Cá bhfuil Foras na Gaeilge ag caitheamh ár gcuid airgid?

An tseachtain seo d’eisíodh dhá iris nua – ceann acu ar chosain an t-uafás airgid agus ceann eile a chosain pinginí.   Ceann acu i mBéarla agus ceann eile acu i nGaeilge – buille faoi thuairim faoin cheann ar a thug Foras na Gaeilge tacaíocht do!    Freagraí ar chartaí poist chuig Ferdie ag 7 Cearnóg Mhuirfean…..

An Boord o’Ulster Scotch, leath bhadóir an Fhorais ar an bhForas Teanga, a d’eisigh an iris Bhéarla, Oot an Aboot.  Maith go leor níl sé go h-iomlán i mBéarla – tá alt amháin san iris glossiáilte seo in Albainis Uladh.    Iris costasach le tairgeadh é seo agus tá 20,000 cóip saor in aisce á dháileadh acu. 

Tá fógra amháin iomlán leathnaigh i nGaeilge in Oot an Aboot.  Is le Foras na Gaeilge an fógra seo.    Cén costas a bhí air?  Níl a fhios agam ach tá’s agam gur beag an luach a chuirfinn air.  Is mó seans go bhfuil litreacha gearáin á sheoladh chuig an Boord anois ag Aondachtóir Aintoisceach  éigean ag tabhairt le fios gur mhothaigh siad ‘fuacht’ ón leathnach i nGaeilge.  Maíomh áiféiseach é seo – ach ní maíomh é nach bhfuil déanta roimhe seo nó nach é sin a bhí á rá ag micléinn ag Ollscoil na Ríona roinnt blian ó shin agus iad ag gearán faoin fhuacht a mhothaigh siad de bharr comharthaíocht oifigiúil Aontas na Macléinn bheith dhá theangach. 

Ar aon nós, bheadh sé maith go leor dá mba rud é, dar liom, dá mbeadh Foras na Gaeilge ag tacú le h-iris in Albainis Uladh ach tá sé áiféiseach amach is amach go bhfuil an éite Gaelach den Fhoras Teanga ag tacú le h-iris i mBéarla den tsort seo agus ag baint feidhme as ár gcuid airgid chun amhlaidh a dhéanamh. 

Cuir an flaithiúlacht seo i gcomparáid leis an dearcadh sprionlathach atá ag an bhForas – agus an Boord o’ Ulster Scotch – maidir le fógraí i nuachtáin  sa nuachtán  i nuachtáin Ghaeilge agus in irisí Ghaeilge.   Bhíodh na fógrai ó Fhoras na Gaeilge chomh gann le sneachta dhearg i Lá Nua – agus ní fheicim aon fhógra ón bhForas i Nuacht 24 ach an oiread. 

Ní ró shasta atá Newton Emerson faoin mbealach atá ár gcuid airgid á chaitheamh ag an Boord o’Ulster Scotch agus cé nach n-aontaím le Newton de ghnath, aontaím leis an uair seo.

Ní ró shasta atá sé ach an oiread go bhfuil an Boord ag oscailt oifig don phobal ar an bpríomhshraid i mBéal Feirste, Sraid Great Victoria, agus go mbeidh seo ina oifig eolais don phobal faoi chultúr ‘Albainis Uladh’. 

Ní miste liom beartas den tsort seo nó léiríonn sé go bhfuil an Boord ag iarraidh caidreamh díreach a bheith acu leis an bpobal – seachas an caidreamh indireach a leagann Foras na Gaeilge béim air, caidreamh a chothaitear tre fógraí costasacha a fhoilsiú in irisí ar nós Phoenix is eile.

Tá oifigí an Fhorais i mBéal Feirste agus i mBaile Atha Cliath i bhfolach nach mór agus ní áiteanna iad a thaobhaíonn an phobal leo.  Dá mba rud é go raibh na h-oifigí in áiteanna ina raibh an phobal agus go raibh gné phoiblí leo, an gcuirfeadh sé sin leis an gcaidreamh atá ag an bhForas leis an pobal agus an tuiscint atá ag an bpobal ar an obair a bhionn ar bun ag an bhForas. 

An uair dheireannach a thug mise cuairt ar an bhForas i mBéal Feirste, ní raibh ach duine amháin ann romham san iarnóin. Oifig mór fairsing atá ann le spás le h-aghaidh fiche nó triochadh duine.  Is mór an náire nach mbionn ach duine nó b’fheidir triúr ann ar bhonn leanúnach. 

In am seo an ghatair b’fheidir gur cheart don bhForas cuireadh a thabhairt d’eagrais atá ag obair san earnáil deonach teacht chun oibre sna oifigí seo agus airgead an chíosa a shábhailt ar na h-eagrais seo.  Bheadh sé ina chúiteamh ar na giorruithe a fhograíodh roimh na Nollag. 

Nó rogha eile, rogha níos fearr b’fheidir.  Nár cheart don bhForas an oifig seo ar Shráid na Banríona, atá chomh fada ón ghnath phobal is go bhfuil sé as radharc, a fhágáil agus oifig a ghlacadh ar chíos in áit eigean congarach don phobal Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste, oifig a bheadh oscailte don phobal le go bhfeicfeadh daoine cé h-iad Foras na Gaeilge agus céard a dheineann siad ar son na Gaeilge?    

Gan amhras d’fhéadfadh oifig phoiblí an Fhorais bheith ina chuid lárnach den athfhorbairt atá á bheartú don Chultúrlann ar Bhóthar na bhFal nó a chomhionann atá beartaithe le h-aghaidh Baile Atha Cliath.   

An cheist sin arís: Cén bealach atá ár gcuid airgid á chaitheamh ag an bhForas?

11 de thuairimí ar “Cá bhfuil Foras na Gaeilge ag caitheamh ár gcuid airgid?

  1. Ping: Posts about SEO as of January 9, 2009 | The Lessnau Lounge

  2. Robbi McMillen

    Ní raibh Lá (Nua?) maith go leor mar nuachtán, ach dá dtiocfadh leis bheidh saor in aisce bheadh pointe leis sa chéad áit. Scannal atá ann go bhfuil iris in Albainis (Scots… gan an Ulster) ar fáil saor in aisce agus nach bhfuil Foras ag déanamh laghad d’iarracht amháin seirbhís cosúil leis a chuir ar fáil. Caidé atá ar bun sa chúlra in oifigí an Fhoras??

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Aontaím leat Robbi. Dá tréine ár n-iarrachtaí, ní raibh Lá Nua maith go leor mar nuachtán. Ach leanamar dár n-iarrachtaí in ainneoin go raibh acmhainní ní amháin gann ach á ngearradh orainn i rith an ama. Bhí sé i gceist go mbeadh 20 leathnach go laethúil i Lá Nua roimh dheireadh 2008. Bhí an sprioc sin insroichte.

    Anois má tá sé i gceist, amach anseo, mar a mhaíonn Foras na Gaeilge agus baill SF, go mbeadh nuachtán laethúil Ghaeilge ann. Beidh orthu tosnú ón tús. Beidh orthu, in éagmais slam mór airgid, agus táím ag caint ar b’fheidir €1m in aghaidh na bliana, tosnú le 12 nó 16 leathnach. Agus togfaidh sé na blianta orthu an áit a raibh Lá Nua a shroichint.

    Bhí mé ag féachaint ar an nuachtán aréir, ar shean choipeanna atá agam ar dioscaí, agus bhí bród orm faoin méid a baineadh amach ar an mbeagán. Ach bhí fearg orm faoin seans a ceileadh orainn, ceal acmhainní, nuachtán inchurtha le mian chainteoirí Ghaeilge a fhoilsiú.

    Freagra
  4. Robbi McMillen

    An fadhb a bhí ann i gconaí le nuachtán Gaeilge na go raibh comórtas faltanasach ann agus nach raibh iris amháin ag iarraidh bheidh ag cabhrú le hiris eile. Seans fosta go mbeadh Lá ina phaipéar níos fearr (nuair a raibh sé ar an tsaol) dá raibh caidreamh níos gairmiúil ann in ionad caidreamh cairdiúil, fiú go bhfuil cairdiúileacht tábhachtach.

    Iontaím go nglacfaidh sé tamaill fada nuachtán/iris ar leibhéil Lá Nua a chruthú, mar sin de is fearr go mbeadh comhchomhairle ann. Níl a fhios ag duine ar bith caidé atá ar bun ag an Fhoras, agus tá sé in am acu trédhearcacht a chleachtadh… ach ní choinneoidh mé m’anáil!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte gur caol seans anois go dtiocfaidh grúpa daoine óga le cheile chun tabhairt faoin dtogra seo as an nua, faoi mar ar thug Gearóid Ó Cairealláín agus Eoghan Ó Néill, Áine Nic Gearailte agus Séamus Mac Fhionnghaile faoi i 1984. Tá jab maith á dhéanamh ag Raidio Fáilte agus ag An Druma Mór – ach tá siad beo ar phinginí.

    In áit bheith ag filleadh ar an sean chath faoi nuachtán, trath go bhfuil nuachtáin ar fuaid an domhain i mbaol, fiú an LA Times agus, más fíór, an Irish Times agus an Independent, tá sé in am blár catha nua a roghnú atá in oiriúint don Ghaeilge. Is é sin an idirlíon. Agus tá sin ag tarlú. Ach le beagáínín cuidithe, is mó i bhfad a bheadh an solathar Ghaeilge ar an idirlíón go laethúil ná mar a bhí ó Lá Nua riamh.

    Ni thuigim go h-iomlán na pointí atá á dhéanamh agat faoi ‘caidreamh’, bíod sé gairmiúil nó cairdiúil, idir irisí. Bhí caidreamh eigean againn le Foinse ach ba bheag é agus is beag cabhair a thug an nuachtán sin dúinn i gcaitheamh na mblianta, go h-áírithe nuair a bhí pianta bháis ar Lá Nua i mí Feabhra. Go deimhin níor chuir siad an trioblóid orthu féin barúil Lá Nua a lorg agus iad ag tuairisciú na deacrachtaí a bhí againn – ní easpa caradas atá i gceist ansin ach easpa gairmiúlachta. Léiríodh an easnamh céanna le déanai agus iad ag caitheamh súil siar ar 2008 in eagráin dheireannacha na bliana. D’eirigh leo mí thuairisciú iomlán a dhéanamh ar an scéal agus na dataí a mheascadh suas. Is féidir rudaí a mheascadh suas go minic nuair atá spriocam ag teannadh ach is eagráin iad ‘Suíl Siar na Bliana’ ar feidir iad a bheith reidh i bhfad roimh am.

    Freagra
  6. Robbi McMillen

    Iontaím go gcaitheann daoine óga theacht le chéile. Bheadh sé maith dá dtiocfadh le Nós* agus nuachtán eile (trasaoiseach) dul i gcló ar scála i bhfad níos mó. Is maith an rud é an Druma Mór agus is maith Raidió Fáilte, ach an fadhb atá ann na go bhfuil slua ró-bheag (an slua céanna?) ag obair ar gach rud. Caitheann an slua sin daoine úra a mhealladh isteach nó cuireadh a thabhairt daofa bheith páirteach.

    Iontaím go bhfuil an idirlíon níos tábhachtach na rud ar bith eile san lá atá inniú ann – agus bheadh sé ar fheabhas da raibh leithidí ‘Comment is Free’ (ón Gaurdian) ar fáil i nGaeilge. And fadhb is mó atá ann fán idirlíon ná go bhfuil gach duine scaipí. Bheadh sé maith da raibh cruinniú ann agus do dtiocfadh le daoine teacht le chéile le suíomh mhór a chruthu – iar-iriseoirí Lá Nua, slua Raidió Fáilte srl.

    Níl mórán airgead de dhíth agus is féidir brabús a dhéanamh le himeachtaí agus pleananna mhóra a chuir chun cinn.

    Sin an phointe atá a dhéanamh agam fán chaidrimh idir nuachtáin – ní raibh Lá Nua nó Foinse ag obair le chéile mar ba chóir chun an dá rud a chuir chun cinn, agus tá sin tábhachtach nuair nach bhfuil ach maoiniú beag i gceist.

    An phointe eile a raibh scríofa agam fán chaidreamh, sin idir na iriseoirí iad féin. Bhí nasc ró-chairdiúil ann idir foireann Lá Nua i mo bhairiúl féin. Tá sé tábhachtach cairdeas bheith ann ach contúirteach mura bhfuil an léibheál céanna nó níos airde proiféisiúntachas ann.

    D’éirigh le beagnach gach foilsiúchán scéal Lá Nua a thuairisciú i gceart, chomh maith le foilsiúcháin Grúpa Cumairsaide Bhéal Feirste…

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Tá gá le teacht le cheile cinnte, a Robbi. Sílim go bhfuil do smaoineamh ag teacht leis an meid atá ráite ag daoine eile faoi chomharchumann a bhunú.
    An deacracht a bhí ag Lá Nua roimh a bhás go raibh sé ag maireachtaint i modh eigeandála i gcónaí. Ní raibh aon chabhair ar fáil ó Foinse nó aon foilseachán eile agus níor lorgaíódh é. Éilítear cothrom na Féinne – ach ní bhfuarthas sin.

    Foireann bheag an fhoireann a bhí ag Lá Nua agus mar sin bhí caradas eatarthu. Ní raibh aon am ann le h-aghaidh eirí in airde ach ní raibh aon cheist riamh faoin ngairmiúlacht. Bhí gach iriseoir a d’oibrigh do Lá Nua gairmiúil go smior.

    Ní aontaim leat faoi tuairisciú ceart a bheith déanta ar scéal Lá Nua i bhfoilseacháín eile. Bhí níos mó suime ag dreamanna ar nós Foinse agus an Irish News a bheith ag tochas a gceirtlín féin seachas bheith ag tabhairt cothrom na Féinne do Lá Nua agus an fhoireann a chaill a bpostanna.

    Freagra
  8. Robbi McMillen

    Níl mise ag dul beith ag labhairt ar son duine ar bith ach mé féin, mar sin de, níl an Irish News, m’athair ná Foinse páirteach sa chomhrá. An rud a chaitheann daoine rá – ar gach taobh – ná ‘thiocfadh linn uilig rudaí a dhéanamh i mbealaí difriúla, ach tá an t-am caite, caidé a dhéanfaimid anois’.

    Caitheann daoine teacht le chéile ar son feabhsú a dhéanamh ar na meáin tríd an Ghaeilge, agus ní féidir sin a dhéanamh faoi láthair óir go bhfuil gach duine ag tabhairt amach dá chéile. Caitheann go mbeadh cinéal ‘consensus’ ann idir muid féin, a íocann as socruithe an Fhoras agus caitheann daoine anois rudaí a dhéanamh iad féin mar atá déanta agat féin ag Eoghan Ó Néill agus ag cupla blagadóirí eile – ach caitheann pleann níos mó a bheidh ann.

    Ní mór dúinn a rá gach seachtain nó dhó, ‘bheul, fuair Lá Nua bás’. Ní raibh móran difríochta ann idir chaighdeán Lá Nua agus Foinse, agus bhí barraíocht santachas ag maidir leis an rialtas ó thaobh airgeadas de.

    An cheist bá chóir dúinn chuir ná, caidé a dhéanfaimid anois faoi, agus ‘an bhfuil Foras de dhíth leis na meáin Gaeilge a chuir chun cinn i ndairíre??’

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Sílim gur ceist mhaith í seo: Seo m’fhreagra Níl gá le Foras na Gaeilge chun na meáin Ghaeilge a chur chun cinn an oiread is go bhfuil gá leis an airgead atá á dháileadh ag an bhForas – ár gcuid airgid. Tá bealai eile arbh fheidir leis an Fhoras cuidiú – ach ní chuidíonn siad. Mar shampla, nuair a bhíodh Foras na Gaeilge ag déanamh urrú ar Ros na Rún, bhíodh ident acu roimh agus i ndiaidh gach mír ag fógairt “Foras na Gaeilge’. B’fhearr i bhfad dá ndéanfadh siad ident ag tabhairt fógra saor in aisce do thograí ar nós Lá, Foinse, is eile.

    Is meaisín maorlathach é an Fhoras – agus is é an tosaíocht aige bheith beo beag bheann ar aon rud eile.

    An rud a deirim faoi na meáin Ghaeilge tá sé fíor chomh maith céanna maidir le tograí Gaeilge. Níl aon feidhm leis an bhForas ach go ndáileann sé airgead agus go gcuidíonn sé, más fíor, le h-eagrais Ghaeilge atá ag obair sa ghort.

    Tá mise ag moladh go mbunófaí ciste agus struchtúr difriúil ón bhForas chun na meáin Ghaeilge a chur chun cinn. Go mbailímíd €1,000 ó gach sintiúisoir ach gur gá 1,000+ sintiúisóír. Go mbeidh an t-airgead á bhailiú uair sa mhí mar dochar díreach. Ansan, le ciste mar sin ar ár gcúl, déanfaimid plean le cheile

    Ach tuigim go bhfuil daoine ann a bheidh ag rá an plean a dhéanamh ar dtúis agus ansan an t-airgead a bhailiú. Sílim gur fearr i bhfad tosnú leis an ciste – ansan beidh níos mó speise sa phlean!

    Freagra
  10. langford

    Aire,
    Tá sé seo eolas do na daoine go léir a bhfuil suim acu mar chuideachta phríobháideach iasacht san Iodáil, cuirimid amach iasachtaí ag ráta úis íseal de 3% ar aon duine ar spéis.
    Cuirimid thíos na seirbhísí seo a leanas:
    Gnó iasachta
    Pearsanta Iasacht
    Auto Iasacht
    Aon iasacht eile
    Cuirimid ó 5,000.00 euro go 20 million euro, go tromchúiseach daoine minded.
    Déan teagmháil linn anois má tá suim agat.
    Teagmháil r-phost: langford_inccapitalhouse@live.com

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s