Ceacht ‘Slumdog Millionaire’ don Ghaeilge

Chuaigh mé féin agus mo bhean chuig an scannán ‘Slumdog Millionaire’ ag an deireadh seachtaine – agus caithfidh mé a rá gur thaitin sé go mór linn beirt.  Féasta don súil agus don aigne agus don mhisneach a bhí ann. 

Ní dhéarfaidh mé alán faoin scannán atá, is cosúil, chun na gradaim móra ar fad a bhuachaint i mbliana, mar mar nior mhaith liom an phleisiúr a mheilt ar éinne a bheadh ag smaoineamh ar freastal air.  

Ach déarfaidh mé an méid seo:  is scannán dhá theangach é – labhartar Béarla agus Hiondúis – agus tá sé ina léiriú ar ar feidir baint amach agus tú ag úsáid dhá theanga agus le buiséad teoranta.  Ní raibh aon réaltaí móra sa scannán seo ach bhí spiorad ollmhór le braistint ann – agus is é sin an rud thar aon rud eile a bhuafaidh na gradaim agus a mheallfaidh na sluaite chun féachaint air. 

An ceacht:  Níl gá le h-airgead mór chun an scannán a bhuafaidh na duaiseanna móra agus a shaothróídh an clú domhanda a léiriú.  Ní gá go mbeadh an scannán go h-iomlán i mBéarla.   

Tá iarrachtaí déanta le cúpla bliain anuas scannáin Ghaeilge a léiriú.  Scannán spleodrach agus ana thaitneamhach, fiú má bhí an ábhar gruama, abea “Cré na Cille”.   Ní raibh “Kings” chomh spleodrach céanna agus bhí an cur i láthair gruama ach bhí sé chomh maith le go leor scannáin Éireannacha eile.   D’fhéach mé ar ‘Garage’ le linn na Nollag agus ní fheadfainn a thuiscint an dúil a bhí ag daoine ann.   Níor tharla faic ar feadh breis agus  uair a chloig – agus ansan chuaigh mé amach ag ól….

Ar aon nós, táim go laidir den bharúil, gur cheart scánnán amháin le Gaeilge go laidir ann a bheith maoinithe ag an gCiste Fuaim agus Fís ag an gCoimisiún Craoltóireachta gach bliain.  Beirt nó níos mó más féidir.   

Saothróidh Slumdog Millionaire na milliún don Ind i dtéarmaí turasóíreachta – fiú nach mbeidh na turasóirí céanna chomh h-amaideach agus, abair, a mbróga a bhaint díobh ag an Taj Mahal!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s