Aistriúcháin in aisce ar Facebook

Tuairim spéisiúil ar fiú é a chur ós bhúr gcomhair.   Bhí scéal sa Sunday Times ag an deireadh seachtaine faoi iarracht atá á dhéanamh leagan Ghaeilge de ‘Facebook’ a chur ar fáil.   ‘Feidhmchlár’ atá á thabhairt acu air.   

Bhí baint bheag agam féin le h-iarracht a deineadh anuraidh chun leagan Ghaeilge de suíomh cosuíl le ‘Facebook’ a chur ar fáil.   Tá An Líonra Soisialta beo faoi láthair ach ar chúiseanna éagsúla nár fiú iad a phlé anseo, cúiseanna teicniúla, níl sé ag feidhmiú ag barr a mhaitheasa. 

I gcás An Líonra, ba mé féin a chuir an chuid is mó den aistriúchán ar fáil.   Ach le Feidhmchlár, is na h-úsáideoirí féin atá á dhéanamh.   Tá leaganacha Ghaeilge de théarmaí ar nós ‘poke’ cumtha acu – sonc=poke – agus tá sé ag dul leis.  Caithfidh mé a rá nach dtaitníonn an leagan Ghaeilge d’ainm an suímh liom.  B’fhearr liom rud éigean a bheadh níos cairdiúla ná ‘Feidhmchlár’ – aon tuairimí agaibh? 

Ar aon nós, tá daoine den tuairim go bhféadfaí an modh oibre seo a úsáid chun tabhairt faoi chaipéisí rialtais a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.  

Dá gcuirfí i bhfeidhm an módh oibre seo, modh oibre atá usáidte chun leagan Ghaeilge de Wikipedia a chur ar fáil mar shampla, chiallódh sé go mbeadh comhartha ceiste faoi thodhchaí thionscal an aistriúcháin, tionscal atá ag solathar slí beatha do go leor chéimithe Ghaeilge faoi láthair. 

An fearrde a bheadh an Ghaeilge dá mbeadh deireadh le tionscal an aistriúcháin mar thionscal ghairmiúíl agus go mbeadh an deis céanna ag gach éinne a bheith páirteach ann, gan de luach saothair ach an saothar féin?  

Nó an é an toradh a bheadh ar seo nach mbeadh ach grúpa beag fanaiceoirí páirteach ina leitheid de shaothar – tá an saol ró ghar do chuid is mó againn le bheith i mbun oibre dá leitheid – agus go mbeadh deireadh leis an aistriúchán ar fad?

Agus cad é an toradh a bheadh ag seo ar an Ghaeilge mar theanga phobail?  

An bhfuil seans ann go mbeadh daoine ag plé leis an teanga ansan de bharr go bhfuil pleisiúr ag baint lei – seachas slí beatha le baint aistí?   An mbeadh a leitheid sin d’athrú bunusach ar an gcaidreamh idir an teanga agus an pobal chun leasa na Gaeilge nó/agus an phobail? 

In áit bheith ag caint, mar a bhionn an Aire O Cuív faoi láthair, ar institiúidí nó forais [tá droch chlú ar an cineal sin eagrais] ar cheart bheith ag féachaint ar an mbealach a bhaineann daoine úsáid as an teanga go laethúil i bhfirinne seachas bheith ag iarraidh an ‘normalú’ bréagach seo a dhéanamh uirthí?

2 thuairim ar “Aistriúcháin in aisce ar Facebook

  1. ¡ máirtín !

    Ceapaim go bhfuil an ceart agat.
    Bainaim úsaid as Facebook chun bheith i dteagmhail le daoine ar fud na cruinne. Is féidir Gaeilge a úsaid gan go bheith aistriúchán deanta ar gach uile páirt de Facebook.

    Freagra
  2. Donnacha

    Aontaímse leat, ar an iomlán; chun an Ghaeilge a athbheochan, ní mór dúinn gluaiseacht dheonach a chothú lasmuigh den chóras stáit, gluaiseacht leathan a bhogann i dtreo an ídéal sin faoin Ghaeilge a bheith, arís, an gnáth/príomhtheanga na tíre..ach ag an am chéanna, creidim freisin go bhfuil áit (is riachtanas) ann don tionscal aistriúcháin agus gach uile rud a bhaineann le stádas ag leibhéal an stáit. Déan machnamh. Nuair a bhí an Bhéarla á bhrú orainn, úsáideadh gach uirlis a bhí ann, i ngach réim den saol na tíre, chun an aidhm sin a bhaint amach – sa chóras polaitíochta is stáit, sa chóras dlí, sa réim tráchta agus sna gníomhaíochtaí cultúrtha is institiúidí léinn go ginearálta.

    Mar sin, mothaím go bhfuil sé orainn gach uirlis a úsáid (seachas an bhrúidiúlacht, aineolas is fuath ar ndóigh..heh) má táimid chun an éacht seo a bhaint amach. Gníomh poiblí is príobháideach. Agus sé an cheist a bheadh agamsa ná conas is féidir linn an dá rud a dhéanamh sa slí is a neartaíonn siad le chéile?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s