Is fearr imreas ná uaigneas….

Is cosúil gur mheall an méid a dúirt mé faoi ionsuithe Iosrael ar phobal na Palaistíne roinnt aischothú – ach ar shuíomh eile. 

Tá sean aithne agam ar Shéamus O Neachtain agus cé nach n-aontaím leis, tá meas agam air agus an obair atá ar bun aige ar son na Gaeilge i Nua-Eabhrac. 

Mar sin féin, nílim chun fanúint im thost nuair a dheineann sé clúmhilleadh orm.   Seo thíos an teachtaireacht a sheol mé chuig a shuíomh idirlíne nuair a léigh mé an méid a scrígh sé im thaobh. Nílim cinnte go bhfoilseoidh sé an teachtaireacht – b’fheidir go bhfuil galar na cinnsireachta ag leathadh ar fuaid an domhain nó b’fheidir go bhfuil droch iontaoibh agam as dhaoine na laethannta seo!  Cá bhfios ach go bhfuilim mícheart ach ar eagla na h-eagla….

Diúltaim go h-iomlán don lipéad ‘frith Iúdach’ a bhaist tú orm gan chúis.   Clúmhilleadh atá ann gan amhras.

Creidim gur íonsaí barbartha é íonsaí na nIosraelach ar phobal na Palaistíne i nGása ach, chomh maith le sin, cháin me na h-ionsuithe roicéid a bhí á dhéanamh ag Palaistínigh aintoisceacha ar chosmhuintir Iosrael.

Dúirt mé go gcreidim go bhfuil sé deacair a shamhlú go seasfadh an Teach Bhán le linn réimeas Obama leis na Palaistínigh agus Rahm Emanuel, ar de shlíocht Síónach creidim, ina cheann foirne ann.  Ach dúirt mé freisin gur feidir go mbeadh an ceangal seo á úsáid ag Obama chun tionchar a imirt ar na hIosraeiligh.  Is féidir go dtabharfadh Iosrael cluas do theachtaireacht níos crua ó Washington dá mba ó bhéal duine ar nós Emanuel a tháinig sé – ach níl a fhios agam. Beidh le feiceáil.

Tuairim é seo nach bhfuil frith Iúdach ach níl aon amhras orm go bhfuilim i gcoinne foreigean, foreigean na nIosraelach agus na bPalaistíneach cé go gcreidim go bhfuil ionsuithe Iosrael níos barbarthaí de bharr na h-armlóin atá acu. Coimhlint ‘David agus Goliath’ atá ann -an iarraidh seo is Palaistíneach é David seachas rí ar na Iúdaigh. Murar feidir le duine tuairim atá réasúnta agus tomhaiste a nochtadh gan canncráin idirlíne bheith ag baisteadh ‘frith Iúdaigh’ air, is olc an lá é.

Maidir le Rahm Emanuel agus a ‘shliocht Shíónach’, rinne mé roinnt taighde breise agus fuair mé an méid seo amach faoi athair Cheann Foirne Obama.  

Early and personal life

Emanuel was born in Chicago, Illinois.[5] His father, Benjamin M. Emanuel, a Jerusalem-born pediatrician, was a member of the Irgun

Agus cérbh iad an Irgun seo? 

Bhuel, seo a deir Wikipedia: 

Irgun (Hebrewארגון‎; shorthand for HaIrgun HaTzva’i HaLe’umi BeEretz Yisra’elהארגון הצבאי הלאומי בארץ ישראל, “National Military Organization in the Land of Israel”) was a militant Zionist group that operated in Palestine between 1931 and 1948. It was established as a militant offshoot of the earlier and largerJewish paramilitary organization Haganah (Hebrew: “The Defense”, ההגנה). For reasons of secrecy, people often referred to the Irgun, during that time, as Haganah Bet (Hebrew: literally “Defense ‘B’ ” or “Second Defense”, הגנה ב), or alternatively as Haganah Ha’leumit (ההגנה הלאומית) or Ha’ma’amad (המעמד). In present-day Israel, Irgun is commonly referred to as Etzel (אצ”ל), an acronym of the Hebrew initials.

The Irgun was the armed expression of the nascent ideology of Revisionist Zionism founded by Ze’ev Jabotinsky. He expressed this ideology as “every Jew had the right to enter Palestine; only active retaliation would deter the Arabs and the British; only Jewish armed force would ensure the Jewish state”.[1]Over time the focus of their actions shifted from the Palestinian Arabs to the British.[citation needed]

Some of the better-known attacks by Irgun were the bombing of the King David Hotel in Jerusalem on 22 July 1946 and the Deir Yassin massacre (accomplished together with the Stern Gang) on 9 April 1948. In the West, Irgun was described as a terrorist organization by The New York Times newspaper,[2][3]The Times (of London) [4][5], the British Broadcasting Corporation [6], the Anglo-American Committee of Enquiry[7], and prominent world and Jewish figures, such as Winston Churchill[8]Hannah ArendtAlbert Einstein, and many others.[9] Irgun attacks prompted a formal declaration from the World Zionist Congress in 1946, which strongly condemned “the shedding of innocent blood as a means of political warfare”.[10]

Irgun was a political predecessor to Israel’s right-wing Herut (or “Freedom”) party, which led to today’s Likud party. Likud has led or been part of most Israeli governments since 1977.

Ar ndóigh ní h-ionann an mac agus an athar. Ní gá a rá nach doigh liom gur ball faoi choim den Irgun é Rahm Emanuel.  Ach creidim, má bhaineann an Uachtarán úr úsáid as an ceann foirne go cliste, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh Iosrael níos mó d’eisteacht do theachtaireacht síochána ó Washington. 

2 thuairim ar “Is fearr imreas ná uaigneas….

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Ní miste liom argóintleat a Shéamuis ach nílim chun cur suas le lipéid páistiúla gan bunús ar nós ‘frith Iúdach’. Is léir ón méid a dúirt mé nach bhfuil sin fíor ach, ar an droch uair, is é sin an áit atá do chumas argóna siocaithe, cuireann sé an clós scoile i gcuimhne dhom…

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s