a dhiultódh sé?  Ach idir é féin agus a chomhairleoirí, Blathnaid Ní Dhonnchadha agus Páraic Breathnach, roghnaíodh cúigear agus beirt ar a laghad ann a sheasfaidh an fhód ar son an Iarthar Ghaelach sa bhabhta ceannais agus tá sé deacair locht a fháil orthu. Beidh sé suimiúíl a fheiscint an mbeidh aon ionadaíocht Gaelach ó na ceantaracha eile.

Ar a laghad, leis an seó seo, is féidir a fheiscint go bhfuil iarracht á dhéanamh ionadaíocht a thabhairt don snath Ghaelach sa taipéis chultúrtha.   Ní raibh sin riamh i gceist le réamhchomharba The All Ireland Talent Show, You’re A Star.  Is cuimhin liom le linn dom bheith im eagarthóír ar Lá gur chuireas ceist ar Mhichelle Nic Phaidín, amhránaí sean nóis a bhain duaiseanna ag an Oireachtas, páirt a ghlacadh ann le h-amhrán ar an sean nós agus a luaithe is ar thosnaigh sí ag canadh, cuireadh chun bealaigh í agus dúradh lei ná raibh an ‘stíl’ sin in oiriúint don chomórtas.   Mhuise. 

An oiread céanna leis an Late Late Show speisialta ar an GAA an Aoine seo chaite.  Beag go deimhin an léargas ar tugadh sa chlár ar ghné Ghaelach an CLG, leitheidí Scór nó eile.   Ba mhó de cheiliúradh a bhí ann ar RTÉ agus an chaidreamh a bhí ag an gcraoltóir náisiúnta leis an GAA ná rud ar bith eile nó bhí pearsa nó beirt ó RTÉ ar gach painéal a bhí á chur faoi agallamh ag Pat Kenny faoi thionchar an GAA ar shaol na hÉireann. 

Sin scéal do lá eile. Agus baineann sé leis an GAA an oiread is a bhaineann sé le RTÉ.

Clár eile a thug mé faoi ndeara an tseachtain seo agus mé sa tóir ar shiamsaíocht abea ‘This Is Nightlive’, clár nua ó rannóg ghrinn RTÉ atá ina scig, is cosúil, ar TV3 News.     Seans gur iarracht é seo leagan Éireannach de “Saturday Night Live” a léiriú – mas ea, b’fhearr do dul ar nais ina bhosca mar, mar a dúirt, fear faoi JFK trath, agus é ag caint le Dan Quayle, a bhí ina iarrthóir do Leas Uachtarántachta SAM an uair úd:

”Senator, I knew JFK [Saturday Night Live]. I served with him.  Senator, you ain’t no JFK.”

Níl an clár seo greannmhar, níl sé aorúil.  Tá sé maslach.  Agus tá míreanna ann faoin nGaeilge. Bhí mír ann faoi scannán i ‘foreign language’ ó TG4 i ‘Galway’.  Mar a dúirt an laithreoir, ‘let’s have a ‘féach’!  Ní raibh brí leis nó greann ann. Bheadh sé ina mhasla d’fhochéimithe ollscoile dá dtabharfá greann fhocheimiúil air.     

Bhí mír ann freisin faoi leabhar nua i dtaobh na stailceanna ocrais – agus ní h-amháin go raibh sé máslach do Bhobby Sands agus a gcomhleacaithe – ‘ten men who starved themselves to death to wear their own clothes’ – ach bhí sé gan greann le cois. 

Shamhlófá go bhfuil airgead le dóghadh ag RTÉ agus iad ag tabhairt coimisiún do chláracha den tsort seo.  Ait go leor tá nasc Gaeltachta ag “This Is Nightlive” nó is comhléiriú é idir RTÉ agus Stillwater Communications, an chomhlacht a bhí freagrach as cuid is mó den phoiblíocht a deineadh ar Oireachtas na Gaeilge le dhá bhliain anuas agus arís i mbliana.    Is iad Cillian Fennell, iar cheannasaí teilifíse TG4, agus Natasha Fennell, príomhaithe Stillwater agus tá Cillian luaite mar scríobhnóir ar an gclár.

B’fheidir go bhfuil slua beag a thaitneodh an chlár seo, clár a bhaineann leis an saol ‘laistigh den gciorcal órga’ sna meáin cumarsáide.  Ach an leor seo mar údar le h-aghaidh clár a choimisiúnú don gcraoltóir náisiúnta?   Is cosúil gur leor.    Cén uair a thuigfidh RTÉ nach féidir leo airgead an phobail a chur amú mar seo?    

Sa chás seo, ní ar leasa na Gaeilge nó siamsaíochta go mbeadh an Ghaeilge ‘ar an radar’ ag RTÉ.  Ach is dócha nach féidir bheith ag súil le morán eile ón staisiún…..

Aon tuairim amháin ar “Machnamh theilifíse

  1. siubhan

    Ba ceart Róisín seoighe a beith cuireadh trí.Cáilín aileann gaelcah tradistunta a bhí inti.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s