Ag súil le beart

 

Ché Mo Laoch.....

Ché Mo Laoch.....

Táim ag súil go mór le beart sa phost lá de na laethannta seo.  Sa bheart sin beidh an iris nós*.   Tá sé feicthe agam theana féin agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé snásta agus dea chumtha, mar a bhionn, lán ó chlúdach go clúdach le h-ailt atá speisiúil agus siamsúil.    Luach maith ar mo chuid €40 é an iris seo a theacht chugam gach mí.   

 

Dá mbeadh sé chomh h-éasca sintiús a ghlacadh le h-irisí Ghaeilge eile.   Rinne mé iarracht le déanaí sintiús a ghlacadh le Foinse ar líne. [Dá bhfoghlaimeodh Foinse ceacht faoi dhearthóireacht irise ó nós*, bheadh leo!].  Ach theip orm – nó tá deacracht eigean leis an gcóras atá acu nó má bhuaileann tú an cnaipe chun sintiús a cheannach, iarann sé ort d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a thabhairt.  An deacracht le sin nach raibh aon deis agat, fán phointe sin, iad a bheith cláraithe.  Má tá aon comhairle agaibhse faoin bealach le seo a dhéanamh bheinn buioch…

Agus maidir le Comhar – bhuel, go fóíll, ní fhaca mé coip den iris ath-éisithe seo, taobh amuigh den eagrán dheireannach – agus an chéad eagrán – a fhoilsíodh faoi eagar Aindrias Uí Chathasaigh.   Rinne mé iarracht anuraidh sintiús a ghlacadh anuraidh ach theip orm de bharr ná raibh agam ach cárta dochair – debit card – agus ní raibh córas Comhar ábalta deileáil lena leitheid.  Anois níl fiú suíomh idirlíne ag Comhar agus níl tasc nó tuairisc ar an iris anseo i Múscraí – an bhfaca éinne agaibh é le déanaí?

6 thuairim ar “Ag súil le beart

  1. aonghus

    Maidir le comhar: Bhain mé amach sintúis nuair a bhí an chéad géarchéim ann, mar sin tá trí eagrán feicthe agam, péire le Aindrias, agus ceann na Nollaig faoi lamh Phól Uí Mhuirí.

    Freagra
  2. aonghus

    N’fheadar.

    Muna dtagann feabhas air, is beag fonn a bheidh orm an síntiúis a athnuachan.

    Ubh an séiplínigh a bhí ins na heagrán go dtí seo!

    Freagra
  3. Cuairteoir

    Fuair mé mo chóip de nós* – iontach uilig. Ba cheart dó bheith i ngach aon siopa sa tír!

    Freagra
  4. Ping: Foinse agus an ‘X Factor’ « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s