Ro mhall, a Aire

 

An tAire Forbartha Reigiúnda, Conor Murphy,  Janet Muller, POBAL, An Comhairleoir Tom Hartley, Ard Mhéara Bhéal Feirste, agus Fearghas O hÍr, Raidió Fáilte

An tAire Forbartha Reigiúnda, Conor Murphy, Janet Muller, POBAL, An Comhairleoir Tom Hartley, Ard Mhéara Bhéal Feirste, agus Fearghas O hÍr, Raidió Fáílte

Tá ard mholadh á fháil ag an Aire Forbartha Reigiúnda ó thuaidh ó Mháirtín Uí Mhuilleoir as ucht na ‘céimeanna praicticiúla’ atá á ghlacadh aige chun an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh maidir le h-obair a roinn. 

 

Maith go leor.  Sílim gur céimeanna praicticiúla iad, gan amhras, go mbeadh leaganacha Ghaeilge d’fhoirmeacha éagsúla ar fáil agus go mbeadh na cáipéisí eolais a éisíonn an Roinn trí Ghaeilge. 

Ar an droch uair, ní h-amháin nach doigh liom gur aon chúiteamh é an bheartas seo ó Aire Shinn Féineach ar an bhfeall a rinne ionadaithe an pháirtí ar bhórd Fhoras na Gaeilge ar Lá Nua.  

Níl a fhios agam an méid airgid a chosnóidh na beartais go léir atá á dhéanamh ag an Aire Murphy.  Níl a fhios agam ach an oiread an méid postanna i rannóg an aistriúcháin atá cruthaithe leis an mbeartas seo ach an oiread. 

Ach tá tuairim laidir agam gur caiteachas in aisce atá ann agus gur postanna gan ciall iad.  Ní chreidim go mbainfidh gnath Ghaeil úsáid as seirbhisí mar seo i nGaeilge.  Chuirfeadh sé íontas orm, mar shampla, dá n-iarrfadh an oiread daoine a cheannaigh Lá Nua gach lá – sa bhreis ar 1,500 ceannaitheoir – na foirmeacha Ghaeilge seo faoi dheireadh 2009.   

Ar shuíomh na Roinne, is beag tagairt atá déanta do na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge ón Roinn ach faigheann tú breis eolais má bhrúann tú cnaipe na Gaeilge i gcúinne na ‘malairt leaganacha’.

Ar ndóigh is maslach an chaint go raibh sé ‘i gceist ag an Roinn Talamhaíochta agus an Roinn Oideachais’ fograí i nGaeilge a chur i Lá Nua ach nár eirigh leo sin a dhéanamh de bharr gur dúnadh an nuachtán.    Tá na hAirí SF anois i gcumhacht le breis is 18 mhí – ba mhór an trua [agus an náire!] nár ghniomhaigh siad go raibh sé ró mhall teacht i gcabhair ar an nuachtán a chuir comhbhaill a bpáirtí, i dteannta le baill eile an Fhorais a votáil i gcoinne athnuachan chonradh don nuachtán laethúil, go gruinneall.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s